‘Tar liom ar Raidió na Gaeltachta go bpléimis seo’ – dúshlán Uí Chuív do McHugh faoi chaiteachas ar phleanáil teanga

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta inniu go bhfuil beagnach €1.7m á chur ar fáil ag a Roinn don phleanáíl teanga in 2018 ach maíonn an Teachta Dála Éamon Ó Cuív gur ‘trí nó ceithre chéad míle euro’ an ‘fíorchaiteachas’ a dhéanfar ar phleananna teanga i mbliana

‘Tar liom ar Raidió na Gaeltachta go bpléimis seo’ – dúshlán Uí Chuív do McHugh faoi chaiteachas ar phleanáil teanga

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta inniu go bhfuil beagnach €1.7m á chur ar fáil ag a Roinn in 2018 ar mhaithe leis an bpróiseas pleanála teanga a chur i bhfeidhm, ach deir an Teachta Dála Éamon Ó Cuív go bhfuil ‘eolas á cheilt i gcónaí’ faoin ‘bhfíorchaiteachas’ a dhéanfar i mbliana ar phleananna teanga.

teannas faoi cheist mhaoiniú an chórais pleanála teanga ag borradh le tamall idir an Teachta Dála agus an tAire Stáit agus bhrúcht an teannas sin an tseachtain seo nuair a shíuil Ó Cuív amach as cruinniú de chuid Choiste Oireachtais na Gaeilge agus cochall air.

Sular shiúil sé amach as an gcruinniú, d’fhiafraigh Ó Cuív den Aire Stáit cé mhéad airgid a bhí caite ar fheidhmiú pleananna teanga go dtí seo i mbliana, eolas a lorg sé ar dtús sa Dáil ar an 9 Bealtaine.

Dúirt an tAire Stáit McHugh roimhe seo go mbeadh €2.65 milliún ar fáil in 2018 “fá choinne pleananna a ullmhú agus a chur i bhfeidhm”.

Dúirt sé inniu gur €1.7m a bheadh ar fáil i mbliana d’Údarás na Gaeltachta agus d’Fhoras na Gaeilge le tacú leis na coistí pleanála teanga feidhm a thabhairt don phróiseas.

Dúirt Éamon Ó Cuív le Tuairisc.ie gur fháiltigh sé roimh “shoiléiriú” an Aire Stáit nach €2.6 milliún a bhí i gceist “dáiríre” le caiteachas na bliana seo ar an bpleanáil teanga, ach mhaígh an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil gur chóir don Aire Stáit a “admháil” anois gur “trí nó ceithre chéad míle euro an fíorchaiteachas a dhéanfar ar fheidhmiú na bpleananna teanga i mbliana”.

“Tá sé [an tAire Stáit McHugh] fós ag caint faoi airgead atá ceadaithe nó curtha ar fáil ach in ainneoin na gceisteanna uilig atá curtha agam air, níl aon eolas cruinn nó scála ama tugtha aige fós faoi cé mhéad airgid atá caite i mbliana agus cé mhéad airgid a chaithfear i mbliana ar fheidhmiú na bpleananna teanga féin.

“Is léir go bhfuil sé buartha faoi na ceisteanna seo agus fógra eile déanta inniu aige faoin maoiniú seo. Agus muid saor ón Dáil anois, ba mhaith liom cuireadh a thabhairt don Aire McHugh teacht liom ar Raidió na Gaeltachta chun an scéal seo a phlé agus a mhíniú don phobal,” a dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív le Tuairisc.ie.

D’fhógair an tAire Stáit McHugh inniu go ndáilfear €1,513,351 ar Údarás na Gaeltachta agus €156,600 ar Fhoras na Gaeilge i mbliana “chun cur ar a gcumas an próiseas pleanála teanga a bhrú chun cinn”.

Is é an tÚdarás atá freagrach as maoiniú a dháileadh ar choistí pleanála teanga na Gaeltachta agus an Foras atá freagrach as an bpróiseas lasmuigh den Ghaeltacht.

Dúirt an tAire Stáit McHugh go raibh “lúcháir” air an t-allúntas “suntasach” seo a chur ar fáil don Údarás agus don Fhoras “le go mbeidh siad in ann leanúint orthu ag tacú le feidhmiú rathúil an phróisis pleanála teanga”.

“Agus tús á chur le feidhmiú pleananna teanga i suas le 15 cheantar Gaeltachta i mbliana, tá an chuid is tábhachtaí den phróiseas bainte amach againn – is é sin feidhmiú pleananna ag leibhéal an phobail,” a dúirt an tAire Stáit Gaeltachta Joe McHugh.

Dúirt sé go mbeadh Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge “in ann maoiniú bliantúil a chur ar fáil do na ceantair atá réidh le tosú ag feidhmiú a bpleananna”.

Tá ocht bplean teanga ceadaithe faoin bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht go dtí seo agus €100,000 nó €150,000 ceadaithe do choistí pleanála teanga na n-ocht gceantar atá i gceist. Is iad na limistéir phleanála teanga sin ná: Cois Fharraige; Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir; Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh; Na Déise; Múscraí; Chiarraí Theas; Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh; agus Ciarraí Thiar. 

Tá na ceanneagraíochtaí sna ceantair sin i mbun ullmhúcháin faoi láthair chun a bpleananna a chur i bhfeidhm. Tá na pleananna teanga do cheithre limistéar eile á mbreithniú faoi láthair ag Roinn na Gaeltachta –  An Cheathrú Rua; Maigh Eo Thuaidh; Árainn Mhór; agus Conamara Láir.

Táthar ag súil leis go mbeidh pleananna i leith sé limistéar eile á gcur faoi bhráid na Roinne ag Údarás na Gaeltachta roimh dheireadh na bliana – Ceantar na nOileán; Ráth Chairn agus Baile Ghib; Dún na nGall Theas; Toraigh; Tuaisceart Dhún na nGall; agus Oileáin Árann. 

Táthar ag súil go mbeidh pleananna teanga na naoi gceantar eile faofa ag Roinn roimh 2020.

Fág freagra ar '‘Tar liom ar Raidió na Gaeltachta go bpléimis seo’ – dúshlán Uí Chuív do McHugh faoi chaiteachas ar phleanáil teanga'