TUAIRISC BHEO: Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh os comhair Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán

Tuairisc bheo ar chruinniú de chuid an Choiste Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán i dTithe an Oireachtais. Tá Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, an Dr Jim Browne, os comhair an Choiste le labhairt faoin nGaeilge san Ollscoil agus an cinneadh a rinneadh deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge do phost an Uachtaráin san Ollscoil

TUAIRISC BHEO: Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh os comhair Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán

20.54 Deireadh leis an gcuid phoiblí den chruinniú.


20.40 Éamon Ó Cuív ag caint anois. Má cheaptar Uachtarán gan Ghaeilge ar OÉG, ní bheadh sé in ann ócáidí ar nós bronnadh na gcéimeanna a chur i láthair i nGaeilge ná labhairt leis na meáin Ghaeilge, a deir Ó Cuív. Bíonn tionchar ag ceannaire ar mhodh iompair daoine ó thaobh teanga. Má cheapann daoine nach mbeidh tionchar ag an gcinneadh ar an nGaeilge san Ollscoil, ‘ní thuigeann na daoine sin síceolaíocht teanga’.


20.32: Níl a fhios ag Jim Browne an mbeadh sé in aghaidh an dlí tabhairt ar uachtarán nua an Ghaeilge a fhoghlaim ach bheadh a leithéid d’éileamh ‘an-deacair’. Deir sé nach bhfuil comhairle dlí faighte i dtaobh na ceiste seo. Caithfear ‘an duine is fearr’ a fháil agus gach seans nach mbeadh daoine sásta cur isteach ar an bpost dá gcuirfí dualgas orthu an Ghaeilge a fhoghlaim, a deir sé.


20.24 ‘Níl todhcaí na Gaeilge san Ollscoil ag brath ar chumas labhartha nó scríofa aon duine amháin,’ a deir Ó Conluain. ‘Bí cinnte go bhfuilimid dáiríre faoin nGaeilge,’ a deir Jim Browne. ‘Ní ‘campas dátheangach’ atá in OÉG chun an fhírinne a insint,’ a deir Jim Browne. ‘Aspiration’ atá ann ach níl Gaeilge ag gach duine. ‘Sin í an fhírinne,’ a deir sé.


 20.16 ‘Saineolaithe’ san Ollscoil féin a chuir comhairle ar lucht ceannais na hOllscoile nach bhféadfadh coinníoll a bheith ann a chuirfeadh dualgas ar an uachtarán nua Gaeilge fhoghlaim sa chás nach mbeadh Gaeilge aige, a deir Jim Browne.


20.12 Deir Jim Browne nár shíl sé go raibh ‘raic’ ann faoin gcinneadh maidir le riachtanas na Gaeilge do phost an uachtaráin. Bíonn éagsúlacht tuairimíochta i gcónaí in ollscoileanna ach bhí beagnach gach duine ar aon intinn faoin gcinneadh. Deir Dónall Ó Braonáin go raibh “an-imní” ar fhoireann an Acadaimh faoin gcinneadh agus gur cuireadh an méid sin iúl don Choiste Acadúil. Bhí an tAcadamh ‘míshásta’ leis an gcinneadh.


20.03 An bhfuil sé in am an dualgas ó thaobh na Gaeilge a bhaint den Ollscoil agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus Gaeltachta a scaradh ón Ollscoil agus príomhchúram reachtúil na Gaeilge a chur air, mar a tharla nuair a bunaíodh TG4, toisc nach raibh a ndualgais á gcomhlíonadh ag RTÉ? – Ó Cuív


20.00 ‘Caithfear an duine is fearr a fháil don phost agus caithfidh an duine sin a bheith báúil don Ghaeilge,’ a deir Jim Browne. Táimid ag déanamh ár ndícheall don Ghaeilge, a deir sé. ‘Níl sé praiticiúil cúrsaí eolaíochta a chur ar fáil trí Ghaeilge’. Níl na hacmhainní ná an t-éileamh ann, a deir Uachtarán OÉG.


