Tabhair deontas ceart do na hirisí Gaeilge agus cuir deireadh leis an díolúine – moltaí na nGael don téarma nua Dála

Agus tús á chur inniu le téarma nua na Dála chuireamar ceist ar roinnt Gael cén moladh a bheadh acu a rachadh chun leasa na Gaeilge. Seo an chéad alt i sraith trí cinn…

Tabhair deontas ceart do na hirisí Gaeilge agus cuir deireadh leis an díolúine – moltaí na nGael don téarma nua Dála

Alan Titley, Údar agus iar-Ollamh le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh

Samhlaím trí rud go sonrach a d’fhéadfaí a dhéanamh d’fhonn na Gaeilge a neartú, agus ní bhaineann ach ceann amháin díobh le hairgead!

1. Tá an scéal sa chuid thoir thuaidh den tír a dtugaimid ‘na sé chontaetha’ air go dona ceal rialtais. Ar chúis éigin, tá an milleán, arís eile, á chur ar an nGaeilge. Réiteach amháin: go ndéanfadh an rialtas seo againne ó dheas (agus Tír Chonaill) brú binbeach neamhleithscéalach a chur ar Rialtas na Banríochta Acht na Gaeilge a thabhairt isteach. B’fhéidir é seo a dhéanamh go furasta de réir na cumhachta atá ag Rúnaí Stáit na Breataine. Réiteodh dhá fhadhb in éineacht, cearta lucht labhartha na Gaeilge thoir thuaidh, agus rialtas leathbhaile a thabhairt ar ais. Thaispeánfadh, leis, go bhfuil cnámh dhroma éigin agus tuiscint dá réir ag an rialtas.

2. Athchóiriú a dhéanamh (arís eile) ar chúrsa na hardteistiméireachta. Nuair a chloisim an focal ‘leasú’ tagann crith craicinn orm agus fonn orm a rá os ard, ‘nach bhfuil an scéal dona go leor mar atá, gan cuimhneamh ar leasú!’ Ba smaoineamh ar fónamh é treise a chur le labhairt na Gaeilge sa scrúdú mallaithe sin, ach mar atá faoi láthair, deimhnítear nach mór leath na marcanna don scrúdú ar bhonn deich nóiméad nó cúig nóiméad déag d’agallamh is d’éisteacht. Ba chóir, dar liom, an cúrsa a dhéanamh i bhfad níos dúshlánaí ionas go mbeadh ar dhaltaí beart réabhlóideach a dhéanamh ar nós leabhar nó leabhair a léamh. Agus ansan, nuair a bheadh cúrsa ceart dúshlánach ann a d’éileodh caighdeán réasúnta ard sa chaint agus san éisteacht agus sa léamh agus sa scríobh, marcanna breise a bhronnadh orthu siúd a bhaineann an caighdeán sin amach, mar a tharlaíonn leis an útamáil faoi uimhreacha faoi láthair.

3. Deontas ceart a thabhairt (seo an t-éileamh airgid) do na hirisí Gaeilge idir chlóite agus leictreonach. Is náireach an scéal go gcaithfí cosaint a dhéanamh ar an bhfocal scríte tar éis a bhfuil de ghradam is d’onóir tugtha ag litríocht na Gaeilge don chine, don té a thuigfeadh é. Tugtar ar ais an tacaíocht is gá do na hirisí Gaeilge ar fad, agus ná bídís ag feitheamh leis an ndéirc a thiteann mar ghrabhróga anois is arís ó bhord na ramhar. Coinníonn na hirisí pobal na Gaeilge le chéile oiread agus is féidir, agus músclaíonn díospóireacht eadrainn, gan trácht ar chothú na teanga agus saibhriú an dioscúrsa náisiúnta.

 

Íte Ní Chionnaith, iarléachtóir Sinsearach le Gaeilge, Scoil na Meán DIT

Faoi láthair, ceapaim go bhfuil práinn mhór ag baint leis an nGaeilge i gcúrsaí oideachais. I dtréimhse an-ghearr, d’fhéadfadh an rialtas ceann de na fadhbanna is mó sin a réiteach; is ea sin an chonspóid a bhaineann leis an díolúine ón nGaeilge ag an dara leibhéal. Má chuirtear na moltaí nua maidir leis an díolúine i bhfeidhm is dóigh liom gurb é ceann de na cinntí is measa a bheidh déanta maidir leis an nGaeilge i gcúrsaí oideachais ag an rialtas ó na seachtóidí.

