Tá sé in am againn Gluaiseacht Athbheochana na Gaeltachta a bhunú, an bhfuil sibh liom?

Polasaí é polasaí nua pleanála Chonradh na Gaeilge nach bhfuil rath ná séan i ndán dó. Tá sé in am do ghluaiseacht nua sa Ghaeltacht…

Tá sé in am againn Gluaiseacht Athbheochana na Gaeltachta a bhunú, an bhfuil sibh liom?

Cén ceangal atá idir Conradh na Gaeilge agus an Ghaeltacht? An bhfuil Conradh na Gaeilge ann ar chor ar bith le fírinne cé is moite den Ardoifig agus duine anseo agus ansiúd ar fud na tíre?

Ceisteanna mar seo a chuirfeá ort féin agus tú ag léamh an pholasaí a d’fhoilsigh siad le gairid faoi chúrsaí pleanála sa nGaeltacht. Deirtear gur labhair siad le comharchumainn Ghaeltachta agus daoine eile faoi ach tá an chosúlacht ar an gcáipéis gur duine a bhí ina shuí in oifig a chuir le chéile í agus nár pléadh beag na mór í le pobal na Gaeltachta féin.

Tá cúpla rud maith ráite inti ceart go leor. Tugtar faoi deara go bhfuil sé ina pholasaí oifigiúil le tamall ó thaobh pleanála de muintir na Gaeltachta a shaighdeadh isteach go dtí na cathracha agus na bailte móra.

Tuigeann an Conradh freisin go dteastaíonn neart tithe sóisialta. Ach maidir le bheith a cheapadh gur féidir rialacha a chur i bhfeidhm a choiscfeadh úinéir Gaeltachta ó theach a dhíol lena rogha duine, caith do hata leis an smaoineamh sin.

Tá sé ráite in áit amháin ag an gConradh nár cheart go mbeadh cead ag a leithéid de dhuine teach a dhíol ar feadh fiche bliain ach amháin le Gaeilgeoir eile. Cén chiall atá leis sin? Tá ciall amháin leis agus sé sin go dteastaíonn uathu pionós a chur ar an úinéir Gaeltachta leis an nGaeilge a neartú.

Polasaí é nach bhfuil rath ná séan i ndán dó.

Tuigeann Conradh na Gaeilge, lena gceart a thabhairt dóibh, nach mór Gaeilgeoirí na Gaeltachta a choinneáil sa nGaeltacht agus tuilleadh Gaeilgeoirí a mhealladh isteach.

I bparóiste Charna anseo is é an lagan is mó atá á dhéanamh ar an bpobal go n-imíonn na daoine óga uainn chomh luath agus a bhíonn a gcuid dindiúirí oideachais bainte amach acu.

Ní bhíonn deis acu filleadh ansin, nó ní bhíodh go dtí seo. Tá athrú ag teacht ar an scéal le gairid sa méid is gur féidir le cuid acu a gcuid oibre a dhéanamh as baile anseo anois.

Is mór an cuidiú freisin an t-ionad gteic atá i Roisín na Mainiach. Tá scata beag deas ag obair ansin faoi láthair agus tá tuilleadh spáis á réiteach ann. Baineann TG4 agus Raidió na Gaeltachta leas as. Craoltar Nuacht an Iarthair agus cláracha eile go rialta as ar fud an domhain.

Sílim féin go bhfuil sé in am Gluaiseacht Athbheochana na Gaeltachta a bhunú anois. Ní gluaiseacht pholaitíochta ná agóidíochta a bheadh inti. Is é an aidhm a bheadh léi pobal láidir Gaeilgeoirí ón taobh istigh agus ón taobh amuigh a lonnú sa nGaeltacht.

Leathchéad bliain ó shin bhí eagraíocht againn darbh ainm ‘Iosrael in Iarchonnacht’ agus muid ag iarraidh Gaeilgeoirí a mhealladh chun na Gaeltachta. Níorbh é an teideal ab fheiliúnaí sa domhan é.

