An bonn á bhaint de ‘champas dátheangach’ OÉ, Gaillimh – aighneacht Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge

Chuir Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge tuairisc faoi bhráid Chomhairle Acadúil, OÉ, Gaillimh inné, ag cur in aghaidh chinneadh na hOllscoile deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge do phost an uachtaráin

An bonn á bhaint de ‘champas dátheangach’ OÉ, Gaillimh – aighneacht Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge

Tá tuairisc curtha faoi bhráid Chomhairle Acadúil OÉ, Gaillimh ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ag cur in aghaidh an chinnidh deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge do phost an uachtaráin san institiúid tríú leibhéal.

Sa tuairisc, a bhfuil cóip di feicthe ag Tuairisc.ie, deirtear go mbaineann cinneadh Údarás na hOllscoile “an bonn” den Ollscoil mar “champas eiseamláireach dátheangach”.

“Ní bheadh brí le campas eiseamláireach dátheangach mura mbeadh ceannaireacht shoiléir sa réimse seo ó phríomhoifigeach na hinstitiúide,” a deirtear.

Deirtear chomh maith go bhfuil an cinneadh ag teacht salach “ar dhea-chleachtas acadúil idirnáisiúnta maidir le pleanáil stádais agus pleanáil úsáide teanga”.

“Mura bhfuil Gaeilge ag an Uachtarán is deacair a bheith ag súil le heiseamláir ón mbarr anuas, ceannaireacht atá criticiúil do chultúr folláin dátheangach in institiúid mhór fearacht OÉ Gaillimh,” a deirtear sa tuairisc a ullmhaíodh mar thoradh ar shraith cruinnithe a bhí ag foireann an Acadaimh le déanaí.

Maítear sa tuarascáil go mbeadh “drochthionchar” ag an gcinneadh “ar an riachtanas teanga a luafaí le poist eile san Ollscoil, idir acadúil agus riarachán”.

“Thabharfadh an cinneadh le tuiscint go díreach agus go hindíreach gurbh iarrthóirí den dara grád iad iarrthóirí le Gaeilge ar a leithéid de phost. Dar le roinnt ball foirne gurb é tátal an chinnidh nach ionann uaillmhian ar scála domhanda agus urraim don dúchas,” a deirtear.

Maítear go bhfuil “díluacháil agus dochar” déanta ag an gcinneadh “don cháil náisiúnta” atá ar an Ollscoil “i leith shaothrú na Gaeilge mar ábhar léinn agus mar theanga oibre”.

Deirtear chomh maith go lagódh an cinneadh “stádas an Acadaimh féin mar phríomhsholáthróir náisiúnta na hOllscolaíochta Gaeilge mar go bhfuil an stádas reatha úd fite fuaite i dtiomantas chinnireacht OÉ Gaillimh don Ghaeilge”.

Tá foireann an Acadaimh buartha chomh maith go mbeadh “drochthionchar” ag an gcinneadh ar a gcaidreamh le ranna agus gníomhaireachtaí stáit i dtaobh na pleanála teanga sa Ghaeltacht.

Mar shampla eile den lorg a d’fhágfadh an cinneadh ar stádas na teanga san Ollscoil, luaitear “an fhíorthábhacht” a bhaineann le Gaeilge a bheith ag Uachtarán na hollscoile ag ócáidí poiblí amhail na Searmanais Bronnta Céimeanna.

Táthar den tuairim chomh maith go bhfuil “seans láidir go sáródh a leithéid de chinneadh dualgais reachtúla atá ar an Ollscoil de bhun fhorálacha na scéimeanna teanga atá daingnithe agus feidhmithe cheana san Ollscoil faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003”.

Cuireadh an tuairisc i dtoll a chéile, mar thoradh ar an bplé faoi chinneadh Údarás na hOllscoile a rinneadh ag sraith cruinnithe foirne a bhí ag an Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge le dhá mhí anuas.

Ag na cruinnithe sin, léirigh baill foirne an Acadaimh “díomá agus míshásamh d’aon ghuth” faoin gcinneadh deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge do phost an uachtaráin san Ollscoil agus faoin mbealach ar thángthas ar an gcinneadh sin.

Dar le baill foirne an Acadaimh “go luíonn sé le réasún go dtiocfadh lagú de réir a chéile ar stádas institiúideach teanga murar léir do lucht na hinstitiúide sin go mbíonn an teanga á saothrú ag an leibhéal ceannaireachta is airde”.

