Tacaíocht bhreise don Ghaeilge ó TG4 ag brath ar mhaoiniú cinnte – tuarascáil

De réir tuarascála nua, 27% de sceideal TG4 a bhí dírithe ar an gcroí-lucht féachana, pobal na Gaeilge

Tacaíocht bhreise don Ghaeilge ó TG4 ag brath ar mhaoiniú cinnte – tuarascáil

Ní bheidh ar chumas TG4 “cur lena tacaíocht don Ghaeilge” mura mbeidh cinnteacht ann faoin maoiniú a bheidh aige gach bliain, de réir tuarascála neamhspleáiche nua.

De réir na tuarascála nua a rinne an comhlacht Sasanach Mediatique don BAI, is sábháilte cinniúint TG4 ná RTÉ toisc go bhfaigheann an stáisiún Gaeilge maoiniú díreach ón státchiste, ach sí an Ghaeilge agus geilleagar na réigiún a bheidh thíos leis mura gcuirtear maoiniú cinnte ar fáil dó.

Deir údair na tuarascála nach bhfuil dóthain maoinithe ag TG4 chun a dhualgais mar chraoltóir seirbhíse poiblí a chomhlíonadh go hiomlán.

“Mar sin féin tá TG4 ‘ag fuineadh de réir na mine’ leis an airgead poiblí a fhaigheann sé gach bliain agus bheimis ag súil go bhféadfaidís déanamh amhlaidh sna blianta romhainn. Ciallaíonn sin go bhfuil obair TG4 inmharthana cé nach bhfuil dóthain maoinithe á fháil aige,” a deirtear sa tuarascáil.

Bhí inmharthanacht TG4 ag brath ar dhá rud tábhachtach, a deirtear, go bhfaigheadh an stáisiúin airgead éigeandála Covid-19 agus go gcuirfí breis maoinithe ar fáil dó de réir a chéile ionas go mbeidh sé ábalta a straitéis a chur i bhfeidhm. Fuair an stáisiún airgead éigeandála Covid-19 agus cuireadh lena bhuiséad ó shin ach tá maoiniú breise á lorg i gcónaí acu.

Dúirt Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont le déanaí gurb í an teachtaireacht leanúnach a bhí ag teacht ón Stát ná nach raibh aon tábhacht leis an nGaeilge agus nárbh fhiú acmhainní “a chur amú ar chraoltóireacht na Gaeilge”.

Tá léargas sa tuarascáil nua ar an méid uaireanta a chraolann TG4 do phobal na Gaeilge i gcomparáid lena lucht féachana náisiúnta.

De réir na tuarascála, as an 8,760 uair an chloig a craoladh ar TG4 bhí 2,393 díobh, nó 27%, dírithe ar an gcroí-lucht féachana. 6,397 uair an chloig a díríodh ar an lucht féachana náisiúnta.

As an 2,393 clár don chroí-lucht féachana Gaeilge, cláir do pháistí a bhí i gceist le 63% díobh, nó 1,503 uair an chloig.

De réir na tuarascála tháinig laghdú 13% in 2019 ar líon na n-uaireanta an chloig a rinneadh don chroí-lucht féachana i gcomparáid leis an mbliain 2018.

Tháinig an titim sin sna sála ar laghdú eile a bhí ann an bhliain roimhe sin. Tháinig laghdú 14% ar líon na n-uaireanta an chloig a bhí dírithe ar chroí-lucht féachana na Gaeilge in 2018 i gcomparáid le 2017.

Scannáin, nuacht idirnáisiúnta agus drámaí idirnáisiúnta a bhí i gceist le 56% de na huaireanta an chloig don lucht féachana náisiúnta.

Thug TG4 le fios do Mediatique go bhféachann siad ar aon chlár Gaeilge a bhíonn acu mar chlár don chroí-lucht féachana, ach deir údair na tuarascála gur chloígh siadsan le spriocanna TG4 féin i dtaobh cláir a rinneadh go speisialta don chroí-lucht féachana.

Craoladh 4,484 uair an chloig de chláracha Gaeilge in 2019, nó 51% den sceideal iomlán.

Níl sé soiléir cé na critéir a bhíonn ag TG4 chun go n-áireofaí clár mar chlár Gaeilge.

In 2018 bhí níos lú ná aon trian den ábhar a craoladh ar an stáisiún dírithe ar phobal na Gaeilge. Dúirt TG4 an uair sin gur in olcas a rachadh an scéal mura gcuirfí maoiniú breise ar fáil don stáisiún.

Faoi straitéis dépholach nó ‘twin pole’  TG4 déantar cláir go speisialta do dhá chineál lucht féachana ar leith – an croíphobal nó pobal na Gaeilge agus an lucht féachana náisiúnta nó mórphobal an Bhéarla. Deirtear sa tuarascáil nua gurb iad croí-lucht féachana na Gaeilge is minice a bhíonn ag féachaint ar TG4 agus go mbíonn siad ag súil le cláir Ghaeilge ar ardchaighdeán i seánraí éagsúla. Cé nach bhféachann an lucht féachana náisiúnta chomh minic céanna ar TG4, tá i bhfad níos mó acu ann agus déantar iarracht iad a mhealladh le cláir faisnéise chomhaimseartha, spórt agus ceol beo agus imeachtaí cultúrtha náisiúnta.

Maítear sa tuarascáil go bhfuil dualgas ar TG4 freastal ar an dá dhream mar chraoltóir seirbhíse poiblí.

De réir tuarascáil neamhspleách eile a rinneadh don BAI roimhe seo, bíonn an tóir chéanna nach mór ag pobal na Gaeilge ar na cláir a dhírítear ar an bpobal náisiúnta is a bhíonn ag mórphobal an Bhéarla.

Maíodh sa tuarascáil sin gur ag féachaint ar chláir don phobal náisiúnta a bhíonn pobal na Gaeilge 82% den am a thugann siad ag féachaint ar TG4.

Fág freagra ar 'Tacaíocht bhreise don Ghaeilge ó TG4 ag brath ar mhaoiniú cinnte – tuarascáil'

  • Brendan Keane

    “tháinig laghdú 13% in 2019 ar líon na n-uaireanta an chloig a rinneadh don chroí-lucht féachana i gcomparáid leis an mbliain 2018” agus arís 14% in 2018 i gcomparáid le 2017. “Níl sé soiléir cé na critéir a bhíonn ag TG4 chun go n-áireofaí clár mar chlár Gaeilge.” Níl aon suim san Stáit ach a cur amú ar Ghaeilge (ar na Gaeil i ndáiríre) anseo an seasamh deireanach ar an ur na mara.