‘Níl mé in ann cur suas níos mó le mugadh magadh, seachaint ceisteanna agus freagraí dothuigthe’ – McHugh faoi ionsaí ag Ó Cuív

Tá teannas ag borradh le tamall idir an Teachta Dála Éamon Ó Cuív agus Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh agus bhrúcht an teannas sin aréir i dTithe an Oireachtais

‘Níl mé in ann cur suas níos mó le mugadh magadh, seachaint ceisteanna agus freagraí dothuigthe’ – McHugh faoi ionsaí ag Ó Cuív

Tá Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh “á dhéanamh dodhéanta” d’urlabhraithe Gaeilge an fhreasúra a “jab a dhéanamh”, dar leis an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív.

Dúirt an t-iar-aire Gaeltachta an méid sin le Tuairisc.ie aréir i ndiaidh dó siúl amach as cruinniú coiste i dTithe an Oireachtais.

Spréach Ó Cuív ag an gcruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán mar gheall, a dúirt sé, nach raibh sé d’fhoighne aige a thuilleadh cur suas le “seachaint ceisteanna” Joe McHugh.

Mhaígh Ó Cuív chomh maith go mbíonn freagraí an Aire Stáit “ag dul ó thuiscint air” agus gur “mugadh magadh an scéal ar fad”.

 

Tá teannas ag borradh le tamall idir an Teachta Dála agus an tAire Stáit ag ceisteanna Dála agus bhrúcht an teannas sin aréir agus maoiniú an chórais pleanála teanga á phlé ag an gcruinniú  de chuid Choiste Oireachtais na Gaeilge.

Sular shiúil sé amach as an gcruinniú, d’fhiafraigh Ó Cuív den Aire Stáit cé mhéad airgid a bhí caite ar fheidhmiú pleananna teanga go dtí seo i mbliana, eolas a lorg sé ar dtús sa Dáil ar an 9 Bealtaine.

 

An lá sin, b’éigean don Cheann Comhairle eadráin a dhéanamh idir an Teachta Dála agus an tAire Stáit.

Agus maoiniú na pleanála teanga á phlé sa Dáil, chuir Ó Cuív i leith McHugh i mí Bealtaine go mbíonn sé “ag meilt ama gach uair a bhíonn ceisteanna againn” agus go bhfreagraíonn sé “gach ceist ach amháin an cheist a chuirtear air”.

Agus an frustrachas ag fáil an ceann is fearr ar Ó Cuív an lá sin, d’aontaigh an Ceann Comhairle leis go raibh “an cheist soiléir”.

Theip ar fhoighne Uí Chuív arís sa Dáil ar an 21 Meitheamh agus eolas á lorg arís aige faoin méid airgid atá caite ar fheidhmiú na bpleananna teanga.

“An bhféadfá a rá liom, mar a d’iarr mé, ceist an-simplí í, cé mhéad airgead atá ceadaithe do na pleananna atá faofa ag an Aire Stáit cothrom le dáta atá le caitheamh i mbliana? Uimhir a dó, cé mhéad de sin atá caite cothrom le dáta? Glacaim leis go bhfuil a fhios ag an Aire gurb é seo an 21 lá de Mheitheamh 2018,” arsa Ó Cuív sa Dáil an mhí seo caite.

Mar fhreagra air sin, dúirt an tAire Stáit McHugh go mbeadh €2.65 milliún ar fáil in 2018 “fá choinne plean a ullmhú agus a chur i bhfeidhm”.

Mhaígh Ó Cuív go raibh “rudaí eile i gceist” leis an gcaiteachas €2.65 milliún sin seachas caiteachas ar na pleananna teanga agus thagair sé do scéalta a foilsíodh ar an suíomh seo faoin gcaiteachas atá déanta ar an bpleanáil teanga.

Maidir le ceist Uí Chuív faoin méid airgid atá caite ar phleananna teanga a chur i bhfeidhm, dúirt McHugh sa Dáil i mí an Mheithimh nach raibh sé féin ná a Roinn freagrach as an airgead a dháileadh ar na coistí pleanála teanga agus nach raibh an t-eolas sin aige dá réir.

“Táim ag fanacht ar na billí ó Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge, dá bharr níl a fhios agam inniu cé mhéad a bheidh i gceist,” a dúirt sé ar an 21 Meitheamh.

Gheall an tAire Stáit an lá sin go bhfaigheadh sé amach faoi “sonraí na mbillí a bheidh ag teacht ó Fhoras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta”  agus go gcuirfeadh sé an t-eolas a bhí uaidh ar fáil don Teachta Dála.

Dheimhnigh Ó Cuív do Tuairisc.ie aréir nach bhfuair sé an t-eolas a bhí uaidh ón Aire ina dhiaidh sin agus dúirt gurbh in an chúis gur chuir sé an cheist chéanna ag cruinniú na hoíche aréir ar an Aire Stáit agus gur shiúil sé amach nuair a tugadh an freagra céanna arís air.

Dúirt Ó Cuív gur cuma má tá €2.6 milliún curtha ar leataobh don phleanáil teanga i mbliana mar gur léir nach gcaithfear in 2018 ach “roinnt céadta míle” ar fheidhmiú na bpleananna teanga féin.

Dúirt sé gur léir go bhfuil “faitíos” ar an Aire Stáit an méid sin a admháil.

Tá ocht bplean teanga ceadaithe faoin bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht go dtí seo agus €100,000 nó €150,000 ceadaithe do choistí pleanála teanga na n-ocht gceantar atá i gceist. Is iad na limistéir phleanála teanga sin ná a: Cois Fharraige; Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir; Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh; Na Déise; Múscraí; Chiarraí Theas; Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh; agus Ciarraí Thiar.

Tá na ceanneagraíochtaí sna ceantair sin i mbun ullmhúcháin faoi láthair chun a bpleananna a chur i bhfeidhm. Tá na pleananna teanga do cheithre limistéar eile á mbreithniú faoi láthair ag Roinn na Gaeltachta –  An Cheathrú Rua; Maigh Eo Thuaidh; Árainn Mhór; agus Conamara Láir.

Táthar ag súil leis go mbeidh pleananna i leith sé limistéar eile á gcur faoi bhráid na Roinne ag Údarás na Gaeltachta roimh dheireadh na bliana – Ceantar na nOileán; Ráth Chairn agus Baile Ghib; Dún na nGall Theas; Toraigh; Tuaisceart Dhún na nGall; agus Oileáin Árann. 

Táthar ag súil go mbeidh pleananna teanga na naoi gceantar eile faofa ag Roinn roimh 2020.

Fág freagra ar '‘Níl mé in ann cur suas níos mó le mugadh magadh, seachaint ceisteanna agus freagraí dothuigthe’ – McHugh faoi ionsaí ag Ó Cuív'