Teach solais 200 bliain d’aois ar díol in Árainn

Tá an teach solais, atá suite ag an bpointe is airde ar an oileán in aice le Dún Eochla, ar cheann de na foirgnimh is aitheanta ar Inis Mór

Teach solais 200 bliain d’aois ar díol in Árainn

Tá seanteach solais a tógadh ar Inis Mór 200 bliain ó shin ar díol ar bhreis is leathmhilliúin euro.

Tá an teach solais, atá suite ag an bpointe is airde ar an oileán díreach in aice le Dún Eochla, ar cheann de na foirgnimh is aitheanta ar Inis Mór.

Tá sé á dhíol ag ceantálaithe Keane Mahony Smith i nGaillimh agus €550,000 atá luaite leis.

Tosaíodh ar thógáil an tí solais in 1810. As aolchloch a baineadh i gcairéal ar an oileán a rinneadh é agus bhíothas ocht mbliana á thógáil, sular thosaigh sé ag obair in 1818.

Díchoimisiúnaíodh an teach solais in 1857 mar go ndearnadh gearán go raibh sé suite i ndrocháit i lár an oileáin agus nach bhféadfaí é a fheiceáil dá mbeadh ceo trom ann.

Radharc ar an bhfarraige

Díoladh an suíomh roinnt uaireanta ó shin bagus bhíodh músaem lonnaithe ann i dtús na nóchaidí.

Tá thart ar dhá acra talún ag gabháíl leis an teach solais agus tá forthrach tí ann chomh maith.

Tá barr an tí solais 144 méadar os cionn leibhéal na mara agus deirtear gur féidir cúig chontae a fheiceáil óna bharr – Gaillimh, An Clár, Maigh Eo, Luimneach agus Ciarraí.

Tuigtear gur fear as an áit atá ag díol an tí solais.

An teach solais agus forthrach tí

 

Dún Eochla agus suíomh an tí solais

Fág freagra ar 'Teach solais 200 bliain d’aois ar díol in Árainn'