Baill foirne OÉ, Gaillimh ag éileamh go gcuirfí ar ceal cinneadh faoi riachtanas Gaeilge

Achainí le cur faoi bhráid Údarás na hOllscoile inniu maidir lena gcinneadh deireadh á chur leis an riachtanas Gaeilge a bhaineann le post Uachtarán na hOllscoile

Baill foirne OÉ, Gaillimh ag éileamh go gcuirfí ar ceal cinneadh faoi riachtanas Gaeilge

Tá baill foirne i gColáiste na nDán in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ag agairt ar Údarás na hOllscoile dul siar ar a gcinneadh deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge do phost na huachtaránachta san institiúid tríú leibhéal sin.

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil achainí le cur faoi bhráid Údarás na hOllscoile ar maidin ag baill foirne as ranna éagsúla i gColáiste na nDán, achainí ina n-éilítear go gcuirfí ar ceal an cinneadh conspóideach. 

Is í an tOllamh le Sean-agus Meán-Ghaeilge, Máirín Ní Dhonnchadha, a dhréachtaigh agus a scaip an litir atá le cur faoi bhráid an Údaráis maidin inniu. Pléifear ag an gcruinniú sin an cinneadh atá go mór i mbéal an phobail le dhá mhí anuas.

Scaipeadh an litir i measc bhaill foirne Choláiste na nDán, an coláiste is mó san Ollscoil,  tráthnóna inné agus bhí an leagan di a chonaic Tuairisc.ie aréir sínithe ag cuid mhaith ball foirne ó ranna éagsúla na scoile.

Deir lucht na hachainí go mbainfeadh an cinneadh deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge do phost an uachtaráin “an bonn de mhisean sainiúil agus d’fhéiniúlacht na hOllscoile”.

Moltar sa litir go mbeadh an té a cheapfaí i bpost an Uachtaráin “inniúil ar Ghaeilge ag tráth an cheapacháin nó laistigh d’achar sonraithe ina dhiaidh sin”.

“Mar gheall ar thiomantas agus freagracht na hOllscoile seo i leith campas eiseamláireach dátheangach a chothabháil, oideachas trí mheán na Gaeilge a sholáthar, agus tacaíocht a thabhairt do phobail Ghaeilge agus Ghaeltachta, tuigtear dúinn nach acmhainn d’Uachtarán ‘dúthracht agus dea-chleachtas pearsanta ina chuid ceannasaíochta’ a léiriú muna mbeidh sé/sí inniúil ar Ghaeilge ag tráth an cheapacháin nó laistigh d’achar sonraithe ina dhiaidh sin,” a deirtear.

Deirtear chomh maith go “labhrann a leath den daonra domhanda dhá theanga nó níos mó ina saol laethúil” agus “go bhfuil polasaithe ag mórán tíortha a thacaíonn le hiolarthacht teangacha, go háirithe teangacha oifigiúla agus teangacha náisiúnta”.  Is amhlaidh an scéal i gcás mórán ollscoileanna, a mhaítear.

“Éilíonn mórán ollscoileanna go mbeadh inniúlacht sa dara teanga acu siúd a cheaptar i bpostanna bainistíochta agus acadúla, nó go saothróidís an inniúlacht sin laistigh d’achar sonraithe, agus an inniúlacht sin sainithe de ghnáth ag ionstraimí cosúil le Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha. 

“Is coinníoll conartha é seo i gcásanna áirithe agus ní hea i gcásanna eile.  Creidimid gur cheart go mbeadh sé ina choinníoll conartha i gcás cheapachán Uachtarán na hOllscoile seo.”

Deir lucht sínithe na hachainí gur “moladh lán-dearfach, neamh-eisiach” an moladh acu. 

“Creidimid go bhfuil sé thar a bheith réasúnta súil a bheith le hinniúlacht in dhá theanga oifigiúla na hÉireann ó Uachtarán na hOllscoile seo (ar dócha é/í a bheith in oifig go ceann 10 bliain), nó go saothródh an tUachtarán í laistigh d’achar sonraithe, agus go mbainfear an bonn de mhisean sainiúil agus d’fhéiniúlacht na hOllscoile má bhíonn easnamh ar bith air sin.”

Ba i mí na Nollag na bliana seo caite a tuairiscíodh ar dtús anseo go raibh deireadh á chur ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, leis an riachtanas Gaeilge a bhaineann le post Uachtarán na hOllscoile.

Mheas siadsan a bhí ar son an athraithe gur bac a bhí sa riachtanas teanga ar dhaoine cur isteach ar an bpost, go háirithe iarrthóirí ó chríocha thar lear.

Dúradh chomh maith go raibh an baol ann nach gcuirfeadh na daoine is fearr ar fud an domhain isteach ar an bpost sa chás go gcoimeádfaí an riachtanas Gaeilge.

Dúirt an tAire Oideachais Richard Bruton sa Dáil an mhí seo caite nach bhfuil “faic” aige “i gcoinne” chinneadh Údarás na hOllscoile deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge a bhaineann le post an Uachtaráin sa choláiste.