‘Tá sé in am do choláiste Gaeilge neamhspleách agus buille maraithe na muice buailte ar an teanga in OÉ, Gaillimh’ – Ó Cuív

Deir an Teachta Dála agus iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív go bhfuil sé in am tosú ag pleanáil d’institiúid tríú leibhéal neamhspleách a bhunú sa Ghaeltacht

‘Tá sé in am do choláiste Gaeilge neamhspleách agus buille maraithe na muice buailte ar an teanga in OÉ, Gaillimh’ – Ó Cuív

Buille maraithe na muice do stádas na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann Gaillimh, an cinneadh deireadh a chur le riachtanas Gaeilge do phostanna riaracháin, dar le hiar-aire na Gaeltachta.

Deir an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív go bhfuil sé in am tosú ag pleanáil d’institiúid tríú leibhéal neamhspleách a bhunú sa Ghaeltacht ina mbeadh an múineadh agus an riaradh uile á dhéanamh trí Ghaeilge.

Bhí Ó Cuív ina aire Gaeltachta nuair a bunaíodh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge atá ina chuid d’Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ach deir sé gur léir anois gur múnla neamhspleách a theastaíonn ón ollscolaíocht Ghaeltachta.

Deimhníodh an tseachtain seo go raibh a mbeannacht tugtha ag Údarás OÉ Gaillimh do chinneadh fáil réidh leis an riachtanas go mbeadh inniúlacht sa Ghaeilge ag teastáil do phostanna riaracháin san ollscoil.

Bhí conspóid mhór ann faoin gcinneadh a rinneadh in 2016 deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge do phost na huachtaránachta san ollscoil.

Céim siar eile don Ghaeilge san ollscoil a bhí sa chinneadh is deireanaí agus laghdú eile ar an stádas “a bhí ag an teanga i stair na hollscoile”, a dúirt Ó Cuív le Tuairisc.ie.

“Shábháil an Ghaeilge an coláiste sna 1920idí. Measadh nach mbeadh sé inmharthanach ach bhí sé de chiall ag an Rialtas é a choinneáil mar gheall ar an nGaeilge. Ó shin i leith, is meath atá ag teacht ar stádas na Gaeilge,” arsa Ó Cuív. “Is dóigh gurb é seo an buille a mharóidh an muc.”

Deir sé go bhfuil OÉ Gaillimh anois cosúil le haon ollscoil Bhéarla eile sa tír agus go bhfuil an nasc a bhí idir an ollscoil agus an Ghaeilge scaoilte.

“Aon phribhléid nó aon seasamh a bhí ag an ollscoil de bharr na Gaeilge, tá siad tar éis í a thabhairt suas go deonach.”

Shéan OÉ Gaillimh gur laghdú ar stádas na teanga san ollscoil atá sa chinneadh agus dúirt Uachtarán na hollscoile gurb amhlaidh gur cinneadh deireadh a chur leis an riachtanas mar chuid de phlean feabhas a chur ar sheirbhísí dátheangacha ar an gcampas.

Deir Ó Cuív, áfach, go bhfuil “práinn” anois ag baint le hinstitiúid tríú leibhéal nua a bhunú ina mbeadh oideachas trí Ghaeilge amháin ar fáil inti.

Mhol an Teachta Dála ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge inné go gcuirfí an moladh sin ar chlár oibre an choiste.

Cé go bhfuil ionaid ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, rannóg de chuid OÉ Gaillimh, ar an gCeathrú Rua, i gCarna agus i nGaoth Dobhair, creideann Ó Cuív go gcaithfear coláiste nua neamhspleách a bhunú, amhail Institiúid Oideachais Marino nó Coláiste Mhuire Gan Smál i Luimneach.

“Tá an neamhspleáchas sin tábhachtach mar, cosúil leis an bhfadhb atá ag RTÉ ó thaobh na Gaeilge de, is minic nach dtugtar tacaíocht cheart don Ghaeilge in eagraíochtaí nach bhfuil go hiomlán dírithe uirthi.

“Caithfidh muid, ach an oiread le bunú TG4, coláiste suntasach tríú leibhéal Gaeilge a bhunú ina ndéanfar an múineadh, an riaradh agus chuile rud i nGaeilge.”

Tá Ó Cuív ag moladh freisin go mbeadh an institiúid lonnaithe sa Ghaeltacht.

Deir sé go bhfuil an gá le hollscolaíocht Ghaeilge níos géire anois ná mar a bhí le 100 bliain anuas agus i bhfad níos mó daoine ag freastal ar institiúidí tríú leibhéal ná mar a bhí roimhe seo.

Fág freagra ar '‘Tá sé in am do choláiste Gaeilge neamhspleách agus buille maraithe na muice buailte ar an teanga in OÉ, Gaillimh’ – Ó Cuív'

  • Peadar

    Ach an oiread le Roinn an Oideachais in OÉG, Béarla an teanga oibre.

  • Áine Nic Niallais

    Tá cur síos i leabhar úr Bhriain Uí Bhaoill ‘Ceann Fhaoladh’ (2021) ar an chinneadh a rinneadh sa tseachtú haois an Ghaeilge [seachas an Laidin] a chur i réim mar phríomhtheanga sna hinstitiúidí oideachais – beart réabhlóideach, radacach ach beart a rabhthas sásta tabhairt faoi ar mhaithe le stádas ceart, buan a chinntiú don Ghaeilge i saol na hÉireann.

    Is cinnte go bhfuil gá le plé dá leithéid anois arís!

  • Poraic o'hEipicín

    Ba chóir nios mo Gaeilge a bheith ar tg4.

  • Pól Ó Braoin

    Uachtarán gan Ghaeilge a chuirfeas feabhas ar chúrsaí na teanga san ollscoil. Nuair a ghlacfar le seafóid dá leithéid ag teacht as Ollscoil na Gaillimhe, cén seans in ifreann atá ann don oideachas tríú leibhéil Gaelach sa tír seo?