Níos lú ná aon trian den ábhar ar TG4 dírithe ar phobal na Gaeilge – tuarascáil bhliantúil

Tá rabhadh tugtha ag TG4 nach mbeidh an stáisiún ábalta a spriocanna a bhaint amach maidir le cláir Ghaeilge agus eile mura gcuirtear maoiniú breise ar fáil dó

Níos lú ná aon trian den ábhar ar TG4 dírithe ar phobal na Gaeilge – tuarascáil bhliantúil

Bhí níos lú ná aon trian den ábhar a craoladh ar TG4 anuraidh dírithe ar phobal na Gaeilge agus is in olcas a rachaidh an scéal mura gcuirtear maoiniú breise ar fáil don stáisiún.

Thit céatadán na n-uaireanta an chloig a bhí dírithe ar lucht féachana na Gaeilge 14% in 2018 i gcomparáid le 2017.

Sin cuid den adhmad atá le baint as an tuarascáil bhliantúil is déanaí de chuid an chraoltóra Ghaeilge. 

De réir na tuarascála bhí líon na n-uaireanta an chloig d’ábhar a craoladh don chroí-lucht féachana Gaeilge in 2018 beagnach 10% faoi bhun sprioc an stáisiúin féin.

Bhí 2,693 uair an chloig den ábhar a craoladh anuraidh dírithe ar an gcroí-lucht féachana, de réir na tuarascála. I gcás cúrsaí nuachta agus cúrsaí reatha bhí líon na n-uaireanta a chloig 51.6% faoi bhun sprioc an stáisiúin, bhí  cúrsaí drámaíochta Gaeilge 29.2% faoi bhun na sprice agus easnamh 46% a bhí i gceist i réimse na siamsaíochta. 

Bhí líon na n-uaireanta an chloig do leanaí 29% níos airde ná an sprioc a bhí leagtha amach. 

Deirtear sa tuarascáil gur easpa maoinithe ba mhó ba chúis le teip an stáisiúin maidir lena sprioc i dtaobh líon na n-uaireanta craolta don lucht féachana Gaeilge a bhaint amach.

Deir lucht TG4 go mbeidh sé “thar a bheith deacair” straitéis nua an stáisiúin a chur i gcrích mura gcuirtear tuilleadh maoinithe ar fáil. 

“Ní foláir bonn i bhfad níos seasmhaí a chur faoin maoiniú reatha ionas gur féidir linn an t-ábhar ardchaighdeáin a chur ar fáil don lucht féachana ar an teilifís agus ar ardáin eile. 

“Gan an méadú ar mhaoiniú a leagtar amach sa straitéis cúig bliana, beidh sé deacair a chinntiú go mbeidh cistíocht go leor ar fáil chun a bhfuil geallta ó thaobh léiriúcháin a bhaint amach,” a deirtear i dTuarascáil Bhliantúil 2018 an chraoltóra. 

Ina ráiteas sa tuarascáil, deir Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont nach n-éireoidh le straitéis an stáisiúin mura gcuirtear maoiniú breise ar fáil.

“Leis an straitéis nua tá sé i gceist againn go mbeidh TG4 níos bríomhaire agus níos tarraingtí agus go dtabharfaidh níos mó daoine aird ar TG4. 

“Ní féidir é sin a bhaint amach, áfach, mura ndéanfar breis infheistíochta in ábhar atá sainiúil, siamsúil agus a spreagann spéis an dá dhream, an croí-lucht féachana agus an lucht féachana náisiúnta,” a deir Alan Esslemont. 

Deirtear go raibh €3 milliún níos lú sa bhuiséad in 2018 ná mar a bhí ag teastáil de réir straitéis cúig bliana an stáisiúin. D’fhág sin, a deirtear sa tuarascáil, go raibh deacrachtaí ann maidir le comhaontú a dhéanamh le comhlachtaí maidir le hábhar nua a chur ar fáil.

“Chuir sin isteach go díreach ar líon na n-uaireanta an chloig d’ábhar don chroí lucht féachana,” a deirtear. 

Craoladh 6,067 uair an chloig d’ábhar don lucht féachana náisiúnta teilifíse ginearálta ar TG4, 3.7% níos mó ná mar a bhí leagtha síos mar sprioc.

B’ionann sin agus 69% de líon na n-uaireanta craolacháin, ardú 7.7% i gcomórtas leis an mbliain 2017. 

Deirtear sa tuarascáil gur féidir cláir a fháil don lucht féachana náisiúnta teilifíse ar chostas i bhfad níos ísle ná an costas a bhaineann leis an gcineál cláir a bhíonn dírithe go príomha ar lucht féachana na Gaeilge.