Deirtear sa tuairisc gur maith a thuigtear an tábhacht a bhaineann leis an iolrachas agus leis an ngné idirnáisiúnta den ardoideachas, ach moltar “siosmaid agus stuaim a chur ag obair san anailís faoi cheannaireacht teanga institiúideach in OÉ Gaillimh”.

Tarraingítear, sa tuairisc a scaipeadh ar bhaill Chomhairle Acadúil na hOllscoile inné, ar shaothar sochtheangeolaithe agus teangeolaithe mór le rá chun tacú le hargóintí an Acadaimh.

Ag tagairt do théarma a bhíonn sa treis ag an teangeolaí Stephen May, deirtear gur “gníomh mí-aitheantais” atá sa chinneadh deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge do phost an uachtaráin.

Tá ráiteas sa tuairisc chomh maith ón leabhar Vanishing Voices: The Extinction of the World’s Language le Daniel Nettle agus Suzanne Romaine a thugann le fios gurbh é an t-aonteangachas an toradh a bheidh ar chinneadh na hOllscoile, dar le foireann an Acadaimh.

‘It has been said that bilingualism cannot be shoved down people’s throats. Neither should monolingualism, either by fiat or benign neglect.’

Deirtear sa tuairisc “go bhfuil traidisiún ar leith, clár eisceachtúil gnímh agus fís shoiléir acadúil ag OÉ Gaillimh don ollscolaíocht Ghaeilge” agus gur léir go mbíonn pobal na teanga ag súil “le ceannródaíocht léinn i réimse na Gaeilge” ón Ollscoil.

“Ba chuí agus ba thairbheach mar sin go raibh inniúlacht sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon luaite mar riachtanas teanga le ceapachán Uachtarán na hOllscoile ó 1929 i leith,” a deirtear.

Maítear go bhféadfadh aon athrú ar stádas teanga “ugach a thabhairt do phobal” maidir le húsáid na teanga sin “nó tabhairt orthu cúl a thabhairt do chineál teanga seachas a chéile”.

Tuigtear do Tuairisc.ie gur cuireadh aighneacht an Acadaimh faoi bhráid Chomhairle Acadúil na hOllscoile inné. Tá sraith moltaí déanta sa tuairisc chomh maith faoi conas treisiú le stádas na Gaeilge san Ollscoil.

Moltar ag deireadh na haighneachta go mbeadh cur chun cinn na Gaeilge i measc “luachanna ceannaireachta” na hOllscoile.

“Fúinne atá sé ár leagan féin den dúchas agus den fhéiniúlacht a léiriú inár gcuid léinn, fúinne atá sé na luachanna is mian linn a chur chun cinn a aithint agus a bheith bródúil astu, fúinne atá sé na luachanna ceannaireachta a theastaíonn ón Ollscoil a áireamh go muiníneach don aimsir amach romhainn.

“Creidimidne, foireann uile Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, gur cheart go mbeadh an Ghaeilge i measc na luachanna úd.”

Ba i mí na Nollag na bliana seo caite a tuairiscíodh ar dtús anseo go raibh deireadh á chur ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, leis an riachtanas Gaeilge a bhaineann le post Uachtarán na hOllscoile.

Mheas siadsan a bhí ar son an athraithe gur bac a bhí sa riachtanas teanga ar dhaoine cur isteach ar an bpost, go háirithe iarrthóirí ó chríocha thar lear.

Dúradh chomh maith go raibh an baol ann nach gcuirfeadh na hiarrthóirí is fearr ar fud an domhain isteach ar an bpost sa chás go gcoimeádfaí an riachtanas Gaeilge.

Dúirt an tAire Oideachais Richard Bruton sa Dáil an mhí seo caite nach bhfuil “faic” aige “i gcoinne” chinneadh Údarás na hOllscoile deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge a bhaineann le post an Uachtaráin sa choláiste.

Chuir baill foirne Choláiste na nDán in OÉ, Gaillimh achainí faoi bhráid Údarás na hOllscoile an tseachtain seo caite, achainí ina n-éilítear go gcuirfí ar ceal an cinneadh conspóideach. 

Pléadh ag cruinniú d’Údarás na hOllscoile a bhí ar siúl Dé hAoine seo caite, an bille atá dréachtaithe ag an Teachta Dála Éamon Ó Cuív lena chinntiú go mbeadh Gaeilge líofa ag uachtaráin na hollscoile.