Tá Teach Solais Eochla in Árainn ar díol – is iontach an stair a bhaineann leis

Tá ainm an fhir a rinne an teach solais Teach Solais Eochla ar bhéal daoine in Árainn go dtí an lá atá inniu ann

Tá Teach Solais Eochla in Árainn ar díol – is iontach an stair a bhaineann leis

Fuair muid ceachtanna breátha staire ar Raidió n Gaeltachta de bharr na tuairisce go raibh Teach Solais Eochla in Árainn ar an margadh.

D’inis Diane Ní Fhlatharta dhúinn gur sa mbliain 1818 a tosaíodh ag tógáil an tí solais agus gur sa mbliain 1818 a críochnaíodh é. Dúnadh ar fad é sa mbliain 1857.

Mhínigh Diane nach san áit cheart a rinneadh é. Bhí sin le rá ag captaen loinge darbh ainm an Captaen White as an gCabhlach Ríoga sa mbliain 1845. Dúirt seisean go raibh an teach solais 413 troigh os cionn leibhéal na farraige agus gur túisce a d’fheicfí na carraigeacha as long ná an solas a bhí sé a scaladh.

Ar an bhfear a rinne an teach solais Christopher Yorke a dhírigh Marcas Mac Conghail ar Iris Aniar. Tá ainm an fhir sin ar bhéal daoine in Árainn go dtí an lá atá inniu ann. Chomh láidir le stail Yorke a deirtear faoi dhuine nó faoi ainmhí a mbíonn an-spreac [spreacadh] ann.

Is cosúil go raibh stail Yorke in ann ualaí móra troma cloch a tharraingt in aghaidh an aird go dtí an áit a ndearnadh an teach solais.

Bhí Marcas Mac Conghail in ann a dhul siar i bhfad ar shaol Yorke de bharr gur mhair an daonáireamh a rinneadh in Árainn sa mbliain 1820. Tháinig an daonáireamh sin slán nuair a dódh na cáipéisí stáit i mBaile Átha Cliath i 1922.

I dteach fir darbh ainm Wiggins a bhí Yorke ar lóistín in Árainn. Phós sé iníon Wiggins go deimhin.

D’aistrigh siad go dtí an Balla Fada i nGaillimh ina dhiaidh sin agus bhí dhá long nó trí ag Yorke ag tabhairt paisinéirí go Meiriceá.

Bhí mac mic ag Yorke darbh ainm Peadar Christopher. Sagart a bhí ann.

Teach solais 200 bliain d’aois ar díol in Árainn

Gaeilgeoir agus óráidí breá a bhí ann freisin. Dúirt Dubhghlas de hÍde gurbh é an t-óráidí ab fhearr a chuala sé ariamh é.

Nuair a tháinig an tAthair Ó Gramhnaigh go hInis Mór le barr feabhais a chur ar a chuid Gaeilge chuir Peadar Christopher fáilte roimhe.

Ní róshásta a bhí an tAthair Ó Gramhnaigh leis an méid a chuala sé. Dúirt sé go raibh iomarca Béarlachais i nGaeilge Inis Mór.

Chomhairligh Peadar Christopher dhó a dhul go hInis Meáin ansin.

I Meiriceá a rinne Peadar Christopher a chuid sagartóireachta. Bhí sé de cháil air gur sheas sé leis an gcosmhuintir i gcónaí.

Dúradh go ndearna sé iarrachtaí móra ar son an dream a bhí buailte go dona tar éis an chreatha talún a tharla in San Francisco sa mbliain 1906.

Scéal a tharraingíonn scéal eile. Thug Seán Ó Neachtain cuntas spéisiúil ar an mbaint a bhí ag an Athair Yorke le hairgead a bhailiú le Séipéal an Spidéil a dhéanamh.

Bhailigh sé féin agus a chol ceathrar, an tAthair Ó Fágáin, meall mór airgid i Meiriceá i gcomhair na hoibre.

Gaeilgeoir den scoth ab ea an tAthair Ó Fágáin é féin. Ba é a thug an óráid Ghaeilge ar Chruach Phádraig sa mbliain 1909.

Tuairiscíodh go raibh a sheanathair, Dónall Ó Ceallaigh as Baile Uí Fhiacháin, i láthair an lá sin agus é 85 bliain d’aois.

Poblachtach a bhí san Athair Ó Fágáin freisin. Thug sé óráid chumasach i nGaeilge an lá ar nochtadh leacht i mBaile Locha Riach i gcuimhne ar an Athair Ó Gríofa a mharaigh fórsaí na Breataine sa mbliain 1920.

Dúradh ar cheann de na nuachtáin gur bhain sé na deora as daoine a bhí ann leis an gcaint a rinne sé.

Ba é an tAthair Marcas Ó Conaire as an nGairfean i Ros Muc a bhí ina shagart paróiste sa Spidéal nuair a tógadh an séipéal. Uncail leis an scríbhneoir Pádraic Ó Conaire a bhí ann.

D’inis Seán Ó Neachtain dhúinn go raibh na fiacha ar fad íoctha nuair a bhí Séipéal an Spidéil tógtha.

Bhí Seán an-bhródúil freisin go raibh a sheanathair féin ar dhuine de na saortha cloiche a bhí ag obair ar thógáil an tséipéil.

Tá aguisín beag eile le cur le stair Theach Solais Eochla [Eochaille]. Dúradh gur sa mblian 1857 a múchadh an solas ann go hoifigiúil. Ba ea ach lasadh solas ar a bharr aríst sa mbliain 1980 nuair a bhí tinte lasta ar chnoc agus ar chnocán mar chomóradh ar bhua iománaithe na Gaillimhe i gcluiche ceannais na hÉireann.

Thug Máirtín Jaimsie agus comrádaí leis boinn carranna leo, dhreap siad suas dréimirí agus las siad ar bharr an fhoirgnimh iad.

Tá mé lánchinnte go mbeadh an tAthair Yorke agus an tAthair Ó Fágáin an-sásta go ndearnadh an gníomh tírghrá sin.

Fág freagra ar 'Tá Teach Solais Eochla in Árainn ar díol – is iontach an stair a bhaineann leis'

  • Mairead NI Nuadhain

    An-scéal! Buíochas a Sheosaimh as ucht na míreanna éagsúla a chur le chéile.