Tá naomh déanta de Navalny, ach an bhfuil an gradam sin tuillte aige?

B'fhéidir nach dtaitníonn polasaithe Putin linn, ach níl aon amhras ann ach go bhfuil tacaíocht an-mhór ar fad aige sa Rúis

Tá naomh déanta de Navalny, ach an bhfuil an gradam sin tuillte aige?

Tá a fhios s agam go nglacann móramh mhuintir na hÉireann – agus móramh b’fhéidir de lucht léite an cholúin seo – go bhfuil an Rúis agus réimeas Putin ar maos leis an olc, leis an ansmacht agus leatrom, sa gcaoi is go gcreidtear aon scéal diúltach fúthu. Ach i mo thuairim féin is scéal gan bunús ar bith an scéal a nglactar leis faoi bhás Alexei Navalny.

Gan fianaise dá laghad seachas claonadh frithRúiseach, agus in ainneoin go bhfuil muid ag fanacht ar an post mortem sa Rúis, tá sé fógartha ag an Tánaiste, urlabhraí frithRúiseachais na hÉireann, go bhfuil Putin ciontach sa mbás. Teastaíonn ó Mhicheál Martin, is cosúil, fanacht i dtiúin le ceannairí eile an Iarthair.

Tá clamhsán ann freisin faoin moill atá le corp Navalny a thabhairt dá mhuintir. Ach dá bhfaigheadh príosúnach bás i bpríosún in Éirinn bheadh an mhoill chéanna ann go dtí go mbeadh post mortem curtha i gcrích le siocair an bháis a chinntiú. Níl rud ar bith amhrasach faoi sin.

Má scrúdaítear an scéal oifigiúil san Iarthar ceapaim go bhfuil roinnt laigí soiléir d’éinne nach bhfuil a chuid súl dúnta ag an gclaonadh.

Ar dtús, d’aon ghuth, sna meáin Éireannacha is idirnáisiúnta, luaitear Navalny mar cheannaire fhreasúra na Rúise.

Ach de réir toghcháin is pobalbhreitheanna, ar an meán tá – nó bhí – tacaíocht 2% den phobal vótála ag Navalny. A dó faoin gcéad! Tá sé sin ar aon dul leis an leibhéal tacaíochta atá ag Pobal Seachas Brabús anseo in Éirinn, ach ní dóigh liom go dtabharfadh éinne ceannaire fhreasúra na hÉireann ar Richard Boyd Barrett.

Tá an teideal sin ag dul do Mary Lou McDonald, ceannaire an pháirtí is mó nach bhfuil sa rialtas.

Mar an gcéanna sa Rúis. Tá trí mhórpháirtí ann: An Rúis Aontaithe (páirtí Putin cé go dtugann sé neamhspleách air féin anois), a ghnóthaigh 51% den vóta sa toghcháin parlaiminte in 2021; an Páirtí Cumannach a bhí sa dara háit, a ghnóthaigh 19% sa toghchán céanna; agus Páirtí Liobrálach Daonlathach na Rúise (ar páirtí náisiúnaíoch den eite dheis é) a bhí sa tríú háit le 8%.

Ní bhfuair páirtithe atá fabhrach don Iarthar ach níos lú ná 2%.

Is é Gennady Zyuganov, ceannaire an Pháirtí Chumannaigh, mar sin, atá ina cheannaire ar an fhreasúra sa Rúis.

Níos tábhachtaí, glactar leis san meáin go bhfuil Putin ciontach as Navalny a mharú. Ach cén fáth? Ní baol ar bith do Putin duine nach bhfuil ach 2% den tacaíocht aige, agus bhí Navalny i bpríosún i bhfad ón saol polaitiúil.

Agus níos tábhachtaí fós, de réir Bild, an foilseachán Gearmánach a bhfuil ardmheas air, bhí an Rúis agus an Ghearmáin i mbun cainteanna le chéile le haghaidh Navalny a mhalartú le príosúnach Rúiseach sa nGearmáin, Vadim Krasikov.

