Tá sé in am ag TG4 iomramh aonair a dhéanamh ó thaobh cúrsaí reatha 

Fuil a bhaint as cloch Dhomhnach Broc nó breis comhghuaillíochta le RnaG agus a mbuiséad féin a chur i dtreo cúrsaí reatha an rogha atá ag TG4 i dtaobh cúrsaí reatha

Tá sé in am ag TG4 iomramh aonair a dhéanamh ó thaobh cúrsaí reatha 

In ainneoin na mbriathra milse is léir go bhfuil Baile na hAbhann agus Domhnach Broc in adharca a chéile arís faoi chúrsaí nuachta; agus ní dóigh liom gur cogadh na mba maol é ach an oiread. 

Tugadh le fios i dtuarascáil de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann le déanaí  nach cláracha cúrsaí reatha nó nuachta ach thart ar 4% de chláracha teilifíse Gaeilge nó dátheangacha. 

Faoi mar is eol do léitheoirí an tsuímh seo dúirt TG4 in aighneacht chuig an gCoimisiúin um Thodhchaí na Meán nach raibh “aon chlúdach domhain” á dhéanamh ar chúrsaí reatha i nGaeilge, ar theilifís ná ar raidió, mar gheall ar easpa acmhainní.

I ndiaidh fhoilsiú an scéil sin, dúirt Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont, ar Nuacht TG4 go raibh sé “dochreidte” nár craoladh ar an stáisiún ó bunaíodh é aon tsraith a bhí bunaithe ar an iriseoireacht iniúchta. Lena chois sin mhaígh ceannasaí stáisiún Bhaile na hAbhann gur chóir do RTÉ tuilleadh infheistíochta a dhéanamh in iriseoireacht na Gaeilge. Ní hé seo an chéad uair ag Alan Esslemont gairm chun gnímh.

Faoin reachtaíocht chraolacháin is gá do RTÉ 365 uair an chloig de chláracha a sholáthar do TG4 gach bliain. I mí Márta na bliana 2018, agus é faoi agallamh ar RnaG, dúirt Alan Esslemont nár dhóigh leis “go bhfuil siad (RTÉ) ag cur ar fáil a ndóthain le haghaidh an uair an chloig sa lá atá ceaptha dóibh a chur ar fáil sa reachtaíocht”. I mí Iúil na bliana céanna d’admhaigh an ceannasaí go raibh ar an stáisiún “glacadh le hábhar cartlainne” ó RTÉ le “roinnt blianta anuas” toisc “nach raibh ábhar nua ar fáil”. 

Dúirt sé chomh maith go bhfuil sé “ríthábhachtach go mbeidh RTÉ ag comhlíonadh a gcuid dualgas reachtúil maidir le TG4”  agus go raibh “imní” air faoin “leibhéal infheistíochta atá RTÉ ag déanamh in iriseoireacht na Gaeilge”. 

Seachas RTÉ a bheith ag soláthar 7Lá in áit TG4 féin, is beag athrú atá tagtha ar chúrsaí reatha ar an teilifís le blianta fada. Sé an dualgas faoin 365 uair an chloig sin, socrú a bhain le bunú an stáisiúin agus le ré ina raibh TG4 faoi chúram RTÉ, bunús an amhrais. 

Táim féin in amhras le fada nach bhfuil stáisiún na Gaeilge ag fáil luach a chuid airgid. Go deimhin, taobh amuigh den Nuacht agus cláracha áirithe do pháistí, tá sé deacair, go minic, an 365 uair an chloig seo a ríomh. Tá tú ag caint ar bhreis agus trí huaire an chloig go leith in aghaidh na seachtaine. D’fhéadfaí go leor iniúchta a dhéanamh leis an am/na hacmhainní sin. Ba bhreá liom féin iniúchadh a dhéanamh ar liosta na gclár a chuireann RTÉ ar fáil do TG4. Mair a chapaill.

Thaibhseofaí duit go gcuireann an 365 uair an chloig seo olc ar RTÉ agus go bhfuilid de shíor ag tarraingt na gcos. Go deimhin tuairiscíodh ar an suíomh seo i mí Iúil 2017 go raibh plé ar bun ag TG4 agus RTÉ faoin gclár nuachta Gaeilge tráthnóna a théann amach ar RTÉ 1 a áireamh feasta mar chuid de sholáthar reachtúil RTÉ do TG4. A leithéid do chastróvaics. 

Léiríonn tuarascáil bhliantúil RTÉ ó 2019 go bhfuair Domhnach Broc €196.3 milliún ó chiste an cheadúnais teilifíse. Dar leis an dtuairisc caitheadh 3.9% de seo, nó €7.66 milliún ar “Tacaíocht do TG4”. Sin tuairim is €21,000 ar gach uair an chloig. Ní haon chaiteachas flaithiúil é sin. 

Ós rud é gur €5.2 milliún a caitheadh ar an nuacht agus cúrsaí reatha is pinginí pitseála atá á gcaitheamh leis an gcuid eile den 365 uair an chloig. 

Faoi mar a deirim ba bhreá liom liosta na gclár seo a fheiscint. 

Leis an tarcaisne a chur i gceann na héagóra is dearcadh uasal le híseal atá ag nuacht an Bhéarla ar nuacht na Gaeilge; aighnis faoi cheamaraí, brandaí is araile. 

Níos measa fós, agus faoi mar a luas ar an suíomh seo le déanaí, is breá le Domhnach Broc a bheith ina mháistir agus scéalta/am iriseoirí Bhaile na hAbhann a ghoid agus gan aon chuimhneamh acu an comhar a dhíol. 

