Bille Uí Chuív maidir le riachtanas Gaeilge pléite ag cruinniú d’Údarás OÉ, Gaillimh

Pléadh ag an gcruinniú an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag bille Uí Chuív ar an bpróiseas earcaíochta d’uachtarán nua, ach níor deineadh aon chinneadh maidir le seasamh an Údaráis i leith na reachtaíochta

Bille Uí Chuív maidir le riachtanas Gaeilge pléite ag cruinniú d’Údarás OÉ, Gaillimh

Pléadh inniu ag cruinniú d’Údarás Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, an bille atá dréachtaithe ag an Teachta Dála Éamon Ó Cuív lena chinntiú go mbeadh Gaeilge líofa ag uachtaráin na hollscoile.

Tuigtear do Tuairisc.ie gur scaipeadh ar bhaill Údarás na hollscoile ag an gcruinniú céanna cóip den litir ó bhaill foirne i gColáiste na nDán ina n-éilítear go gcuirfí ar ceal cinneadh conspóideach na hOllscoile deireadh a chur le riachtanas na Gaeilge do phost an uachtaráin.

Is í an tOllamh le Sean-agus Meán-Ghaeilge, Máirín Ní Dhonnchadha, a dhréachtaigh agus a scaip an litir a cuireadh faoi bhráid an Údaráis maidin inniu.

Deir lucht sínithe na litreach go mbainfeadh an cinneadh deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge do phost an uachtaráin “an bonn de mhisean sainiúil agus d’fhéiniúlacht na hOllscoile”.

Bhain cruinniú an lae inniu d’Údarás na hOllscoile leis an bpróiseas earcaíochta a chuirfear ar bun go luath chun teacht ar chomharba Jim Browne mar uachtarán na hollscoile.

Pléadh ag an gcruinniú an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag bille Uí Chuív ar an bpróiseas earcaíochta, ach níor deineadh aon chinneadh maidir le seasamh an Údaráis i leith na reachtaíochta.

Bhí plé gairid ann chomh maith faoin díospóireacht atá ar bun faoin gcinneadh conspóideach, ach tuigtear go ndéanfar plé níos doimhne faoi cheist na Gaeilge sa phróiseas earcaíochta ag an gcéad chruinniú eile den Údarás ar an 28 Feabhra.

Is mionathrú ar an reachtaíocht a bhí ann cheana atá i gceist le Bille an Choláiste Ollscoile, Gaillimh (Leasú) 2017 ar tugadh os comhair na Dála é an mhí seo caite. Sa chás go n-achtófaí an Bille nua, chuirfí abairt amháin bhreise leis an Acht a tugadh isteach in 2006:

“The governing authority shall ensure that the President of the college is competent to carry out all his/her daily responsibilities as President in both Irish and English,” an abairt a chuirfí leis an Acht.

Tháinig sé chun solais ar Tuairisc.ie an mhí seo caite go gcuirfear deireadh leis an riachtanas Gaeilge a bhaineann le post Uachtarán na hOllscoile. Vótáil tromlach Údarás na hollscoile ar son moladh go gcuirfí deireadh leis an riachtanas Gaeilge don phost is sinsearaí san ollscoil.

Mheas siadsan a bhí ar son an athraithe gur bac a bhí sa riachtanas teanga ar dhaoine cur isteach ar an bpost, go háirithe iarrthóirí ó chríocha thar lear.

Rinne mic léinn agus baill foirne na hollscoile agóid an mhí seo ag cur i gcoinne an chinnidh. Pléadh an cheist sa Dáil cúpla uair le mí anuas freisin, agus dúirt an tAire Oideachais Richard Bruton go nglacann sé le cinneadh Údarás na hOllscoile.

Rachaidh Bille Uí Chuív os comhair an Choiste Oireachtais don Ghaeilge, Gaeltacht agus Oileáin anois agus pléifidh an Coiste sin, a bhfuil an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar Catherine Connolly ina cathaoirleach air, an Bille nua.

Rachaidh sé chuig an dara céim sa Dáil ina dhiaidh sin.