Más malartú a bhí i gceist bheadh sé ait leath den mhalartú a mharú.

Ar ndóigh tá naomh déanta ag meáin an Iarthair de Navalny. Ach an bhfuil an gradam sin tuillte aige?

Ag tús a shaoil pholaitiúil bhí Navalny sa bpáirtí Yabloko, páirtí ar son lucht an rachmais is ar son an dlúthchairdis le Meiriceá. Faoi 2003, ámh, ní raibh aon ionadaíocht ag Yabloko sa Duma, Parlaimint na Rúise.

Ach díbríodh as Yabloko é nuair a rinne sé ionsaí ar Mhoslamaigh na Rúise, ag rá gur ciaróga iad agus go mba chóir iad a mharú. Ba náisiúnaíoch Rúiseach é Navalny, agus maidir leis an Úcráin, mar shampla, dúirt sé nár chóir stát neamhspleách Úcránach ar bith a bheith ann.

Ní dóigh liom go bhfuil an oiread sin measa ag muintir na hÚcráine ar Navalny.

Taobh thiar de sin uile tá caint ann atá ag iarraidh amhras a tharraingt ar dhlisteanacht réimeas Putin. B’fhéidir nach dtaitníonn a chuid polasaithe linne – ní maith liomsa mar shampla a dhearcadh faoin rachmas nó faoi chearta daoine aeracha – ach níl aon amhras ann ach go bhfuil tacaíocht an-mhór ar fad aige sa Rúis.

Agus má bhíonn muid ionraic, léiríonn gach toghchán is gach pobalbhreith nach bhfuil ach dornán fíorbheag daoine sa Rúis atá fabhrach don Iarthar.

Ní hin le rá go bhfuil sé sin ceart nó mícheart, cé go bhfuilim féin, ar ndóigh, báúil leis an dearcadh sin. Ach nach n-ardaíonn sé ceisteanna faoin scéalaíocht oifigiúil i dtaobh na Rúise, agus i dtaobh Navalny go háirithe?

Go háirithe nuair atá leas á bhaint as a bhás le tuilleadh caiteachais a dhéanamh ar armais san Aontas Eorpach, ag an am céanna nach bhfuil aird dá laghad á tabhairt ag meáin na hÉireann ar chás Julian Assange, ar príosúnach coinsiasa é go fírinneach.

Ná ligimis don chlaontacht muide a dhalladh ar an bhfírinne.

Fág freagra ar 'Tá naomh déanta de Navalny, ach an bhfuil an gradam sin tuillte aige?'

  • Indrek

    Cinnte, ní naomh é Navalny agus ráitis chonspóideacha eisithe aige uaireanta, go háirithe ag tús a fheachtais blianta ó shin. Rud eile atá cinnte, áfach, go raibh a chroí istigh sa gcaimiléireacht a ruaigeadh as an Rúis agus i gcóras daonlathach a chur ar bun. Agus rinne sé an íobairt is mó a d’fhéadfaí a shamhlú – a shaol féin a thabhairt suas ar son a thíre, an Rúis. Nach bhfuil meas tuillte aige mar gheall air? Níl aon dabht gur Putin atá freagrach as a bhás, fearacht go leor daoine eile a sheas an fód ina choinne, ar nós Politkovskaya, Manitsky, Berezovsky, Litvinenko agus Nemtsov.

  • Niall S.

    Ní naoimh amháin a mharaíonn an diabhal!

  • Vitaly

    Mar is eol dom – ‘sé traidisiún na hÉireann: meas, ómós agus trócaire a bheith agat i leith na ndaoine marbha, daoine a bhí ag céasadh agus ag fulaingt. Nach bhfuil?