B’fhearr le daoine go leor nach samhlófaí muid le polasaithe Iosrael agus cheap daoine eile gurbh fhearr dhúinn díriú i gcónaí ar ár muintir féin a choinneáil sa mbaile.

Is beag toradh a bhí ar na hiarrachtaí a rinne muid an uair sin. Beirt a tháinig sílim: Bob Quinn agus fear darbh ainm Diarmaid Ó Néill. Ta Bob Quinn in éineacht linn i gcónaí agus toradh céadtach ar a chuid oibre. Thóg Diarmaid Ó Néill agus a bhean clann bhreá sa bparóiste seo.

An imní is mó a bhí ar dhaoine ag an am nach bhfaighidís slí bheatha sa nGaeltacht dá bhfágfaidís an baile mór. Thuigfeá dóibh. Ach tá an saol ag athrú go tréan anois agus deiseanna fostaíochta faoin tuath ag méadú de réir mar atá na córais chumarsáide ag feabhsú.

Níl fáth ar bith, cuirim i gcás, nach n-aistreofaí ceanncheathrú na n-eagras Gaeilge ar fad chun na Gaeltachta. Neartú ar an bpobal Gaeltachta a bheadh ansin ann féin.

Rud eile a d’fhéadfadh Conradh na Gaeilge a dhéanamh agus iad ag plé le lucht rialtais a chur ina luí orthu an méid is féidir d’obair an stáit a dhéanamh as an nGaeltacht.

Má bhíonn fearas éicínt briste ort sa teach cuireann tú glaoch teileafóin ag iarraidh comhairle. Is minic gur duine san India a fhreagraíonn thú. Nach bhféadfaí ceist faoi rialacha stáit a fhreagairt chomh héasca céanna as teach nó as ionad Gaeltachta. ’Sea agus an freagra a thabhairt i nglanGhaeilge dá bhfeilfeadh sin.

Bunóidh muid Gluaiseacht Athbheochana na Gaeltachta mar sin. Má tá suim agaibh ann cuirigí tagairt chuig Tuairisc.ie nó déanaigí teagmháil liomsa ag …ocuaig@hotmail.com

Fág freagra ar 'Tá sé in am againn Gluaiseacht Athbheochana na Gaeltachta a bhunú, an bhfuil sibh liom?'

  • Tiarnáin Ó hIfearneáin

    Píosa íontach ar fad. Níl i gConradh na Gaeilge ach club mór comhrá Gaolainne. Is beag craobhacha atá ag Conradh na Gaeilge sna Gaeltachtaí. N’fheadar liom a thuiscint cén chaoi bhféadfadh CnaG plean a chuir amach maidir le slánú na Gaeltachta nuair nach fuil siad féinig lárnach sna pobail Ghaeltachta?

  • Bríd

    S’éard atá uaidh Conradh ná “reservation” a dhéanamh den Ghaeltacht, áit a mbeidh siad in ann a dhul dá gcuid tionóltaí agus a bheith i measc na cosmhuintir (déirim i measc ach ní mórán measca a dhéanann siad) Níl aon tuiscint, ná ceangal acu leis an nGaeltacht – seachas a bheith ag tacú le Údarás na Gaeltachta iarratais pleanála a dhéanamh i mbéarla (an bhfuil muid ceapaigh dearmad a dhéanamh ar sin?)

  • Breathnach

    Níl Conradh sásta a gceanncheathrú féin a lonnú sa nGaeltacht, insíonn sé sin go leor dhuit faoina dtiomántas do chúrsaí Gaeltachta. Is caitheamh aimsire dóibh é. Is iad Údarás na Gaeltachta a cheart a bheith ag tabhairt cinnireacht ar seo, ach cáil siad? Ag caint le Meiriceánaigh ar Zoom.

