Deireadh curtha ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh le riachtanas Gaeilge do phostanna riaracháin 

Dúradh go raibh ‘ar a laghad 15 gearán’ faighte ó dhaoine ar fhoireann OÉ, Gaillimh a bhí ‘ag smaoineamh ar ghearán a dhéanamh’ faoin riachtanas Gaeilge san ollscoil do phostanna riaracháin

Deireadh curtha ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh le riachtanas Gaeilge do phostanna riaracháin 

Tá deireadh curtha ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh leis an riachtanas Gaeilge a bhaineadh le postanna riaracháin sa choláiste.

Dheimhnigh OÉ, Gaillimh don Galway City Tribune an tseachtain seo gur thug Údarás na hOllscoile a mbeannacht don chinneadh ag cruinniú a bhí acu anuraidh.

Roimhe seo bhíodh inniúlacht sa Ghaeilge riachtanach do phostanna riaracháin grád 1,2 agus 3 san ollscoil. Comhairle Acadúil na hOllscoile a mhol go gcuirfí deireadh leis an riachtanas Gaeilge.

Bhí conspóid mhór ann faoin gcinneadh a rinneadh in 2016 deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge do phost na huachtaránachta OÉ, Gaillimh agus is cinnte go bhféachfar ar an gcinneadh is déanaí mar laghdú eile ar stádas na teanga san ollscoil.

De réir miontuairiscí a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, duine amháin ar Údarás na hOllscoile a chuir i gcoinne an mholta go “ndéanfaí an riachtanas Gaeilge don fhoireann riaracháin Gráid 1-3 ar fad a aisghairm”.

Dúirt an tOllamh Anne Scott, Leas-Uachtarán um Chomhionannas agus Éagsúlacht, ag an gcruinniú go raibh “ar a laghad 15 gearán” faighte ag a hoifig ó dhaoine ar an bhfoireann a bhí “ag smaoineamh ar ghearán a dhéanamh” faoin riachtanas Gaeilge san ollscoil do phostanna riaracháin.

Mhaígh Scott go gcuirfeadh “go leor den fhoireann fáilte roimh an reacht” seo. 

Dúirt urlabhraí ón Ollscoil gur tugadh isteach rialacháin nua maidir le daoine a bhfuil Gaeilge acu a fhostú mar chuid den chinneadh.

“Cuirtear seirbhísí na hOllscoile ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla faoi réir Scéim Teanga na hollscoile, a éilíonn go mbeidh ardchumas Gaeilge ag daoine i roinnt postanna i ngach aonad. 

“Tá deireadh á chur leis an riachtanas go mbeadh leibhéal beag Gaeilge ag gach duine i bpostanna Riaracháin Gráid 1-3.  Ach ní mór do gach bainisteoir a bheidh ag fostú foirne a aithint cén fostaí san aonad sin atá ábalta gnó an aonaid sin a dhéanamh trí Ghaeilge. Ní féidir post a fhógairt agus gan ardchumas Gaeilge riachtanach chuige mura bhfuil an duine sin cheana san aonad.” 

Nuair a ghlac Údarás OÉ, Gaillimh leis an gcinneadh deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge do phost na huachtaránachta in 2016, rinne baill foirne san ollscoil achainí dul siar ar an gcinneadh ach tugadh neamhaird orthu.

Dúirt lucht na hachainí go mbainfeadh an cinneadh deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge do phost an uachtaráin “an bonn de mhisean sainiúil agus d’fhéiniúlacht na hOllscoile”.

Pléadh an cheist i dTithe an Oireachtais agus dúirt duine d‘iar-uachtaráin na hollscoile Iognáid Ó Muircheartaigh gur údar ‘díomá’ ab ea an cinneadh deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge.

Mheas siadsan a bhí ar son an athraithe gur bac a bhí sa riachtanas teanga ar dhaoine cur isteach ar an bpost, go háirithe iarrthóirí thar sáile.