19.58 Tá 90 duine ag déanamh staidéir ar ábhair eile trí mheán na Gaeilge ag leibhéal na fochéime san Ollscoil agus 148 duine ag plé leis an MA san Oideachas trí Ghaeilge, a deir Ó Braonáin.


19. 52 Deir Dónall  Ó Braonáin, Príomhfheidhmeannach an Acadaimh, nach bhfuil Acht 2006 á shárú ag an Ollscoil, mar atá á mhaíomh ag Éamon Ó Cuív.  Tá plean agus straitéis chuimsitheach ag an Ollscoil don Ghaeilge, a deir sé.  Tá soláthar leathan trí mheán na Gaeilge á chur ar fáil ag an Ollscoil agus níl anailís chruinn á dhéanamh ar an dualgas reachtúil ag Ó Cuív, a deir Ó Braonáin. Deir Ó Cuív gur athraíodh cur chuige na hOllscoile gan aon chead a fháil ó Thithe an Oireachtais.


19.49 Tá sé an-deacair cúrsaí i nGaeilge a chur ar fáil mar níl an fhoireann, ná na hacmhainní agus ná na téacsleabhair ann, a deir Jim Browne. Ní bhíonn éileamh ar chúrsaí trí mheán na Gaeilge, a deir sé. ‘Fadhb mhór í,’ a deir sé.


19.44: Tá an Ollscoil breá sásta airgead an Stáit a thógáil ach níl an aird chéanna acu ar dhlí an Oireachtais fad is a bhaineann sé leis an nGaeilge, a deir Ó Cuív. Níl ábhair á dteagasc i nGaeilge  ag an Ollscoil, rud a bhfuil dualgas reachtúil orthu a dhéanamh, dar leis..


19.39 Is léir go bhfuil tarraingt siar ar chúrsaí nua a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge san Ollscoil, in ainneoin gur dualgas reachtúil atá ann, a deir Éamon Ó Cuív. “Loic sibh,” a chuireann sé i leith ionadaithe na hollscoile.


19.35 Tá an an-deacair coinníoll a chur i gconradh oibre a chuirfeadh iallach ar dhuine, nó moral obligation air, an Ghaeilge a fhoghlaim faoi spriocam i ndiaidh a cheapacháin, a deir Jim Browne.


19.28 Ní bhíonn aon ról ag Uachtarán reatha na hOllscoile i roghnú, agus i bpróiseas roghnuithe, a chomharba. Iarradh ar dhaoine a mbeadh spéis acu sa phost an seomra cruinnithe a fhágáil nuair a bhí an cheist á plé ag údarás na hOllscoile, a thugann Ó Conluain le fios.


19.25 Tá an Seanadóir Rónán Mullen “an-amhrasach” faoin gcinneadh seo.


19.21 Nuair a pléadh an cheist seo ag leibhéal an údaráis, nuair nach raibh ach triúr as an daichead nach raibh i bhfabhar an athraithe. Ní raibh an 40 ball den Údarás i láthair ag an gcruinniú sin.


19.18  Tá foireann na hOllscoile báúil leis an nGaeilge, a deir Jim Browne. Beidh sé soiléir san fhógra poist don uachtaránacht go bhfuil tábhacht leis an nGaeilge don Ollscoil, a deir sé.


19.15 Ceithre mhí a mhair an díospóireacht maidir le deireadh a chur le riachtanas na Gaeilge do phost an Uachtaráin, a deir Ó Conluain. Bhí ceithre chruinniú d’Údarás na hOllscoile i gceist, a deir sé. Bhí cuid den ‘phlé’ i nGaeilge, ach ní ‘an oiread sin’.


19.11 An mhoill ar fhógairt phost an Ollaimh le Gaeilge pléite. Bhí tititim “dhainséarach” ar líon na mac léinn i gColáiste na nDán agus  bhí ar an Ollscoil dul i ngleic leis sin, a deir Jim Browne. Ullmhaíodh plean chun dul i ngleic leis an bhfadhb agus tá an cúrsa nua ceithre bliana do chéim na Gaeilge mar chuid den phlean sin. Tá an post fógartha anois.