  • Donncha

    Aontaím le cuid dhó, ach ní troid as an nua é seo. Níl aon mhaith rudaí a fháil lonnaithe sa nGaeltacht gan brú a chuir orthu a ndualgais a chomhlíonadh. Ba chóir a bheith ag cuir brú ar Údarás na Gaeltachta, iadsan a cheart a bheith mar cheannairí do mhuintir na Gaeltachta, ba chóir go bhféadfaí braith orthu a bheith ag obair ar mhaithe linn. In áit sin, tá an Ghaeilge tréigthe acu, agus go oscailte! Tá siad ag déanamh iarratais pleanála do thograí mhóra i gcroílár na Gaeltachta i mBéarla! Agus lig muid leo. Tá siad ag fostú daoine ina noifig féin sna Forbacha gan aon Ghaeilge. Agus ligeann gach duine orthú féin gur cuma faoi seo.
    Tá TG4 ag bogadh níos gaire agus níos gaire do chainéal teilifíse béarla. Cén fáth nach féidir le fógraí a bheith i nGaeilge? Cén fáth an bhfuil siad ag úsáid níos mó agus níos Béarla ar a gcuid meáin sóisialta? Cén fáth gur i mBéarla a chuaigh siad ar thóir tairisceana do sheirbhísí margaíochta? Botúin? Botún is ea “rinne muid dearmad dhá leagan a chuir suas ar an gcóras”, ach ní raibh fiú leagan Gaeilge acu! Ní shin botún, sin eagraíocht atá ag feidhmiú i mBéarla ar dtús báire. Seachas Tuairisc, bhí chuile dhuine ag ligeann orthu nach bhfaca siad é sin ach oiread.
    Cén mhaith a bheith ag éirí amach ag éileamh tuilleadh ar thaobh amháin, nuair atá muid ag dúnadh na súile ar an taobh eile?

  • RNiU

    Aontaíonn mé go mb’fhéidir gur cheart a bheith ag éileamh níos mó ó na heagrais agus seirbhísí atá againn ar dtús agus gan a bheith mar chuid den chuir i gcéill ó thaobh na Gaeilge.
    Mar atá luaite faoi alt eile, teastaíonn iniúchadh iomlán ar Údarás na Gaeltachta. Cén chaoi a dtarlaíonn rudaí ar nós iarratais pleanála do mhórthograí i mBéarla amháin? Cá bhfuil an bainistíocht? Agus más fíor gur sheol an tÚdarás comhfhreagras chuig tionóntaí i mBéarla amháin le gairid, tá fadhb ollmhór san eagraíocht nach réiteofar thar oíche. Caithfear stop a chuir leis an lobhadh san Údarás ar dtús.

  • Seosamh Ó Cuaig

    Argóintí ar son athbheochana na Gaeilge iad sin, a Dhonncha. Athbheochan na Gaeltachta atá uaimse— cúrsaí eacnamaíochta agus cúrsaí teanga a shnaidhmeadh le chéile.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Cé go n-aontaím beagnach ar fad leis an méid thuas ag ‘Donncha’, ba mhaith liom a shoiléiriú nach mise atá ann, ach Donncha eile, bail Chroim air!

  • Donncha Eile

    Tá fhios againn cén taobh den chlaí a bhfuil tusa ar a Joe – Marine Park Abú!

  • Donncha Eile

    Bail ó Dhia orainn a Dhonncha! Déanaim dearmad!

