TAISTEAL: Mí i Meicsiceo – bia sráide blasta, eachtraí iontacha agus daoine galánta 

Den chéad uair le fada, bhí go leor de mhuintir na hÉireann thar lear ar laethanta saoire an samhradh seo. San alt taistil deireanach sa tsraith seo, tá cur síos againn ar mhí i Meicsiceo

TAISTEAL: Mí i Meicsiceo – bia sráide blasta, eachtraí iontacha agus daoine galánta 

Is fada an lá fonn orm taisteal thart ar Mheicsiceo. Ní thiocfadh liom a bheith iomlán cruinn faoin gcúis a bhí leis an mhian sin, nuair a d’fhiosraíodh daoine, ach mhothaigh mé i gcónaí go dtaitneodh bia, dathanna agus cultúr na tíre liom. 

Bhí an ceart ar fad agam. 

 

Chaith mé beagnach ceithre seachtaine le déanaí i Meicsiceo ar mo chuid laethanta saoire agus thaitin achan bhomaite a chaith mé ann go mór liom. 

Chaith muid seachtain i dtús báire i gcathair Mheicsiceo sular bhog muid ar aghaidh go baile ar chósta an Aigéin Chiúin, darb ainm Puerto Escondido. As sin, chuaigh muid go baile beag sna sléibhte darb ainm San José del Pacifico agus ar aghaidh ansin go cathair Oaxaca. Thaistil muid go cósta Mhuir Chairib ar deireadh le cuairt a thabhairt ar Cancun ar dtús agus ansin Tulum.

Ar bhealach, ní gnáthshaoire a bhí ann cionn is gur tús a bhí ann le haistear s’agamsa thart ar Mheiriceá Láir agus Meiriceá Theas as seo go ceann cúpla mí, ach i mo bharúil féin ní fhéadfainn tús níos fearr a chur leis an turas sin.

 

Ar chuid de na heispéiris is fearr a bhí agam le linn mo chuid ama i Meicsiceo, bhí eitilt i mbalún aer te os cionn phirimidí Teotihuacán, cúrsa cócaireachta bia réamh-Easpáinneach, uaireanta an chloig ar an trá ag léamh leabhar agus trí oíche i ndiaidh a chéile i dteach tábhairne a raibh a cháil amuigh mar gheall ar na margaritas agus an ceol beo agus na damhsóirí flamenco.

Ní dóigh liom go dtig barraíocht tacos a ithe ach is cinnte go ndearna mé iarracht. Thriail muid bia sráide agus achan cuid de bhia traidisiúnta na gceantar éagsúil a thiocfadh linn. Bhí achan bhalla, coirnéal agus leac fuinneoige sna bailte móra péinteáilte i ndathanna geala agus ní thiocfadh leis na radharcanna ildaite sin ach gliondar a chur ar do chroí. Chuir mé an dúspéis in achan phíosa eolais faoi stair agus cultúr na tíre agus d’fhoghlaim mé cuid mhór faoi shibhialtachtaí ársa Mheicsiceo agus an oiread sin de thionchar a bhí acu ar dhomhan an lae inniu. 

 

Is dócha gurbh é an chuid den turas nár smaoinigh mé faoi roimh ré ná na daoine. Bhuail muid le daoine flaithiúla in achan chuid de Mheicsiceo a lig domsa mo chuid Spáinnise bunúsaí a úsáid leo agus a chuir fáilte mhór chroíúil romhainn mar Éireannaigh i gcónaí.

Is cinnte gur chosain an lóistín níos lú ná mar a chosnódh sé in Éirinn. Bhí roinnt béilte daora againn ach i ndeireadh na dála, mhothaigh mé go raibh níos mó roghanna de bhéilte saora againn ná mar a bheadh in Éirinn, a bhuíochas do chultúr an bhia sráide. Bhí praghsanna arda ar chuid de na himeachtaí turasóireachta dar ndóigh ach ar an mhórchuid fuair mé luach mo chuid airgid. Beagnach ceithre seachtaine a bhí againn i Meicsiceo agus  mhothaíos go raibh beagnach ceithre mhí agam ann mar gheall ar líon na n-eachtraí dochreidte agus líon na ndaoine galánta ar bhuail mé leo. Tá cuimhní saoil anois agam, cuimhní a spreagfaidh mo chéad turas eile go Meicsiceo.

 

Fág freagra ar 'TAISTEAL: Mí i Meicsiceo – bia sráide blasta, eachtraí iontacha agus daoine galánta '