D’fhéadfadh an leathnú ar an chóras díolúine seo stádas na Gaeilge a scrios sna scoileanna agus an doras a oscailt d’imeacht ó pholasaí oideachais ina mbíodh gach éinne ag déanamh staidéar ar an nGaeilge ag an ardteist. Tá sé léirithe ag an Aire Joe McHugh go bhfuil sé báúil don Ghaeilge ar go leor bealaí ach tá botún á dhéanamh aige anseo agus ba chóir dó, i bhfianaise na conspóide atá ann, deireadh a chur leis an díolúine.

Níl díolúine d’aon ábhar eile ann. I dtíortha eile a mbíonn teanga neamhfhorleathan eile ann, sa Bhreatain Bheag, sa Chatalóin, i dTír na mBascach mar shampla, níl a leithéid i bhfeidhm, agus ní ceart go mbeadh sé againne. An rud is práinní ar cheart don rialtas a bheith ag díriú air ná deireadh iomlán a chur le plean seo na díolúine. Dá thúisce a dhéanfar é is ea is éasca a bheas sé. Má ligtear dó dul chun fadálachta beidh sé an-deacair é a tharraingt siar.

 

Micheál Mac Aoidh,  Pleanálaí Teanga Chloich Cheann Fhaola

Ba bhreá liom go ndíreodh an rialtas ar ghníomhartha agus ar pholasaithe a thugann tacaíocht don phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht agus a chinntíonn gur féidir gach sprioc sna pleananna teanga a chur i gcrích. Ciallaíonn sin, gníomhartha agus polasaithe a chinnteoidh seirbhísí i nGaeilge sa Ghaeltacht, polasaithe oideachais, polasaí do naíonraí na Gaeltachta agus coinníollacha teanga maidir le deontais.

Ba mhaith linn go ndéanfaí comhordú ar an phróiseas pleanála teanga ag an leibhéal is airde ionas go mbeidh gach roinn agus eagraíocht stáit nó pobail ag cur na spriocanna i bhfeidhm.

Fág freagra ar 'Tabhair deontas ceart do na hirisí Gaeilge agus cuir deireadh leis an díolúine – moltaí na nGael don téarma nua Dála'

  • Mairéad

    @Íte Nic Cionnaith
    Níl an Ghaeilge in úsáid taobh mar theanga laethúil phobail ach i measc 20,000 duine sna codanna sin den Ghaeltacht gur fiú An Ghaeltacht a thabhairt urthu. Ní fiú do dhaltaí í a fhoghlaim mar nach bhfuil sí beo mar atá an Phólannais agus an Sínis in Éireann agus gur annamh a chloistear í taobh amuigh den Ghaeltacht.
    Tá méadú ar na Gaelscoileanna. Ach taobh amuigh des na Gaelscoileanna Cén feidhm nádúrtha atá ag an teanga in aon phobal. Is gearr go mbeidh deireadh le Gaeilge mar ábhar iontrála sna coláistí NUI. Beidh níos mó agus níos daoine óga ina suí sa rang Gaeilge agus gur fuath leo an teanga agus gan i gceist acu iarracht ar bith a dhéanamh sa rang ach iad ag cur isteach ar na daltaí atá ag déanamh iarracht sa rang.