Mar sin féin, de réir na tuarascála, caitheadh 91% den €28.3 milliún a caitheadh ar chláir in 2018 ar chláir a d’áirigh an stáisiúin mar chláir Ghaeilge.

Dúirt 85% den phainéal Gaeilgeoirí a roghnaíonn eolas faoina mianta agus a nósanna féachana a roinnt leis an stáisiún gach seachtain gur fhéach siad ar a laghad uair sa tseachtain ar TG4 le linn 2018. 

Maítear sa tuarascáil go bhfuil TG4 “ag cruthú go maith i gcónaí leis an gcroílucht féachana” ach go bhfuil “brú mór ann maidir leis an méid den lucht féachana náisiúnta go ginearálta “ar féidir a n-aird a tharraingt”.

“Is craoltóir teanga dúchais TG4 a fheidhmíonn i margadh meán cumarsáide Béarla den chuid is mó agus is mór a théann an rogha leitheadach atá ar fáil ag an lucht féachana i bhfeidhm ar TG4 dá bharr sin,” a deirtear. 

Tháinig ardú 2.6% go dtí €33.79 milliún ar an mbuiséad reatha a cuireadh ar fáil do TG4 sa bhliain 2018 agus fuarthas nach mór €1 milliún eile chun ábhar a chur ar fáil do Bhliain na Gaeilge. 

Deir lucht an stáisiúin gur theastaigh beagnach €2 milliún breise chun spriocanna a straitéise a bhaint amach. 

Deirtear nach n-éireoidh le straitéis ‘débheannach’, nó ‘twin pole’, an stáisiúin lucht féachana níos mó a bhaint amach “gan cur leis an infheistíocht in ábhar siamsúil faoi leith a mheallann an dá dhream den lucht féachana – an croílucht féachana Gaeilge agus an lucht féachana náisiúnta teilifíse go ginearálta”. 

Mhol an BAI go dtabharfaí €6 milliún breise do TG4 in aghaidh na bliana agus iad den tuairim nach mbeidh an stáisiún inmharthana má bhíonn siad taobh leis an maoiniú atá acu faoi láthair.

Tá buiséad níos lú ag TG4 i mbliana ná mar a bhí anuraidh nuair a chuirtear airgead Bhliain na Gaeilge in 2018 san áireamh.

Tháinig laghdú 6% ar lucht féachana TG4 in 2018.

Ba é an meánsciar náisiúnta den lucht féachana a bhí ag TG4 anuraidh ná 1.76%.

1.87% an meánsciar a bhí ag an stáisiún in 2017 agus méadú 5% ab ea é sin ar an sciar den lucht féachana náisiúnta a bhí acu in 2016.

Tháinig laghdú 6% chomh maith in 2018 ar an meánsciar den lucht féachana a bhí ag TG4 ag an bpríomh-am craolta – 1.84% anuraidh i gcomparáid le 1.95% in 2017.

De réir straitéis cúig bliana TG4, is é an sprioc atá ag lucht an stáisiúin go mbeadh meánsciar 2.2% den lucht féachana náisiúnta acu faoi 2022 agus súil acu a bheith ar an séú cainéal is mó lucht féachana sa tír faoin mbliain sin.

Deirtear i dtuarascáíl bhliantúil an stáisiúin gur “ábhar mór díomá” an laghdú ar lucht féachana an stáisiúin ach gur léiriú é ar an “géariomaíocht” i margadh na teilifíse agus ar an ngá atá le breis infheistíochta “in ábhar mealltach, spéisiúil, siamsúil ionas gur féidir dul in iomaíocht le mórchomhlachtaí meán cumarsáide idirnáisiúnta agus le craoltóirí eile ar mhargadh na hÉireann”. 

Is tréimhse chinniúnach í seo do chraoltóirí amhail TG4, dar le hArd-Stiúrthóir an stáisiúin, Alan Esslemont.

“Tráth a bhfuil comhlachtaí ollmhóra idirnáisiúnta ag cruthú a gcuid ábhair féin agus ag coinneáil smacht ar chúrsaí dáiliúcháin ina leith, fágann ísliú ar na cistí d’ábhar de chuid na hÉireann gur mó an baol atá ann go mbrúfaí ábhar dúchasach na hÉireann den mhargadh,” a deir Alan Esslemont i dtuarascáil bhliantúil nuafhoilsithe TG4.

Fág freagra ar 'Níos lú ná aon trian den ábhar ar TG4 dírithe ar phobal na Gaeilge – tuarascáil bhliantúil'

  • Cluain Sceach

    Ní hamháin sin, ach an-easpa ábhair urnua seachas an Nuacht agus cláracha spóirt le roinnt míosa.