  • jpmorley0@gmail.com

    Bhí an nimh san fheoil acu dá chéile le fada riamh agus bhíodh Nevalny ag magadh faoi go minic, fiú sna laethanta deireanacha… “an firín beag bradach”, mar shampla. Thaitin sin, ní foláir, le ceannaire chomh mórchúiseach le Putin, duine sanntach suimiúil sotalach díoltasach a mbíonn bróga le sála arda aige á chaitheamh. Dhiúltaigh Putin ainm Nevalny a rá fiú amháin. Bhí gealt in aon chillín leis agus ‘Bobby Sands’ istigh leis ina dhiaidh sin sa Gulag ar feadh i bhfad…é -20 céim i rith an gheimhridh. ‘Speáin Nevalny na hollmhaitheasaí agus an saibhreas thar meon atá cruinnithe ag Putin agus ag a chuid gíománach agus an t-airgead go léir atá folaithe acu san Iarthar, i Sasana go háirithe.
    Nimh san fheoil, go deimhin féin, ó
    is é Putin atá deas air.

  • An tSean Commie Bocht

    An ceart ag Eoin. Grá mór ag muintir na Rúise dá gceannaire lách Putin. Cloisim go bhfuil sé chun breis agus 80% den vóta a bhuachaint i dtoghchán na huachtarántachta. Agus nár vótáil rud éigin ar nós 99% de na daoine sna críocha fuascailte sa Rúis Nua (oirthear na hÚcráine mar a bhíodh) ar son athaontú leis an mátharthír? Maidir le Politkovskaya, Manitsky, Berezovsky, Litvinenko, Nemtsov agus an cuid eile acu, bíonn daoine ag iarraidh an millean a chur ar Putin i gcóir gach saghas rud. Tá an saol dainséarach – d’fhéadfadh duine ar bith againn nimh a tholgadh, nó titim amach as fuinneog, nó bheith maraithe ag coirpigh sráide nó bás a fáil i gcampa géibheann sa tSibéir ag am ar bith.

  • Áine

    An bhfuil níos mó muiníne agam as Eoin ‘níl an Rúis chun ionradh a dhéanamh ar an Úcráin’ Ó Murchú mar fhoinse eolais faoin Rúis nó as Vitaly agus Indrek? Fan go smaoineoidh mé….

  • Eoin Ó Murchú

    Feicim nach bhfuil éinne thuas ag argóint i gcoinne mo phointe nach ceannaire freasúra a bhí i Navalny, nó i gcoinne an phointe go raibh idirbheartaíocht ar tí a bheith curtha i gcrích le Navalny a mhalartú le príosúnach Rúiseach, Vadim Krasikov, sa nGearmáin. Ceapim go bhfuil Krasikov níos tabhachthaí do Phutin ná Navalny riamh.

  • Concubhar

    Is céim chinniúnach i dtreo duine a chanónú mairtíreach a dhéanamh as – agus tá Putin tar éis amhlaidh a dhéanamh le Navalny. Ní naomh duine ar bith againn ach ní chiallaíonn sin go bhfuil an bás tuillte againn. Bíodh is nach gá aontú le gach rud a dúirt Navalny le linn a ré pholatúil, is féidir a aithint go bhfuair sé bás ná raibh tuillte aige. Is maith liom éagsúlacht tuairimí a bheith ann ach is mór idir éagsúlacht tuairimíochta agus tuairimí ósréalaíocha Uí Mhurchú chomh fada agus a bhaineann sé leis an Rúis.

  • An tSean Commie Bocht

    Dála an scéil maidir leo siúd a dheireann go bhfuil torthaí toghcháin agus reifrinn na Rúise amhrasach, tá siad ag úsáid slat tomhais iartharach. Níl torthaí den chinéal sin neamhchomónta má bhreathnaíonn lasmuigh den bholgán an iarthair. Bhuaigh Saddam Hussein 100% den vóta i reifreann i 2002 maidir le ar cóir dó leanúint ar aghaidh mar cheannaire na tíre. Fuair ceannaire na Coiré Thuaidh Kim Jong-il 99.9 % de na vótaí i 1999, Raul Castro 99.4% votes i dtoghchán 2008 i gCúba agus Bashar al-Assad 97.6% i reifreann uachtarántachta sa tSiria i 2007. Fágann said sin ar fad Putin in áit na leathphingine ó thaobh leibhéal tacaíochta de.

