Ceacht Gaeilge ag Tommy Tiernan do RTÉ agus do Nuacht TG4 féin

Nach ait é gur baineadh siar asainn nuair a labhair cainteoirí dúchais Gaeilge a dteanga féin ar chlár de chuid RTÉ?

Ceacht Gaeilge ag Tommy Tiernan do RTÉ agus do Nuacht TG4 féin

“The experiment we will try is that I’ll ask you the questions in English and ye can answer them in Irish.” B’in a dúirt Tommy Tiernan le muintir Uí Bheaglaoich agus iad fé agallamh aige ar an Satharn (The Tommy Tiernan Show, RTÉ 1). 

Ba mheasúil, ba mhuiníneach agus ba chiallmhar an cur chuige é. An t-aon ábhar iontais ná go raibh iontas orainn. Nach ait é go mbainfeadh smeadráil Ghaeilge i lár clár Béarla de chuid RTÉ siar asainn? Ar an drochuair is amhlaidh atá. 

Táimid taithíoch ar dhoicheall RTÉ i leith na teanga agus cuid mhaith de phiardaí an stáisiúin ag caitheamh léi amhail is gur teanga allúrach í ó thír is pobal ait i bhfad i gcéin. Bítear ag teitheadh ón nGaeilge agus eagla ar phiardaí is réalta araon go gcuirfeadh sé an lucht féachana, atá go hiomlán aonteangach mar dhea, ó dhoras.  

Rud eile a chuaigh i bhfeidhm orm ná nár dhein Tommy scéal mhadra na n-ocht gcos den chúram ach ligint do chainteoirí dúchais labhairt sa teanga atá acu ón gcliabhán. Ní raibh aon rud liobarnach faoi; lean an comhrá ar aghaidh go nádúrtha agus iad siar is aniar idir an dá theanga go compordach. Níorbh é deireadh an tsaoil é agus ní dóigh liom go raibh an oiread sin den lucht féachana ag tochas a gcinn ná ag brú ar chnaipe an chianrialtáin.

Seo an dara babhta le tamall a bhfuil dúthracht agus measúlacht i leith na Gaeilge léirithe ag fear chontae na Mí, duine atá ar bheagán Gaeilge, dar leis féin. Ba léir gur chaith sé an-dua leis an nGaeilge dá ról sa chlár Samhlú a craoladh ar TG4 roimh an Nollaig. Gaeilge bhreá bhlasta uaidh ó thús deireadh an chláir. 

Tá ceacht i gcur chuige Tommy ar an Satharn do RTÉ, agus do TG4 féin. Go deimhin is cuimhin liom gur bhain nuacht Bhéarla RTÉ triail as agallaimh as Gaeilge a dhéanamh le hiriseoirí TG4 ar feadh scaithimh breis is bliain ó shin. Ar an drochuair caitheadh an tionscnamh thar claí. An doicheall agus an eagla ag teacht go barr uisce arís.

Tá taithí againn le fada ar leaganacha Béarla de scéalta Nuacht TG4 a bheith ar na cláir nuachta Bhéarla. Cuireann an nósmhaireacht a bhaineann leis seo as dom i gcónaí. 

Bíonn iriseoirí Gaeltachta agus iriseoirí eile a bhfuil Gaeilge acu ag cur agallamh i mBéarla ar chainteoirí Gaeilge. Bíonn an craoltóir náisiúnta, a chuireann an tseirbhís nuachta ar fáil do TG4 mar chuid dá dhualgas reachtúil, ag úsáid iriseoirí Nuacht TG4 le Béarla a bhrú ar mhuintir na Gaeltachta agus ar phobal Gaeilge. Bíonn breis oibre á cur ar na hiriseoirí céanna fan na slí agus an tuairisc chéanna á déanamh acu faoi dhó. Mar bharr ar an donas bíonn agallaimh Bhéarla a bhrú ar lucht féachana Nuacht TG4.

An mbeadh iriseoirí an Bhéarla sásta, nó in ann, an rud céanna a dhéanamh do Bhaile na hAbhann? Má tá scéal le Nuacht TG4 ó sheirbhís Bhéarla RTÉ tógaidís é mar atá nó craolaidís leagan ciorraithe de. 

Lena chois sin taibhsítear dom ar uairibh gurb é an giolla atá ina mháistir sa chaidreamh nuachta seo idir Baile na hAbhann agus Domhnach Broc agus an iomarca tionchair b’fhéidir ag Nuacht an Bhéarla ar na scéalta a bhíonn ar siúl ag iriseoirí Nuacht TG4. Bíonn tionchar aige sin ar an méid Béarla i míreanna TG4 agus daoine gan Ghaeilge fé agallamh.

Tá ceacht múinte ag Tommy Tiernan dúinn faoin nGaeilge dhá bhabhta le dhá mhí anuas.  

Fág freagra ar 'Ceacht Gaeilge ag Tommy Tiernan do RTÉ agus do Nuacht TG4 féin'

  • Pádraic

    Cuireann an nós sin as domsa freisin. Tá trua agam d’iriseoirí bochta Nuacht TG4. Má tá an tuairisc chéanna ag teastáil ó lucht na nuachta Béarla d’fhéadfaidís leagan giorraithe di a chraoladh i nGaeilge le fotheidil. Céard is fiú an tsúil eile má ghoideann RTÉ an t-ábhar sin sula gcraoltar ar TG4 féin é?

  • Éamonn

    Tá go leor daoine in RTÉ le Gaeilge. Cén fáth nach bhfuil siad in ann rud éigin cosúil le EITB na mBascach a dhéanamh agus dhá chlár a chraoladh den chaighdeán céanna.

    Agus ar ábhar eile, bhí an iomarca faoi na hárais máithreacha agus naíonán ar Nuacht TG4 aréir. Scéal tábhachtach atá ann go deimhin, ach bhí chuile thuairisc seachas ceann amháin fúthu.

  • Seán Mistéil

    Is fíor dhuit, a Bhreandáin, maidir leis an droch-nósmhaireacht sin ag RTÉ. Gan dabht, is stáisiún Béarla é RTÉ. Sa chomhthéacs sin, tá Tommy Tiernan le moladh go láidir – bíodh iontas orainn nó ná bíodh nuair a léirítear meas agus comhionannas mar a rinne sé

  • donnchadh ó seaghdha

    Is duine den gcosmhuintire é Tommie

  • Seán

    Píosa iontach mhaith. Tugtar tús áite i gcónaí don Bhéarla.
    Ach is sa ghaeltacht a chuirtear alltacht orm le déanaí. Comharthaí as béarla Déantar iarracht gnó a dhéanamh trí ghaeilge agus tiontaíonn muintir na háite ar an mbéarla. Muna labhraítear gaeilge sa ghaeltacht cén seans atá ar rté agus a leithéad