Liosta eile ba bhreá liom a fheiscint ná an mó uair le 25 bliain anuas atá iriseoir an Bhéarla tar éis tuairisc a dhéanamh do nuacht na Gaeilge. Deinim amach ná beadh ach cúpla méar uait leis an áireamh sin a dhéanamh.  

Is léir ó aighneachtaí RTÉ agus TG4 chuig an gCoimisiún go bhfuil tuairimí an-difriúil acu faoi cad atá i gceist le TG4. Féachann RTÉ ar TG4 mar stáisiún ‘niche’ ach tá TG4 féin meáite ar cur lena stádas mar stáisiún náisiúnta.

Ach más mór ag TG4 cúrsaí reatha agus an iriseoireacht iniúchta, b’fhéidir go bhfuil sé in am acu iomramh aonair a dhéanamh. 

Thug Baile na hAbhann le fios don suíomh seo ar an Máirt nach raibh siad sásta aon infheistíocht bhreise a dhéanamh in iriseoireacht na Gaeilge ach amháin sa chás go dtabharfaí tuilleadh maoinithe dóibh. Cinnte déan do sheacht ndícheall fuil a bhaint as cloch Dhomhnach Broc ach is stáisiún neamhspleách é TG4 ar féidir leis a bhuiséad féin a riar. 

Is buiséad de €40.7 milliún a bheidh ag TG4 in 2021 agus maíonn siad gur caitheadh 70% dá bhuiséad ar chruthú ábhar in 2019. Ná féadfaí cuid den airgead seo a chur i dtreo cúrsaí reatha? Socrú éigin a dhéanamh le RTÉ le cur lena bhfuil ann nó sraith dá gcuid féin a choimisiúnú? Sin ar fad gan trácht ar chiste an BAI.

Faoi mar a bheadh an nimh ar an aithne d’fhógair TG4 babhta nua ollsoláthair agus coimisiúnaithe nua le déanaí. Seo iad na seánraí a luadh:  “Fíorasach agus  Siamsaíocht Croílucht féachana, Ábhar do lucht féachana faoi F35, agus smaointe ar chláir Fhíorasacha – Náisiúnta, Fíorasach Siamsúil Náisiúnta, Siamsaíocht Cheoil Thraidisiúnta, Siamsaíocht Cheoil nach Ceol Traidisiúnta é agus Siamsaíocht do Pháistí.”

An bhfuil aon rud in easnamh meas tú? Céard faoin iriseoireacht iniúchta/clár faisnéise iniúchta? Dá gcuirfinn a leithéid isteach faoin rannóg ‘Fíorasach’ conas mar a d’éireodh liom. 

Deirtear sa bhlurba fógraíochta go bhfuil, i gcaitheamh na mblianta, “aitheantas bainte amach ag TG4 go bhfuil sé i bhfabhar na nuálaíochta, na físiúlachta, na cruthaitheachta agus thar rud ar bith eile láidreacht na scéalaíochta.” 

Ná féadfadh cúrsaí reatha agus an iriseoireacht iniúchta a bheith ina measc?

Arís eile ní féidir an cheist faoi chomhoibriú le RnaG a sheachaint. 

Seanscéal is meirg air. Mhaígh foireann RTÉ Raidió na Gaeltachta ina n-aighneacht féin chuig Coimisiún um Thodhchaí na Meán go bhfuil “creimeadh” á dhéanamh ar an tseirbhís a chuireann siad ar fáil mar gheall ar easpa acmhainní. Samhlaítear dom go bhfuiltear ag trácht ar an gcomhghuaillíocht seo leis an cianta cairbreacha ach nach bhfuil an oiread sin dul chun cinn déanta. I mí na Samhna 2019 bhí tuairisc ar an suíomh seo inar dúradh go raibh lucht bainistíochta RTÉ ag moladh breis comhoibrithe idir Casla agus Baile na hAbhann. 

Bhí dóchas Jon Williams, Bainisteoir Stiúrtha Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ, ag eascairt as socruithe a rinneadh idir Nuacht TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta timpeall an ama sin maidir le comhfhreagraí amháin a bheith ag soláthar scéalta ón iasacht don dá sheirbhís. 

Agus an bhróg ag teannadh sa dá stáisiún, atá i ngiorracht cúpla míle dá chéile, canathaobh ná féadfaí dlús as an nua a chur fé na cainteanna seo? 

Is léir go mbeadh an éagothroime pá ina dris chosán ach fonn a níos fiach. Bhainfí úsáid níos éifeachtaí as acmhainní daonna ganna na stáisiún agus d’fhéadfaí iriseoirí a shaoradh. 

Ní dóigh liom gur samhlaíodh i 1996 go mbeadh soláthar cúrsaí reatha an stáisiúin chomh tanaí sin cúig bliana ar fhichid níos déanaí.

B’fhéidir go bhfuil réiteach na faidhbe le fáil i gConamara seachas i nDomhnach Broc. 

Fág freagra ar 'Tá sé in am ag TG4 iomramh aonair a dhéanamh ó thaobh cúrsaí reatha '

  • S. Mac Muirí

    Alt snoite go seoigh anseo ar ábhar an-tábhachtach ag Breandán M.
    Saoirse, cumasú, comhchearta tuarastail, nathanna atá chomh gann i bhforais Ghaeilge an iarthair, táid go léir ann.
    Tá mé ag éisteacht le béarlóirí thart orm ag síormholadh TG4 le blianta aguis iad ag cáineadh gach stáisiúin (béarla) eile. Ní chloisim a mhalairt, am ar bith.
    Caithfear an t-athrú a dhéanamh ag bord rialtais 7 is cinnte cibé dream a dhéanfas é, nach a n-aimhleas féin a bheas déanta acu leis.