  • Seán

    Dá mbeadh 1/7 den am atá caite ag an gcolúnaí nó a lucht leanúna thuas ag cuidiú le polasaí Chonradh na Gaeilge a stiúradh nó a fheabhsú le cinntiú go mbeadh sé ‘oiriúnach’ do chás na Gaeltachta, bheinnse níos toilteanaí éisteacht leo.
    Cuireadh polasaí an Chonartha le chéile i gcomhpháirtíocht le grúpaí sna ceantair Ghaeltachta, agus muintir na Gaeltachta a scríobh, ach ní bhíonn daoine áirithe sásta tacú le rud ar bith muna bhfuil siad féin i lár an aonaigh ann. Díol trua é, ach sean scéal agus meirg air.
    ‘níl craobhacha ag an gConradh sa Ghaeltacht’ – níl sé sin fíor agus tá an cead chéanna ag gach mac máthar Craobh a bhunú, lán fáilte roimh dhuine ar bith ceann a thosú.
    Dhírigh plean infheistíochta an Chonartha don Ghaeilge agus don Ghaeltacht do Bhuiséad 2021 an-chuid ar na ceantair Ghaeltachta agus é aontaithe leis na comharchumainn sna ceantair sin, ach ná lig don fhírinne bac a chur ar an gcolúnaí na hargóintí chéanna gan bhunús a chur amach arís agus arís eile.

  • Breacadh

    Athbheochan na BreacGhaeltachta atá níos brice anois ná riamh, an ea? A chur ina luí ar Ghaeilgeoirí cur fúthu sa mBreacGhaeltacht agus gan cosc ar bith a chur ar bhéarlóirí a theacht isteach agus a bheith a’ breacadh leo! Plean uaillmhianach gan aon agó!

  • Bríd

    Eagrais Ghaeilge mar a ghlaonn siad orthu féin lonnaithe san Ardchathair ag ceapadh go n-ínseoidh siad a ngnó do mhuintir na Gaeltachta. Is mór an dul amú atá ar na créatúir……

  • Ruán Ó Gliasáin

    Rinne Eliezer Ben Yehuda go leor don Eabhrais agus thuig sé an ceangal idir talamh agus teanga https://ga.wikipedia.org/wiki/Eliezer_Ben-Yehuda

  • Bríd

    @Seán. Ní thuigeann sibh dúchas ná cultúr mhuintir na Gaeltachta ach an oiread nach dtuigeann muidne sna ceantair Ghaeltachta bealach saoil s’aghaibhse san Ardchathair. Ní suas daoibhse cinntí nó moltaí a dhéanamh faoin gcúrsa is fearr dúinne a ghlacadh inar gceantair Ghaeltachta. Sa chás seo Ní thuigeann Taidhg Taidhgín!

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    ‘..nár cheart go mbeadh cead ag a leithéid de dhuine teach a dhíol ar feadh fiche bliain ach amháin le Gaeilgeoir eile.’

    Bheinnse ag moladh nár cheart teach a dhíol AM AR BITH sa Ghaeltacht ach le duine a labhraíonn Gaeilg, duine a bhfuil an meon intinne acu leis an Ghaeilg a chuir chun cinn i saol na Gaeltachta agus na Gaeilge, duine a cheistíonn an easpa seirbhísí Gaeilge ón stáit AGUS ón earnáil phríobháideach – na siopaí áitiúla? atá ag fostú Béarlóirí a bhfuil sé de dhánacht orthu a rá leat ‘I’m sorry I don’t speak Irish’ agus ansin ag dréim leat tiompú ar an Bhéarla!!??

    Nach bhfuil an córas seo ag an phobal Gaeilge i mBéal Feirste? Má bhíonn teach a dhíol déantar é a dhíol le cainteoir Gaeilge? Is córas intuigthe/deonach atá i gceist – agus iad faoi rial Shasana. Ach, dár ndóighe, sa stáit seo, caithfidh a leithéid de chóras a bheith mar dhlí nó ní tharlóidh sé chíoche..

    Agus cá huair a fheiceas muid ceantar Gaeltachta in achan contae sa stáit seo??

    COINNÍOLL GAEILGE DON GHAELTACHT ANOIS!

  • Máirtín Mhichaelín as Árainnn

    Sá amach í,a Joe agus cuirfhidh muid dhá mhaide asa ceann !

  • Oisin

    Mo ghrá thú a Chordelia, ba chóir go mbeadh an meon céanna ag gach duine a bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht.

    Mara bhfuil Gaeilg agat, b’fhéidir nach bhfuil sé ceart agat a bheith id chónaí ann…