Ó DHÚCHAS: Tá an chuach ag cuachaireacht léi i gCois Fharraige – is iomaí sin pisreog a bhaineann léi

Tá an chuach ag cuachaireacht léi i gCois Fharraige agus misneach is dóchas na soininne tugtha chugainn aneas aici ach is iomaí sin pisreog a bhí ag bean Chiarraí dúinn i mBailiúchán na Scol

Ó DHÚCHAS: Tá an chuach ag cuachaireacht léi i gCois Fharraige – is iomaí sin pisreog a bhaineann léi

Éan is ea an chuach gur maith le daoine a guth do chlos nuair a thagann sí chugainn sa samhradh.

Bíonn cluas le héisteacht ar gach aoinne féachaint cathain a chloisfidh sé ag labhairt í agus cé acu cluas leis ina labhróidh sí mar chuirfeadh san in iúl dó cé acu an t-ádh nó an mí-ádh a bheadh ina chomhair i rith na bliana.

Is luaithe a chloistear í mar a mbíonn crainn agus coillte ná in aon áit eile, mar is ionúin léi iad.

“Má labhrann an chuach ar chrann gan duilliúr

Díol do bhó agus ceannaigh arbhar.”

Deirtí nár labhair an chuach riamh ar chrann gan bileog ghlas air.

Rud eile a deirtear dá dtéadh an gobadán i mbéal na cuaiche go dtitfeadh an t-aer agus an talamh ar  a chéile. An gobadán [banaltra na cuaiche] an t-éan a bíonn ag leanúint na cuaiche i gcónaí.

Tá mórán piseog i dtaobh na cuaiche – deirtear má chloiseann duine an chuach ina chluais dheis go mbeidh an t-ádh leis i rith na bliana, ach má chloiseann sé ina chluais chlé í ná raghaidh aon ní chun cinn dó agus go mbeidh an uile shaghas mí-ádh agus ainnise á leanúint i rith na bliana ar fad.

Ach má bhíonn sé de mhí-ádh ar dhuine an chuach  labhairt ina chúl, bíodh súil aige lena bhás, bás duine gaolmhar, nó trioblóid éigin eile a bheith chuige.

Deirtear an té a nglaonn an chuach ina chúl, go mbéarfar a lán uain dhubha dó ag an am céanna agus go mbeidh sé in umar na haimléise ar feadh na bliana amach roimhe.

Seo rud a d’fhéadfadh duine triail do bhaint as ar chlos na cuaiche dó an chéad uair, le féachaint an mairfidh sé i bhfad.

An chéad nóiméad a chloisfidh tú í, seas gan corraí san áit ina bhfuil tú.

Ansan ardaigh do chos agus féach an bhfuil aon ribe fúithi.  Má tá agus má tá sí liath mairfidh tú go mbeidh tú aosta agus mura mbeidh an ribe liath, bás go hóg atá i ndán duit [de réir na piseoige]!

Rud eile a dhéantar ar chlos na cuaiche den chéad uair, airgead a fháil má tá sé agat agus a bheith á chaitheamh ó lámh go lámh fhad is a bheidh an chuach ag glaoch.  An té a dhéanfaidh é seo ar chlos na cuaiche dó ar dtús gach bliain, ní bheidh ceal airgid air go deireadh na bliana. Ach más ar do chúl atá sí ag glaoch níl aon mhaith duit cleas an airgid a dhéanamh ná a a bheith sa tóir ar an ribe liath ach oiread!

Siobhán Ní Chonchubhair [1938]

Scoil Bhun Inbhir

Cill Chrócháin

Co Chiarraí

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Tá an chuach ag cuachaireacht léi i gCois Fharraige – is iomaí sin pisreog a bhaineann léi'