Tá Meiriceá níos scoite ón gcuid eile den domhan ná riamh

Ar fud an domhain, áfach, tá brúidiúlacht Iosrael i ndiaidh daoine a spreagadh le seasamh níos láidre ina aghaidh – agus tá súil ghéar á díriú ar na Stáit Aontaithe

Tá Meiriceá níos scoite ón gcuid eile den domhan ná riamh

Is cosúil go bhfuil na Stáit Aontaithe níos scoite amach ón gcuid eile den domhan ná riamh, i ndiaidh gur chros siad rún ag an gComhairle Slándála de na Náisiúin Aontaithe a bhí ag moladh sos cogaidh i nGaza, is gur chaill siad vóta faoin moladh céanna sa Chomhthionól Ginearálta, 153 in aghaidh 10, le 23 ag staonadh.

Ní raibh i dteannta SAM ach An Ostair, Poblacht na Seice, Iosrael, Nua-Ghuine Phapua, Paragua, Guatamala, an Libéir, an Mhicrinéis agus Nauru.

Bhí comhghuaillíocht an Iarthair féin scoilte. Bhí Ceanada, an Astráil agus an Nua-Shéalainn ar son an rúin, agus an Ghearmáin is an Bhreatain ina measc siúd a staon.

I gcás na Gearmáine is na hOstaire, ar ndóigh, tuigtear go bhfuil ualach mór ciontachta orthu mar gheall ar choireanna na Naitsithe san Uileloscadh. Bíonn an-leisce ar an dá thír seo, inar fhás an Naitsíochas, cáineadh ar bith a dhéanamh ar Iosrael.

Ar fud an domhain, áfach, tá brúidiúlacht Iosrael i ndiaidh daoine a spreagadh le seasamh níos láidre ina aghaidh – agus tá súil ghéar á díriú ar na Stáit Aontaithe féin.

Aithníonn Uachtarán Mheiriceá, Joe Biden, an fhirinne seo agus is tá moladh d’Iosrael dá bharr tarraingt siar sa gcogadh agus marú sibhialtach a sheachaint más féidir.

Ach ní féidir sin a dhéanamh nuair a bhíonn ospidéil, moscanna, scoileanna is foirgnimh phoiblí eile ina dtargaidí. Agus ní féidir le Meiriceá an chiontacht a sheachaint nuair is iad a sholáthraíonn an lón cogaidh – na buamaí móra, na diúracáin, na tancanna is na heitleáin.

Tá Jake Sullivan, comhairleoir slándála ag Biden, i ndiaidh bualadh le príomhaire Iosrael, ach tá na focail bhreátha ag imeacht le gaoth mar níl Netanyahu ag tabhairt aird dá laghad ar a bhfuil á iarraidh ag Biden – go fóill, ar aon chuma.

Ar ndóigh is í an chaint láidir seo ó Mheiriceá an toradh atá ar an mbrú atá ar SAM, ní hamháin go polaitiúil ag na Náisiúin Aontaithe, ach i gcúrsaí trádála freisin agus fás BRICS ag léiriú go bhfuil tionchar eacnamaíochta Mheiriceá ag dul ar gcúl.

Ach an dtabharfaidh Iosrael aon aird ar impí Biden? Táim amhrasach go dtabharfaidh. Sa gcéad áit, cé go bhfuil an Páirtí Daonlathach ag cailliúint a lán tacaíochta, i measc an aosa óig go háirithe, is fórsa an-láidir í an stocaireacht Iosraelach i bpolaitíocht Mheiriceá, agus ní fheicim go bhfuil Netanyahu buartha faoi dheacrachtaí Mheiriceá sa Domhan Theas.

Sa dara háit, ní chreideann Netanyahu go seasfadh muintir Iosrael leis dá ngéillfeadh sé don bhrú idirnáisiúnta seo.

Ag an am céanna, ceapaim go dtuigeann na daoine is ciallmhaire in Iosrael agus lucht riaracháin Mheiriceá nach féidir sa bhfadtéarma neamhaird a dhéanamh den chur i gcoinne idirnáisiúnta seo.

Sin sa bhfadtéarma, ach san idirlinn leanfaidh Iosrael leis an ár uafásach atá ar siúl, agus ag an am céanna beidh an brú ar Mheiriceá ag dul i méad.

Céard is féidir a dhéanamh mar sin le stop a chur leis an ár?

In ainneoin diongbháilteacht Netanyahu, ag deireadh thiar ní bheidh sé in ann neamhaird a dhéanamh de SAM má chuireann an domhan an brú ceart ar Mheiriceá.

Tá gach cosúlacht go leanfaidh na tíortha Arabacha lena gcuid iarrachtaí an brú a threisiú, agus is ceart don tír seo a bheith ar an bport céanna leosan.

I gcead do Leo Varadkar, labhraíonn sé go maith faoin scéal seo agus go deimhin rinne sé sin ón tús. Bhí ról lárnach aigesean taobh istigh den Aontas Eorpach, rud a fhágann go bhfuil móramh ann anois atá ag iarraidh sos comhraic iomlán.

Maidir le Meiriceá, caithfear brú a chur orthu gan a thuilleadh buamaí is uirlisí cogaidh a chur go dtí Iosrael. Tá a fhios ag an saol nach féidir le hIosrael leanúint leis an bhforéigean gan armas ó Mheiriceá.

Ní ghéillfidh SAM go héasca don éileamh seo, ach is cóir go gcuirfeadh muide ár nguth leis an iarracht ó na stáit Arabacha. Má chuireann sé fearg ar Mheiriceá, nach fiú sin má éiríonn leis stop a chur leis an gcogadh?

Cheana féin tá ar a laghad os cionn 7,000 páiste maraithe ag na hIosraelaigh. Sin é an figiúr oifigiúil ó údaráis sláinte na Palaistíne –níl a fhios ag éinne cé mhéad corp atá thíos faoin smionagar.

Deir Iosrael go leanfaidh siad leis an gcogadh go ceann roinnt míonna eile. Ach cé mhéad páiste, bean is fear, sean is óg atá le marú sula mbeidh Iosrael sásta?

Fág freagra ar 'Tá Meiriceá níos scoite ón gcuid eile den domhan ná riamh'