€6 mhilliún breise sa bhliain ag teastáil ó TG4 chun a bheith inmharthana – moladh BAI

Deir an BAI gur chóir €6 milliún eile d’airgead poiblí sa bhliain a thabhairt do TG4 ó 2018 ar aghaidh

€6 mhilliún breise sa bhliain ag teastáil ó TG4 chun a bheith inmharthana – moladh BAI

Tá moladh déanta ag an BAI go dtabharfaí €6 milliún breise do TG4 in aghaidh na bliana agus iad den tuairim nach mbeidh an stáisiún inmharthana má bhíonn siad taobh leis an maoiniú atá acu faoi láthair.

Tugtar an méid sin le fios san athbhreithniú cúig bliana is déanaí atá déanta ag an Údarás Um Chraolacháin na hÉireann ar mhaoiniú TG4 agus RTÉ.

Deir an BAI gur chóir €6 milliún eile d’airgead poiblí sa bhliain a thabhairt do TG4 ó 2018 ar aghaidh. Moltar €30 milliún breise in aghaidh na bliana do RTÉ.

“Creideann an BAI go bhfuil bunús leis an ardú seo ar mhaoiniú sa dá chás, toisc, dar leis, nach leor an maoiniú atá ar fáil faoi láthair leana chinntiú go mbeidh na craoltóirí inmharthana.

“Chuirfeadh an maoiniú breise seo ar chumas na gcraoltóirí a bhfís chruthaitheach do phobal na hÉireann a chur chun cinn i gcomhar leis an earnáil neamhspleách léiriúcháin, rud a chothódh inmharthanacht na hearnála closamhairc ar fad,” a deirtear i ráiteas ón BAI.

Deirtear sa ráiteas gur dóigh leis an BAI go bhfaigheann pobal na hÉireann luach ar airgead ó TG4 agus RTÉ agus go dteastaíonn an maoiniú breise uathu chun tabhairt faoi na dúshláin “teicneolaíochta agus airgeadais” atá rompu agus chun freastal ar mhianta a lucht féachana sa lá inniu agus amach anseo.

Dúradh nár cuireadh na moltaí ar fad a rinneadh cheana faoi mhaoiniú TG4 i bhfeidhm d’ainneoin a dhúshlánaí is atá tionscal na teilifíse faoi láthair.

Dea-scéal do TG4 agus d’Ardstiúrthóir an stáisiún Alan Esslemont é moladh an BAI mar €6 mhilliún breise thar thréimhse cúig bliana a bhí á lorg aige féin le “stad a chur le síorthitim” lucht féachana TG4 agus chun go bhféadfadh an stáisiún Gaeilge ‘fás arís’.

Rinne Esslemont, Pádhraic Ó Ciardha, iar-leascheannasaí TG4, agus Lís Ní Dhálaigh, Stiúrthóir Margaíochta agus Forbartha TG4, cur síos i dTithe an Oireachtais anuraidh ar phlean cúig bliana an stáisiúin.

Ag labhairt dó ag an gcruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge, dúirt Ard-Stiúrthóir TG4 go dtiocfadh “an pointe go dtosófaí ag dó ola agus go dteipfeadh ar an inneall” mura gcuirfí maoiniú breise ar fáil.

Dá dtarlódh sin, a dúirt sé, d’fhéadfadh TG4 titim isteach sa “digital jungle” mar a thug sé ar na cainéil dhigiteacha ar fad a bhfuil sciar níos lú ná 1% den lucht féachana náisiúnta acu.

Agus biseach ar chúrsaí eacnamaíochta, bhí sé “in am”, a dúirt sé, “infheistíocht a dhéanamh arís sa rud dúchasach” agus an buiséad céanna a bhí ag an stáisiún roimh chiorruithe na géarchéime a thabhairt dó arís.

Dúirt Alan Esslemont gurbh é an t-ardú mór ar líon na gcainéal atá ar fáil in Éirinn agus an ghéar-iomaíocht a bhí i margadh na teilifíse dá bharr ba mhó ba chúis leis an titim ar lucht féachana agus gurb amhlaidh an scéal ag craoltóirí poiblí eile.

Is é an sprioc atá luaite le plean cúig bliana nua an stáisiúin ná go mbeadh sciar 2.2% den lucht féachana ag an stáisiún faoin am go mbeidh tréimhse an phlean istigh.

€32 milliún a fuair TG4 i mbliana ón státchiste agus €2 mhilliún eile a bhí á lorg acu do 2019.

Fág freagra ar '€6 mhilliún breise sa bhliain ag teastáil ó TG4 chun a bheith inmharthana – moladh BAI'