  • Seán

    20,000? Is í an Ghaeilge an teanga náisiúnta do na céadta mílte in Éirinn, cuid mhaith acu a éiríonn leo saol Gaelach a bheith acu beag beann ar líon na Sacs-bhéarlóirí agus na stocairí ciníocha frithghaelacha mórthimpeall orthu. Féach cás na nGael in Alban; cothaíonn aineolas dímheas agus is é aineolas agus dímheas na Sacs-bhéarlóirí ar an teanga náisiúnta in Éirinn a fhágann go mbíonn brú as cuimse ar Ghaeil an teanga ghallda a labhairt ina dtír féin. Go deimhin, is é do mheon féin a thugann cead a chinn do Shacs-bhéarlóirí fanacht dall ar an tréas agus ar an sárú cearta daonna a bhíonn ar bun acu nuair a dhiúltaíonn siad teanga na tíre seo a fhoghlaim ná a labhairt agus iallach a chur dá réir sin ar Ghaeil an Sacs-bhéarla a labhairt agus a scríobh. Níl cúis ar bith ann, cuir i gcás, go labhraíonn na milliúin ar fud an domhain an Sacs-bhéarla ach amháin go gceapann gach éinne gur teanga chumhachtach í an Béarla agus an teachtaireacht sin á brú chun cinn le gach sórt bolscaireachta i gcónaí. Dar ndóigh dá ndiúltódh daoine scun scan an Béarla a labhairt is beag an chumhacht a bheadh ag an teanga sin thar oíche, bíodh daoine ag caint faoin idirlíon, idirnáisiúnachas, pax-Americana srl nó ná bíodh. Mar an gcéanna is é an tseafóid atá scríofa agat thuas a thugann an solas glas do mheath na Gaeilge in Éirinn, do ghéarú na gearrleanúna agus an tsíorchiaptha a fhágann beag rogha do Ghaeil ach an Sacs-bhéarla a labhairt. Is é do mheonsa a mhaitheann don Sacs-bhéarlóir aonair briseadh isteach ar chomhrá idir Ghaeilgeoirí gan aon náire ag ceapadh gurb é an rud is nádúrtha dá bhfuil ann go n-éireodh na Gaeil ar fad as a bheith ag labhairt ina dteanga féin agus go n-iompóidís ar an mBéarla. Dar ndóigh is ar éigean go mínítear an éagóir seo do Shac-bhéarlóirí, an tromlach acu atá de shliocht na nGael agus go leor eile nach bhfuil ach atá ‘báúil’ don Ghaeilge ach gan aon tuiscint acu gurb iadsan an chúis go bhfuil an teanga chomh ceilteach i saol na tíre faoi láthair. Tá sé thar am lánriachtanas Gaeilge a thabhairt ar ais le haghaidh gach aon phost san earnáil phoiblí fiú más gá é sin a dhéanamh de réir a chéile, ag tosú leis na poist is sinsearaí. Is linne, na Gaeil, an tír seo óir is muidne atá i seilbh oidhreacht na tíre seo, agus fáilte roimh chách a bheith inár measc, ach má theastaíonn ón stát ó dheas ligean air go bhfuil dlisteanas ar bith aige a bheith ar chríoch Bhanbha bíodh ár gcearta, stádas agus saoirse cainte againn gan aineolas na Sacs-bhéarlóirí dár dtachtadh. Córas aineolais seachas oideachais atá in aon chóras náisiúnta a thugann díolúine ó fhoghlaim na teanga náisiúnta do dhaoine!

  • CeltlovingArgentine

    Pointí mhaith eadraibh Mairéad agus Seán, gabh mo leithscéal ar aon dhearmad a dhéanfaidh mé, níl ionam ach tosnóir.

    Seán, níl Ghaeilge an príomh-teanga ag na céadta mílte daoine in Éirinn. Taobh amuigh den Ghaeltacht, go háirithe, tá a lán fadhbanna ann mar fuaimniú agus rudaí mar sin. Ag an am seo, tá an ‘ceol’ ar an teanga taobh amuigh den Ghaeltacht níos mó cosúil leis an blás Béarla ná an blás Gaeilg. (Cosúil le Breton i Fhrainc.)

    Tá teangacha níos mó ná focail agus gramadach amháin. Tá an ceol agus an fuaimniú an tábhachtach. Múineann na múinteoirí fuaimniú mí-cheart ar na mic léinn go minic.

    Anois, gan an phobail Gaeltacht beag, bheadh teanga ‘ur sinsear marbh.

    Teastaíonn uainn traenáil foghraíocht ar na múinteoirí agus na páistí roimh an ceol agus fuaimniú na Gaeilge caillte.