19.05 Cuirfear fáilte roimh Ghaeilgeoirí ach caithfidh rogha a bheith ann, a deir Ó Conluain. Beidh béim san fhógra poist ar ar an nGaeilge agus ar ról ceannasaíochta an uachtaráin i leith na Gaeilge agus ar stádas na hollscoile mar ‘champas dátheangach’. Ní bheidh buntáiste sonrach ag an iarrthóir a bhfuil Gaeilge aige. Deir Jim Browne, áfach, gurb í a thuairim ‘phearsanta’ ná go mbeidh buntáiste ag iarrthóirí le Gaeilge toisc béim a bheith ar an nGaeilge san ollscoil féin.


19.01 Caithfidh rogha leathan a bheith againn maidir le huachtarán nua, a deir Jim Browne.
An bhfuil inferiority complex ag an Ollscoil, nach gceapann siad gur féidir duine eile a aimsiú a bhfuil Gaeilge aige a chuirfeadh an ollscoil chun cinn? a fhiafraíonn Ó Clochartaigh.


19.00 Bíonn ionadaíocht réasúnta ag an nGaeilge agus Gaeilgeoirí ag an gComhairle Acadúil, a deir Dónall Ó Braonáin, Príomhfheidhmeannach Acadamh na hOllscolaíochta Gaeige [atá ar an gComhairle Acadúil].


18.58 Tá an chuid is mó de na daoine atá [ag obair] in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, báúil don Ghaeilge, a deir Jim Browne. Níl ach mionlach ann a bhfuil Gaeilge líofa acu ach tá an tromlach báúil di, a deir sé.


18.56 Tá seachtar nó ochtar ar Údarás na hOllscoile a bhfuil Gaeilge líofa acu. Tá go leor daoine báúil don Ghaeilge agus go leor a bhfuil Gaeilge mhaith [ach ní Gaeilge líofa] acu, a deir Ó Conluain.


18.54 Arb é an chaoi nár cheap an t-údarás [na hollscoile] go mbeifí in ann teacht ar chomharba ar Jim Browne a bheadh chomh maith céanna leis agus a mbeadh Gaeilge aige? a fhiafraíonn Trevor Ó Clochartaigh.


18.51 An-díomá ar an Seanadóir de chuid Shinn Féin Trevor Ó Clochartaigh faoin gcinneadh, a deir sé, agus ceisteanna á gcur aige faoi úsáid na Gaeilge ag baill foirne na hollscoile faoi láthair.


18.49 Tá difear mhór idir an reacht [faoin gceapachán] mar atá agus an reacht mar a bhí. C1 ar an TEG a bhí i gceist leis sin. Tá an bhéim athraithe anois do ról an uachtaráin maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn timpeall na hollscoile, a deir Ó Conluain.


18.45 Nuair a tugadh isteach an tAcht leasaithe in 2006 fuarthas réidh leis an riachtanas Gaeilge do phoist shinsearacha eile san Ollscoil. Tá an-difear idir comhdhéanamh na hollscoile san am i láthair le hais mar a bhí 10/20 bliana ó shin, a deir Ó Conluain, mar gheall ar iarrthóirí idirnáisiúnta a bheith in ann cur isteach ar na poist sin.


18.40 Tús curtha leis an gcruinniú. Labhair Jim Browne faoin nGaeilge in Ollscoil na hÉireann i nGaillimh agus faoi thiomantas na hollscoile don teanga. Tá Gearóid Ó Conluain anois ag caint faoin riachtanas teanga do phost an uachtaráin, ceist atá i mbéal an phobail le ceithre mhí anuas.

Fág freagra ar 'TUAIRISC BHEO: Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh os comhair Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán'

  • Liam

    Ma théann dalta, a chuaigh fríd córas oideachais Gaelscoile nó Gaeltachta, ar aghaidh go Colaiste na hOllscoile Gaillimh, ná bíodh sé / sí súil le Gaeilge ón Uachtarán.
    Masla dochreidte ón Údarás Ollscoile seo nach dtuigeann tábhacht staire, sóisialta agus cultúrtha na Gaeilge gan trácht ar chearta mhuintir na hÉireann.