Tagairt ‘fhánach’ do ‘unique role’ OÉG ó thaobh na Gaeilge luaite le fógra phost an Uachtaráin

Dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív nach gcuirfidh fógra an phoist isteach ‘ar chor ar bith’ ar an reachtaíocht atá dréachtaithe aige d’fhonn a chinntiú go mbeidh uachtaráin na hollscoile ina gcainteoirí Gaeilge feasta

Tagairt ‘fhánach’ do ‘unique role’ OÉG ó thaobh na Gaeilge luaite le fógra phost an Uachtaráin

Tá tús curtha ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh leis an bpróiseas earcaíochta do phost an uachtaráin san ollscoil agus an comhlacht idirnáisiúnta Perret Laver fostaithe acu chun an próiseas a stiúradh.

Tá conspóid ann faoi phost an uachtaráin in OÉ, Gaillimh ó tuairiscíodh anseo ar dtús gur ghlac Údarás na hOllscoile cinneadh mí na Nollag seo caite deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge, a d’fhág go mbíodh líofacht sa Ghaeilge i gcónaí ag an uachtarán.

Dúradh gur glacadh an cinneadh lena chinntiú go bhféadfadh aon iarrthóir ‘ardcháilithe’ in Éirinn nó thar lear cur isteach ar an bpost.

Déanann Perret Laver próisis earcaíochta a láimhseáil d’ollscoileanna ar fud an domhain, agus maíonn an comhlacht gur iarrthóirí thar tír isteach iad 50% de na daoine a earcaítear de thoradh a gcuid saothar.

San eolas a chuirtear ar fáil ar shuíomh idirlín Perret Laver d’iarratasóirí ar an bhfolúntas, deirtear go bhfuil “unique role” ag OÉG “in the Irish higher education sector to promote and support the Irish language and culture”. 

Tugtar le fios d’iarratasóirí go bhfuil bileog eolais ar fáil i nGaeilge freisin ‘on request’.

Tá tagairt don Ghaeilge chomh maith san fhíseán ‘Welcome to NUI Galway’ atá foilsithe san fhógra folúntais. Deirtear san fhíseán sin, ‘Rooted in the Gaeltacht, we serve, support and celebrate Irish language culture at home and abroad’.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív a bhfuil Bille nua á chur chun cinn aige a dhéanfadh leasú ar Acht an Choláiste Ollscoile, Gaillimh 2006 a chinnteodh go mbeadh uachtaráin na hollscoile ina gcainteoirí Gaeilge feasta, gur tagairt ‘fhánach’ an tagairt don Ghaeilge atá luaite leis an bhfolúntas.

Dúirt sé nach bhfuil an tagairt sin “sásúil” ar chor ar bith agus gur léirigh an fógra an gá leis an reachtaíocht a bheachtú.

“Deir siad go bhfuil ‘unique role’ acu ach is é atá i gceist ná dualgas reachtúil cúrsaí a sholáthar i nGaeilge. Deir siad go mbíonn ceiliúradh á dhéanamh acu ar an nGaeilge, ach an mbíonn lucht an Bhéarla ag ceiliúradh na seirbhísí a chuireann siad ar fáil i mBéarla?” a dúirt Ó Cuív le Tuairisc.ie.

Dúirt an Teachta Dála nach gcuirfidh fógra an phoist isteach “ar chor ar bith” ar an reachtaíocht atá dréachtaithe aige agus go bhfuil súil aige go mbainfidh an reachtaíocht sin an chéad chéim eile amach i dTithe an Oireachtais i ndiaidh shos na Cásca.

Is é an 11 Bealtaine an sprioclá atá luaite le hiarratais ar an bpost.

Ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán le déanaí, dúirt Uachtarán reatha na hollscoile, Jim Browne, go mbeadh tiomantas OÉ, Gaillimh do chur chun cinn na Gaeilge “soiléir” san fhógra poist don uachtaránacht.

Údar “díomá” d’Iognáid Ó Muircheartaigh, iar-uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ab ea an cinneadh deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge a bhaineann le post an Uachtaráin san Ollscoil sin.

Chuir Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge tuairisc faoi bhráid Chomhairle Acadúil OÉ, Gaillimh ag cur in aghaidh an chinnidh deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge do phost an uachtaráin san institiúid tríú leibhéal.

Sa tuairisc sin dúradh go mbaineann cinneadh Údarás na hOllscoile “an bonn” den Ollscoil mar “champas eiseamláireach dátheangach”.

Cháin polaiteoirí de chuid an fhreasúra an cinneadh chomh maith, ach dúirt an tAire Oideachais Richard Bruton nach raibh “faic” aige “i gcoinne” chinneadh Údarás na hOllscoile deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge agus mhol sé lucht na hOllscoile sa Ghaillimh as a “bhfíorthiomantas” don Ghaeilge.