Tá imní léirithe ag oifigigh pleanála teanga faoin easpa soiléire atá ann maidir le todhchaí na hearnála agus moill beagnach dhá bhliain ar athbhreithniú ar a gcuid oibre.
Faoi dheireadh na bliana seo, beidh deireadh le saolré naoi gcinn de na pleananna teanga Gaeltachta agus cé go bhfuil cinneadh déanta ag Roinn na Gaeltachta síneadh dhá bhliain a chur le pleananna atá imithe in éag, tá frustrachas ar oifigigh pleanála teanga nach féidir leo forbairt a dhéanamh ar an obair atá ar bun acu ina gceantair féin.
Chruinnigh oifigigh pleanála teanga ó cheann ceann na tíre le chéile in Óstán Chois Fharraige mar chuid de thionól náisiúnta. Cé go raibh oifigigh ó Údarás na Gaeltachta i láthair chun plé a dhéanamh, níor tugadh aon eolas faoin athbhreithniú ar fheidhmiú na chéad deich bplean teanga, athbhreithniú a bhí le foilsiú in earrach 2024 ach nach bhfuil tásc ná tuairisc air go fóill in ainneoin é a bheith i seilbh na Roinne.
“Tá ár bplean ag críochnú ag deireadh na bliana seo. Tá dhá bhliain le cur leis an bplean reatha, agus beidh orainn plean nua a réiteach,” a mhínigh Barra Ó Siochrú, oifigeach pleanála teanga i gCorca Dhuibhne.
“Tá an-chuid ceisteanna fós ann: cé a bheidh ag ullmhú na bpleananna? Cén cur chuige a bheidh ann? Cén ról a bheidh ag na coistí agus na hoifigigh?
“Is léir gur leithscéal atá ag an Roinn an t-athbhreithniú a bheith mall. