‘Frustrachas’ ag baint le bheith ag iarraidh freagraí Joe McHugh sa Dáil ‘a thuiscint’ – Ó Cuív

Deir an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív go mbíonn deacrachtaí móra aige ‘ciall’ a bhaint as freagraí an Aire Stáit Gaeltachta Joe McHugh sa Dáil

‘Frustrachas’ ag baint le bheith ag iarraidh freagraí Joe McHugh sa Dáil ‘a thuiscint’ – Ó Cuív

Tá ráite ag an iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív go mbaineann “frustrachas” mór le bheith ag plé leis an Aire Stáit Gaeltachta sa Dáil mar gur “deacair é a thuiscint”.

Thagair an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil faoi dhó an tseachtain seo do na deacrachtaí a deir sé a bhíonn aige ag iarraidh eolas agus freagraí intuigthe a fháil ón Aire Stáit Joe McHugh. Ba le linn plé faoi bhuiséad Roinn na Gaeltachta a thagair Ó Cuív don ‘bhfrustrachas’ a bhaineann le caint an Aire Stáit.

“Is dócha gur ormsa atá sé, ach bíonn sé deacair scaití an méid atá á rá ag an Aire Stáit a thuiscint,” a dúirt Ó Cuív.

Ina dhiaidh sin, agus Bliain na Gaeilge 2018 á plé, chuir Ó Cuív i leith an Aire Stáit arís nach bhfreagraíonn sé na ceisteanna a chuirtear air.

Bíonn frustrachas iomlán orm nuair a chuirim ceisteanna ar an Aire Stáit mar ní fhreagraíonn sé aon cheist a chuirtear air. Labhraíonn sé i gcónaí faoi rudaí eile ar fad. Glacaim leis nach bhfuil a fhios aige céard as a dtáinig an t-airgead [do Bhliain na Gaeilge] agus glacaim leis nach bhfuil a fhios aige céard air a gcaithfear an t-airgead,” a dúirt Ó Cuív.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt an Teachta Dála gur “cuma leis faoin tráth seo an i mBéarla nó i nGaeilge” a fhreagraíonn an tAire na ceisteanna fad is gur féidir na freagraí sin a thuiscint agus go dtugtar dó an t-eolas atá á lorg.

“Bíonn sé an-deacair é a thuiscint. D’fhoghlaim an fear a bhí ann roimhe sa phost, Seán Kyne, Gaeilge freisin agus ní raibh aon fhadhb agam é sin a thuiscint.

“Ach ní dóigh liom gur ceist chanúna í seo. Glacaim leis gur d’aon turas a dhéanann sé é mar níl aon mhíniú eile ar cén fáth nach mbíonn baint le hábhar ar chor ar bith ag na freagraí a thugann sé, nó níl aon mhíniú eile ar cén fáth go mbíonn sé ag léamh amach rudaí a bhaineann le ceisteanna eile ar fad,” a dúirt Éamon Ó Cuív le Tuairisc.ie.

Luaigh an Teachta Dála dhá cheist a chuir sé ar an Aire Stáit an tseachtain seo mar fhianaise ar na deacrachtaí a bhaineann, dar leis, le bheith ag iarraidh “ciall” a bhaint as freagraí an Aire.

Bhain ceann de na ceisteanna sin le buiséad Roinn na Gaeltachta idir 2016-2018.

Bhain an dara ceist leis an €450,000 atá á chaitheamh ar Bhliain na Gaeilge agus le foinse an airgid sin.

Mar fhreagra ar an gceist sin, ghabh an tAire Stáit buíochas le Conradh na Gaeilge  as  an “smaoineamh thar barr” Bliain na Gaeilge a reáchtáil agus luaigh sé i measc rudaí eile daoine a casadh air sa bhaile le linn na Nollag atá “ag iarraidh plean difriúil agus togra ar son na teanga fosta”. Bhí teachtaireacht ag an Aire Stáit ina fhreagra chomh maith.

“Is í mo theachtaireacht inniu ná go bhfuil cuid mhór oibre ar son an teanga indéanta taobh amuigh de rudaí a bhaineann le cúrsaí airgid. Mar shampla, bhí daoine i gCiarraí i dteagmháil liom ag iarraidh ciorcal comhrá agus ní bheidh aon airgead de dhíth leis sin,” a dúirt an tAire Stáit McHugh.

Dúirt McHugh freisin go raibh fáilte i gcónaí aige roimh “smaointe” do thograí teanga.

“Dá mbeadh smaointe ag daoine taobh amuigh den cheantar, bheadh airgead sa Roinn. Dá mbeadh smaointe i nGaillimh ná sna ceantair éagsúla, bheadh mise sásta iad a fheiceáil,” a dúirt sé.

Dúirt an tAire Stáit faoi dheireadh gur ag Foras na Gaeilge atá buiséad Bhliain na Gaeilge, ach maíonn Ó Cuív gur deineadh neamhaird d’éirim a cheiste.

“Tóg an dá cheist sin, mar shampla. Is é bun agus barr an scéil ná go bhfuil milliún euro níos lú i mbliana ag Roinn na Gaeltachta ná mar a bhí nuair a tháinig an Rialtas isteach, agus an t-airgead seo do Bhliain na Gaeilge ní airgead nua ón Rialtas é ach airgead a bhí sa bhuiséad cheana atá á athdháileadh anois ag Foras na Gaeilge,” a dúirt Ó Cuív le Tuairisc.ie.

Fág freagra ar '‘Frustrachas’ ag baint le bheith ag iarraidh freagraí Joe McHugh sa Dáil ‘a thuiscint’ – Ó Cuív'

  • Páidí

    Níl suim aige ach i bhfoghlaimeoirí na Gaeilge agus ina ‘aistear teanga’ féin (nach bhfuil thart mar ní féidir bun ná barr a dhéanamh dá chuid ráiteas – an ceart ag Ó Cuív). Is trua nár fágadh Seán Kyne sa phost – fear a bhí in ann déileáil mar is ceart le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta agus a thuigeann an pobal sin.