Titeann ‘The Regime’ ciotach idir trí stól

Is ar éigean go bhfuil taispeántas iontach Kate Winslet in ann an saothar mearbhlach seo a tharrtháil

Titeann ‘The Regime’ ciotach idir trí stól

Aisteoir ar leith í Kate Winslet atá ag treabhadh léi in iomaire na haisteoireachta le breis agus tríocha bliain.  Cé go bhfuil sí neadaithe i scioból samhlaíochta an phobail mar Rose in Titanic (1997) tá saothair théagartha agus taispeántais chumasacha taosctha chugainn aici i gcaitheamh na mblianta: Eternal Sunshine of the Spotless Mind (2004), Revolutionary Road (2007), The Reader (2009) agus le déanaí an tsraith iontach sin Mare of Easttown (2021). Ní haon iontas go bhfuil duais Oscar agus dhá dhuais Emmy gnóthaithe aici.

Sé cumas an aisteora iontaigh seo a dhéanann an saothar mearbhlach seo a tharrtháil ó umar na haimléise. Saothar drámatúil, polaitiúil agus greannmhar atá in ainm is a bheith sa tsraith The Regime (HBO/NowTV) ach go minic titeann sé idir na trí stól acu sin. Ábhar iontais é sin óir gurb é Will Tracy ó Succession (2018-2023) atá ar an bpeann agus Stephen Frears atá ar an stiúir.

Sí Elena Vernham (Winslet) atá mar Sheansailéir ar thír fhicseanúil i lár na hEorpa. Í i gcumhacht le seacht mbliana tar éis di an páirtí a bhunaigh a hathair a stiúradh chun cumhachta. Ní thógann sé i bhfad orainn a dhéanamh amach gur bean thíoránach, thiarnúil, róbhuartha í a bhfuil seachrán uirthi. Tá sí cliste is dainséarach in éineacht. Bean leanbaí, ach ceannaire atá glic ó thaobh an fhéinchaomhnaithe.

Neamh-mheabhair uirthi faoi fhrídíní na taise. An pálás maorga ina bhfuil sí ag maireachtaint á sciúradh gach aon chúpla seachain agus í de shíor ag dul isteach i gcochall ocsaigine. Ag tús an chéad ghála címid an saighdiúir Herbert Zubak (Matthias Schoenaerts) á earcú mar saghas garda cosanta; é de chúram air an taise timpeall uirthi a thomhas de shíor le giuirléid ait. Fear é seo a bhfuil a scéal cúlra foréigneach féin aige agus é i measc na saighdiúirí a dhein buíon mianadóirí a lámhach go brúidiúil. De réir a chéile téann sé i bhfeidhm uirthi agus bíonn an-tionchar aige uirthi. Na giollaí sleamhna atá ina timpeall ag iarraidh freastal uirthi ach ag scéiméireacht ag an am céanna.

Níl aon dabht ná go bhfuil an t-amhábhar anseo le saothar le dealramh a sholáthar. Buíon iontach aisteoirí agus ábhar go bhféadfaí adhmad a bhaint as, ach ar an drochuair imíonn rudaí sa bhfraoch. Níltear cinnte faoin sprioc atá ag an saothar.

Ó thaobh na polaitíochta tá cad é slaiseanna á gcaitheamh le himpiriúlachas Mheiriceá, na heachtrannaigh shantacha seo ag iarraidh éagóir a dhéanamh ar an tír agus cóbalt na tíre a chrochadh leo. I rith an ama tá slaiseanna, caint thíriúil, carúil agus gach re sea idir na carachtair. Ar uairibh tá an chuma ar chúrsaí gur aoir faoin gcumhacht agus an chaimiléireacht a d’fhéadfadh a bheith ann, stól eile. Scéal an ghobadáin.

Script fhuinte, aisteoireacht iontach ach scéal ciotach.

Fág freagra ar 'Titeann ‘The Regime’ ciotach idir trí stól'