Tá Jamie Wall chomh maith le haon chóitseálaí iomána a chonaic mise riamh

Bhí Wall mar bhainisteoir ar fhoireann Choláiste Mhuire Gan Smál a bhuaigh Corn Mhic Giobúin an deireadh seachtaine seo caite

Tá Jamie Wall chomh maith le haon chóitseálaí iomána a chonaic mise riamh

Jamie Wall. Pictiúr: INPHO/Oisin Keniry

Comhghairdeachas le Coláiste Mhuire Gan Smál, Luimneach (MIC) a thug leo Corn Mhic Giobúin an Satharn seo caite. Roimh thús an chomórtais, ní mórán saoi a bhí ag tuar go mbeidís ag imirt sa chluiche ceannais, gan a bheith ag caint ar an gcorn iomráiteach a thabhairt leo, ach rinneadar díreach sin faoi stiúir an fhir óig ionspioráidigh, Jamie Wall.

Chonaiceamar na pictiúir ar fud na meán de féin agus a chol ceathrair Podge Collins, iar-réalt peile agus iománaíochta an Chláir, i ndiaidh na feide deiridh agus an bharróg cheanúil a rug siad ar a chéile ar an taobhlíne. B’in an tríú huair a d’imir an coláiste sa chluiche ceannais faoi stiúir Wall agus an dara huair a bhuadar sna seacht mbliana atá curtha isteach aige mar bhainisteoir.

Bhí sé de phléisiúr agam a bheith ag obair leis don chlár Underdogs dhá bhliain ó shin. Ag an am céanna, bhí sé mar bhainisteoir ar a chlub féinig, Cill Bhriotáin i gCorcaigh, agus is iomaí oíche a thiomáin sé abhaile ó áiteanna mar Áth Luain, an Uaimh, agus Loch Garman chun seisiúin traenála a reáchtáil nó chun a bheith i láthair ag cluiche. Ansin, shuíodh sé isteach sa charr, stopfadh sé áit éigin leathshlí chun béile sláintiúil (Síneach!) a ithe sa charr agus ansin bheadh sé ullamh don traenáil a bhíodh againn moch an mhaidin ina dhiaidh sin. Chothaigh sé an-mheas i measc na n-imreoirí agus bhí sé gach pioc chomh maith le haon chóitseálaí iomána a chonaic mise riamh. Níor chuir bac, srian, cathaoir rotha nó drochaimsir isteach ar an bhfear seo agus é in ard-form le linn na seisiún nó ar an taobhlíne dos na cluichí. Is iontach an duine é.

Ar ais go dtí na cluichí an deireadh seachtaine seo agus na bainisteoirí lánsásta go bhfuil na comórtais tríú leibhéal thart agus na himreoirí go léir ar ais leis an phainéal contae.

Tá aicsean i Roinn 1B tráthnóna i Staid Semple agus an Iarmhí ar cuairt. Níl aon dabht ach go bhfuil na Tiobraid Árannaigh sásta go leor leis an dul chun cinn atá déanta acu go dtí seo i mbliana. Tá cuid mhaith imreoirí úsáidte acu agus cuid mhaith des na seanlaochra fós le teacht ar ais. Is dócha go bhfuil cumas na hIarmhí áit éigin idir na taispeántais a thug siad sa ghreadadh a fuaireadar ón nGaillimh agus an taispeántas dearfach a thugadar i gcoinne Luimnigh ach beidh sé deacair acu tráthnóna.

Beidh níos mó eolais ag Áth Cliath fúthu féin i ndiaidh an chluiche i gcoinne Luimnigh i bPáirc an Chrócaigh um thráthnóna. Tá sé cinnte go bhfuil Luimneach ag géarú agus ag úsáid roinnt mhaith imreoirí nua.

Rachaidh Gaillimh chuig Béal Feirste amárach, áit a dtabharfaidh Aontroim dúshlán ceart dóibh. Tá bua ag teastáil go géar ón bhfoireann baile ach is dóigh go mbeidh sé deacair é a fháil i gcoinne imreoirí na Gaillimhe a bheidh ag iarraidh a thaispeáint do Henry Shefflin go bhfuil siad maith go leor don phainéal craoibhe.

I bPáirc Uí Nualláin, beidh Uíbh Fhailí dóchasach go maith i ndiaidh an taispeántais a thugadar i gcoinne Loch Garman coicís ó shin ach, mar sin féin, tá sé deacair a shamhlú go mbuafaidh siad i gcoinne Chill Chainnigh agus na Cait ag imirt sa bhaile.

Trasna na teorann beidh an Clár, a bhfuil an dá chluiche go dtí seo acu buaite acu, ag imirt i gcoinne Loch Garman, dream eile nach bhfuil cluiche caillte acu agus iad críochnaithe ar comhscór lena gcéilí comhraic faoi dhó. Táim ag súil le cath dian go leor anseo.

Caithfidh go mbeidh cath i bPáirc Uí Chaoimh freisin, áit a mbeidh na Déise agus Corcaigh ag tabhairt aghaidh ar a chéile. Tá pointí ag teastáil go géar ón bhfoireann baile agus cé go bhfuil siad ag bun an tábla, níl an cogadh sraithe caillte acu fós. Má bhuann siad amárach agus má bhuann an Clár agus na Cait, beidh Uíbh Fhailí ag bun an tábla agus Corcaigh, Loch Garman agus Port Láirge ar na pointí céanna. Chuirfeadh sé sin faobhar ar an dá chluiche deireanach.

Fág freagra ar 'Tá Jamie Wall chomh maith le haon chóitseálaí iomána a chonaic mise riamh'

  • WTF

    Oiliúnaí nó Oiliúnóir (seachas ‘cóitseálaí’ …focal mí-dheas)