Tacaíocht do pháirtithe de chuid na heite deise ag dul i dtreise

Tá sé chomh maith ag aon duine nach suim leo an pholaitíocht a gcloigeann a chur faoin tom i mbliana

Tacaíocht do pháirtithe de chuid na heite deise ag dul i dtreise

Bliain mhór toghchánaíochta atá romhainn in 2024. Idir na toghcháin Eorpacha agus áitiúla anseo sa mbaile, olltoghchán sa mBreatain, toghchán uachtaránachta sna Stát Aontaithe agus olltoghchán, b’fhéidir, anseo sa mbaile, bhí sé chomh maith ag aon duine nach suim leo an pholaitíocht a gcloigeann a chur faoin tom.

Níl aon dáta oifigiúil againn ach amháin do na toghcháin Eorpacha agus áitiúla. Tús an Mheithimh atá leagtha amach do na toghcháin ó cheann ceann an Aontais agus do na húdaráis áitiúla anseo sa mbaile. Ní túisce a bheidh an Comórtas Peile curtha dínn againn ná beidh muid ag tabhairt faoi aclaíocht na polaitíochta.

Ní miste a rá go bhfuil trácht ar thoghchán do Bhord Údarás na Gaeltachta a reáchtáil an deireadh seachtaine céanna sin.

Braithfidh sin ar an reachtaíocht leis na toghcháin a chur ar siúl in athuair a bheith rite, rud nach dtarlóidh go tús na bliana nua. Tá sé indéanta go mbeadh na toghcháin sin ann ach tá tuairim ann nach bhfuil aon deifir mhór ar pholaiteoirí leis na toghcháin, go háirithe má bhíonn cosc orthu féin a bheith ina n-iarrthóirí mar atá molta.

Bíonn gach uile thoghchán cinniúnach ach beidh toghcháin Eorpacha na bliana seo thar a bheith cinniúnach ó thaobh an léargas a thabharfaidh sé ar phobal na mballstát agus na mór-roinne. Smaoinigh go bhfuil cogadh (atá dearmadta faoi láthair mar gheall ar an tubaiste i nGaza) á fhearadh ar chríocha na hEorpa.

Tá géarchéim inimirce agus teifeach, ní hamháin mar thoradh ar an gcogadh sin ach mar thoradh ar choimhlintí agus éagóracha eile ar fud an domhain. Tá daoine faoi bhrú ag an gcostas maireachtála agus ag costais fuinnimh go háirithe.

Cé toradh atá ar sin ar fad? Tacaíocht do pháirtithe de chuid na heite deise a bheith ag dul i dtreise in áiteacha atá chomh fada óna chéile leis an Ungáir agus an Ísiltír. Tá an Rassemblement National lárnach i bpolaitíocht na Fraince le cuid mhaith blianta anois agus tá borradh faoin Alternative für Deutschland freisin. Tá imní sa mBruiséil go bhféadfadh bloc réasúnta láidir d’ionadaithe mar sin a bheith sa chéad Pharlaimint eile agus go bhféadfaidís obair an Aontais a chur as a riocht.

Ainneoin a bhfuil de chaint déanta faoin eite dheis sa tír seo le roinnt seachtainí de bharr na gcíréibeacha i mBaile Átha Cliath i mí na Samhna, níl páirtí ná grúpa suntasach den chineál sin in Éirinn go fóill. Ní shin le rá nach bhféadfadh iarrthóirí neamhspleácha teacht chun cinn ag an leibhéal áitiúil a mbeadh tuairimí láidre acu faoin imirce, faoi thacaíocht do theifigh agus an soláthar seirbhísí d’eachtrannaigh. Má chítear dóibh go bhfuil tacaíocht ann ag an leibhéal áitiúil do thuairimí dá leithéid, cá bhfios nach mbeidís níos eagraithe ag teacht chun olltoghcháin!

Ní fios go fóill cén uair a bheidh an t-olltoghchán agus is léir go bhfuil polaiteoirí iad féin deighilte ar an gceist. Tá an cath tosaithe cheana féin ar aon nós agus na páirtithe ag iarraidh iad féin a chur in iúl ar bhealach a mheallfaidh an pobal, agus i gcás Fhine Gael agus Fhianna Fáil, a dhéanfaidh dochar don rath a bhí ar Shinn Féin sna pobalbhreitheanna le scaitheamh.

An dtabharfaidh na toghcháin Eorpacha agus áitiúla leide dúinn faoi cén dáta ar a reáchtálfar olltoghchán agus cén seans atá ag na páirtithe? Ní chuirfinn airgead air mar go bhfuil pobal na hÉireann cliste agus glic sna roghanna a dhéanann siad, ag brath ar cén fóram dá bhfuil siad ag vótáil. Beidh go leor bróga nua ag teastáil ó na polaiteoirí in 2024 – déanfaidh sí an-bhliain don chuid eile againn a bheidh ag faire!

Fág freagra ar 'Tacaíocht do pháirtithe de chuid na heite deise ag dul i dtreise'