Ceapadh cainteoir Gaeilge as cathair na Gaillimhe, Ciarán Ó hÓgartaigh, ina Uachtarán ar an Ollscoil in 2017.

Fág freagra ar 'Deireadh curtha ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh le riachtanas Gaeilge do phostanna riaracháin '

  • Poraic o'hEipicín

    Mo sheacht mallacht déag orthú.

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Tá díomá ar iar-uachtaráin na hollscoile Iognáid Ó Muircheartaigh faoin gcinneadh deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge in NUIG.
    Bhí an fear céanna ina uachtarán nuair a aisghairmeadh Acht Choláiste Phríomhscoile na Gaillimhe 1929 a chuir dualgas ar an ollscoil gaeilgeoirí a fhostú, agus thacaigh sé leis an aisghairm sin más buan mo chuimhne.
    An athrú poirt é seo?

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Cad chuige nach gcuireann seo iontas ar bith orm?

    ‘Mheas siadsan a bhí ar son an athraithe gur bac a bhí sa riachtanas teanga ar dhaoine cur isteach ar an bpost, go háirithe iarrthóirí thar sáile.’

    Cén cineál ‘míniú’ é seo??!!! Seo arís meoin an Bhéarlóir!! Má bhíonn tú chun post riaracháin a thógáil in ollscoil thar lear nach cinnte go mbíonn ort inniúlacht i dteanga na tíre sin bheith agat leis an phost a chomhlíonadh! Arís, na ‘hÉireannaigh’ ag caitheamh anuas ar a dteanga dúchais féin! Samhnasach!

    An phleanáil teanga ar siúl ar fud na Gaeltachta agus an amaidí seo ag tarlú in institiúidí léinn na tíre! Nach bhfuil cnámh droma ag duine ar bith??!!

  • S. Mac Muirí

    Ar mo chéad lá ollscoile lár na n80aidí ag ceann na scuaine san aula max, shín mé roinnt cáipéisí chucu. Measadh iad lena raibh sna taifid acu féin. Baineadh dhá mhionnscríbhinn Ghaeilge ó na 1970 / 80aidí amach astu 7 os comhair gach éinne againn stróic oifigeach riaracháin iad go fraochmhar, chrap i mburla iad, dúirt “Irish” le duine eile den bhfoirinn 7 theilg isteach in araid an bhruscair iad. Bhí mé ag íoc na dtáillí gan chuidiú ar bith ó aon stát le bheith maslaithe ag béarlóir aingí. Bhreathnaigh na mic léinn ar mo chúl an-mhúchta faoi seo 7 go fiú, cuid de híochtaráin na foirne ar chúl an bhoird, bhraithfeá orthu go ndeachaigh a mbainisteoir thar cheasaí an iarraidh sin. Bhí mé féin i mbun mo mhéide mar mhac léinn aosach. Ní raibh ann ach tús na troda 7 bhris mé foighid na hoifige sin roimh earrach na bliana dár gcionn.
    Is é mo bharúil nach dtuigeann daoine an nimh sa bhfeoil atá sa tír go fóill don gcainteoir Gaeilge ar neamhchead don ‘part of what we are’ srl. Glúin ina dhiaidh sin, tá sé sin ann bíodh nach nochtar é gan leithscéal a mhaíomh mar chosaint faoi ag an am céanna.

  • Séamas Mac Coitir

    Sea, a mhaisce, tá a fhios ag fia agus ag fiolar go raibh an Ghaeilge ar liobarna idir dhá cheann na meá in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, le fada fíorach an lá. Anois, thaispeáin an lucht ceannais iad féin díreach mar a bheinn ag súil go ndéanfaidis. Is cinnte go bhfuil na díslí deireanacha caite, um an dtaca seo.

    Ar deireadh thiar, is léir dá mbeadh an Ghaeilge os cionn cláir thiar i gConamara, go rachadh an aicme atá i gceist thuas siar go fonnmhar ar a tórramh! Alpadh na ndeamhan orthu uilig!