  • Séamus

    Is dóigh go bhfuil an cheart ag Eoin faoi torthaí toghachán na Rúise, torthaí oifigiúla eisithe ag an rialtas. Táim amhrasach faoi cruinneas na torthaí agus amhrasach freisin faoi bhás Navalny agus faoi shaoirse na meán sa Rúis. Fear sách óg ab ea Navalny. Bhí cáil air mar gníomhaí frith-rialtas. Bhí aitheantas aige mar cheannródaí ar fud an domhain. Is comhtharlúint ollmhór é a bhás tobann roimh olltoghchán uachtaránachta. Ní hé seo an chéad uair a tharla eachtra mar seo. I 2015 maraíodh Boris Nemstov i Moscó, ceannaire freasúra eile a bhí ag cur i gcoinne an chogaidh a bhí ar siúl san Úcráín i 2015. Tá ceisteanna fós le freagairt ag udaráis na Rúise maidir le básanna Navalny agus Nemtsov.

  • Séamus

    Is minic go mbíonn ‘approval ratings’ an-ard ag deachtóirí i dtíortha nach bhfuil go leor saoirse cainte ann, ní scéal nua é sin. Is dócha go mbíonn Eoin Ó Murchú sásta glacadh leis na ‘approval ratings’ arda a fhaigheann Assad sa tSiria freisin. Is cuimhin liom uair amháin ag éisteacht le EÓM ar ‘Cormac ag a Cúig’ agus é ag maíomh go raibh na daoine sa Choré Thuaidh lán-sásta leis an rialtas ansin, mar gur dúirt siad a leithéid nuair a rinneadh ‘vox-pop’ leo ar shráideanna Pyonyang. Sin é an cineál anailís a dhéanann sé.

    Ní mór dúinn a bheith ar an airdeall maidir le tuairimí den sórt atá nochta thuas. Is maith le daoine áirithe scéal mór a dhéanamh d’fhadhbanna i dtíortha daonlathacha san Iarthar agus ansin leithscéalta a chumadh thar ceann Putin agus a leithéid. Ní ann do utopia ar an saol seo, ach is fearr i bhfad an daonlathas, saoirse cainte agus saoirse na meán ná a mhalairt.
    Níl Éire foirfe, go cinnte, ach tá sé i bhfad níos éasca dul chun cinn a dhéanamh, agus sochaí níor fearr a thógáil, i dtír dhaonlathach oscailte.

  • Pádraic

    B’fhéidir nach aon naomh é Navalny ach is cinnte nach aon naomh é Putin. Chuir Eoin Ó Murchú an tacaíocht a bhí ag Navalny i gcomparáid leis an tacaíocht atá ag an bpáirtí Pobal Seachas Brabús sa tír seo ag 2%. Más é sin an scéal é cén fáth gur chuir Putin cosc ar Navalny agus a pháirtí tabhairt faoi na sráideanna lena gcuid tuairimí a nochtadh. Cén fáth gur chuir sé Navalny faoi ghlas gan aon chúis a raibh bunús leis a chur ina leith. Cén fáth go ndearna gníomhairí Putin iarracht Navalny a dhúnmharú i 2020 trí nimh a thabhairt dó. Cén fáth gur aistríodh é go príosún i bhfad as baile agus go bhfuair Navalny bás tobann in aois a 47 cé gur bhreathnaigh sé a bheith sláintiúil an lá roimhe sin. Cén fáth nár lig lucht údaráis an phríosúin cead dá mháthair a chorp a thabhairt abhaile go ceann seachtaine tar éis a bháis. Cén fáth fiú anois go bhfuil faitíos ar lucht seirbhíse sochraide a gcuid seirbhíse a chur ar fáil chun go bhféadfadh a mhuintir a chorp a chur i gcré na cille? Táim ag ceapadh á mba rud é gurb é sin an chaoi a gcaithfeadh Taoiseach na tíre seo le ceannaire an pháirtí Pobal Seachas Brabús nach mórán duine a déarfadh gurb é sin an bealach ceart le déileáil leis an bhfreasúra.