Tá blaiseadh beag ar fáil den fhear grinn iomráiteach Conan O’Brien agus é ag Gaeilgeoireacht ar shobaldráma TG4, Ros na Rún.
Ghabh an scríbhneoir, láithreoir clár comhrá agus fear mór an ghrinn as Meiriceá a leithscéal as “sléacht” a dhéanamh ar an nGaeilge ina chaimeo ar Ros na Rún.
Níl an t-eagrán ina bhfuil páirt ag an mBrianach ann feicthe go fóill ag lucht féachana an tsobalchláir ach ar ndóigh thug an tábhairneoir Tadhg Ó Direáin, agus Macdara Ó Fatharta sa ról sin, aghaidh a chraois ar an bhfear seachadta, O’Brien.
“Ceann de na hócáidí ba phléisiúrtha domsa ar mo thuras go hÉirinn deis a fháil seal a chaitheamh ag obair le foireann agus criú Ros Na Rún,” a dúirt O’Brien.
“Gabhaim leithscéal roimh ré faoi shléacht a dhéanamh ar an teanga dhúchais de mo bhuíochas.”
Dé Máirt, an 30 Aibreán a chraolfar an t-eagrán ina mbeidh an fear grinn páirteach.
Bhí Ros na Rún le feiceáil freisin ar an gclár taistil Conan O’Brien Must Go ar HBO Max i Stáit Aontaithe Mheiriceá aréir.
Le linn a thuras deiridh ar Éirinn agus é ag scannánú dá sheó taistil Conan O’Brien Must Go, thug an fuirseoir aitheanta cuairt ar sheit Ros na Rún chun a mhír sa sobal a dhéanamh. Fuair sé cuidiú lena chuid Gaeilge ón gcóitseálaí teangeolaíochta Kevin Hussey.
Rinne O’Brien scannánú chomh maith sa Ghallbhaile i gContae Luimnigh, an áit arbh as dá bhunadh.
Siob
Iontach. Maith sibh uilig.