Tá sé fógartha ag RTÉ News go bhfuil an t-iriseoir Shane Ó Curraighín ceaptha ina Chomhfhreagraí an Iarthuaiscirt.
Is ag obair ar an gclár cúrsaí reatha 7Lá a bhí Ó Curraighín roimhe seo agus blianta caite aige ag obair ar chláracha nuachta TG4 agus RTÉ.
Tagann Ó Curraighín, arb as Teileann in iardheisceart Dhún na nGall dó, i gcomharbacht ar Eileen Magnier, a d’éirigh as mar Chomhfhreagraí an Iarthuaiscirt RTÉ níos luaithe i mbliana tar éis di 35 bliain a chaitheamh sa ról.
Beidh Ó Curraighín ag tuairisciú ar chúrsaí sóisialta, eacnamaíochta, cultúir agus polaitíochta i réigiún an Iarthuaiscirt lena n-áirítear Dún na nGall, Liatroim agus Sligeach.
Thosaigh Ó Curraighín ina iriseoir ilmheáin le RTÉ sa bhliain 2016. Is ag obair ar an gclár cúrsaí reatha Gaeilge 7Lá a bhí Ó Curraighín le trí bliana anuas.
Dúirt sé go raibh sé ag súil le scéalta mhuintir an iarthuaiscirt a chur os comhair an phobail.
“Ó tharla gur fhás mé aníos sa réigiún, tá an-áthas orm ról Chomhfhreagraí an Iarthuaiscirt a ghlacadh. Is mór an onóir dom é an deis seo a bheith tugtha dom leanúint den obair iontach a rinne Eileen Magnier le breis is daichead bliain,” a dúirt Ó Curraighín.
“Tá mé ag súil go mór leis na scéalta atá tábhachtach do mhuintir Dhún na nGall, Liatroma agus Shligigh a chlúdach. Níl i dtionchar ghéarchéim na mbloc lochtach, dúshláin i gcúrsaí sláinte, tithíochta, bonneagair, iascaireachta agus feirmeoireachta ach cuid de na saincheisteanna tábhachtacha a bhfuil mé ag tnúth le tuairisciú a dhéanamh orthu. Tá mé ag súil leis na héachtaí agus na scéalta dearfacha san Iarthuaisceart a chlúdach fosta.”
Cuirfidh Shane Ó Curraighín tús lena phost nua i mí Lúnasa, 2024.
Fág freagra ar 'Iriseoir as Gaeltacht Thír Chonaill ceaptha ina Chomhfhreagraí an Iarthuaiscirt ag RTÉ'