‘Cur i gcéill ar fad’ atá i gceist leis an gcaiteachas ar an bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht

Tá briseadh síos tugtha ag Roinn na Gaeltachta ar chaiteachas atá a lua leis an bpleanáil teanga

‘Cur i gcéill ar fad’ atá i gceist leis an gcaiteachas ar an bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht

Tá ráite ag  iar-aire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív gur “cur i gcéill ar fad” atá i gceist leis an gcaiteachas atá á dhéanamh ar an bpleanáil teanga i bhfianaise figiúirí nua atá faighte ag Tuairisc.ie.

Thug Aire Stáit na Gaeltachta le fios an tseachtain seo caite gur caitheadh €3.3 milliún idir 2014-2017 ar an bpróiseas pleanála teanga, ach de réir figiúirí eile a fuair Tuairisc.ie ó Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge níl caite ar phleananna teanga na 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta go dtí seo ach €654,000 agus níl caite ar an bpróiseas lasmuigh den Ghaeltacht ach €65,000.

Léiríonn na figiúirí is déanaí atá faighte ag Tuairisc.ie ó Roinn na Gaeltachta gur caitheadh an chuid eile den €3.47 milliún a luaigh an tAire Stáit  leis an gcaiteachas ar phleanáil teanga idir 2014-2017 ar thograí a bhain le scéimeanna tacaíochta Gaeilge na Roinne, lena Scéim Seirbhíse Réamhscoile agus Iarscoile, le pacáistí tacaíochta teaghlaigh agus le réimsí caiteachais eile.

2014
Údarás na Gaeltachta 200,000
Tuismitheoirí na Gaeltachta 39,547
Pacáiste Tacaíochta Teaghlaigh 26,192
Scéim Seirbhíse Réamhscoile agus Iarscoile 89,710
Fibín 6,650
Céim Aniar 15,000
Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge 122,780
Iomlán 499,879
2015
Údarás na Gaeltachta 259,875
Tuismitheoirí na Gaeltachta 40,000
Scéim Seirbhíse Réamhscoile agus Iarscoile 98,614
Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge 147,511
Iomlán 546,000
2016
Údarás na Gaeltachta 340,125
Tuismitheoirí na Gaeltachta 40,000
Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge 482,885
Scéim Seirbhíse Réamhscoile agus Iarscoile 100,052
Pacáiste Tacaíochta Teaghlaigh 36,215
Iomlán 999,277
2017
Údarás na Gaeltachta 735,000
Foras na Gaeilge 81,553
Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge 613,000
Iomlán 1,429,553
Móriomlán 3,474,709

Mar mhíniú ar an mbearna idir an caiteachas thart ar €700,000 ar an bpróiseas pleanála teanga féin agus an caiteachas de bhreis is €3.3 milliún a luaigh an tAire Stáit leis an bpleanáil teanga, dúirt urlabhraí ón Roinn, “in éindí leis an maoiniú a cuireadh ar fáil don Údarás agus don Fhoras chun an próiseas pleanála teanga a bhrú chun cinn thar an tréimhse thíosluaite,  baineadh leas as an gciste chomh maith chun bearta eile a mhaoiniú ar leas fheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus na pleanála teanga i gcoitinne”.

Dúirt Éamon Ó Cuív,  an t-iar-aire Gaeltachta agus an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, le Tuairisc.ie áfach go raibh “formhór” na mbeart eile sin a luaigh an Roinn “á maoiniú i gcónaí” agus go mbeidís “á maoiniú is cuma mura mbeadh ann don Straitéis nó don phleanáil teanga”.

“Tá sé soiléir anois gur cur i gcéill ar fad atá i gceist leis an gcaiteachas seo agus go bhfuil fíorbheagán á chaitheamh dáiríre ar an bpleanáil teanga. Tá rudaí á lua mar chaiteachas ar an bpleanáil teanga agus ar an Straitéis 20 Bliain ar rudaí seanbhunaithe iad agus nach bhfuil aon bhaint dáiríre acu le pleananna teanga. Bhí an caiteachas seo ann riamh agus é i bhfad níos tréine ná mar atá anois.

“Má bhreathnaíonn tú siar ar na meastacháin is amhlaidh go mbíodh i bhfad níos mó airgid á chaitheamh ar na rudaí seanbhunaithe sin ná mar atá anois. Tá fíorbheagán airgid breise i gceist anseo agus níl aon cheist ach gur cur i gcéill atá ann agus aon rud beag breise atá ann don phleanáil teanga nó don Straitéis, is sciobtha ó chaiteachas eile atá sé: á bhaint anseo agus á chur thall, ” a dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív.

Dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Peadar Tóibín le Tuairisc.ie tráthnóna inné gur “suarach an méid atá caite ar phleanáil teanga go dtí seo– go háirithe nuair nach raibh go leor sa mhéid a bhí geallta ar an gcéad dul síos”.

“Ní hamháin nach bhfuil ag éirí le Joe McHugh buiséad na Gaeltachta a chosaint ar chor ar bith – níl sé in ann ach giota bheag den airgead atá aige a chaitheamh san earnáil áirithe seo ina roinn féin.  Ní leor an cur chuige laissez-faire seo,” a dúirt Peadar Tóibín.

Tá briseadh síos iarrtha ag Tuairisc.ie ar Údarás na Gaeltachta ar an €850,000 a cheadaigh an Roinn dóibh nár caitheadh ar an bpróiseas pleanála teanga féin é.  

Tá briseadh síos iarrtha againn chomh maith ar Roinn na Gaeltachta ar an gcaiteachas, de réir an deontais agus méad an deontais, a bhí i gceist leis an mbeagnach €1 milliún a íocadh faoi ‘Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge’ idir 2014-2017.

Fág freagra ar '‘Cur i gcéill ar fad’ atá i gceist leis an gcaiteachas ar an bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    D’aithneodh Éamonn ‘cur i gcéill’. Bhí neart dhó ar bun aige féin ina Aire Gaeltachta – na spriocanna seafóideacha gan bunús ar bith a leag sé amach don ‘Stáitéis 20 Bliain don Ghaeilge’.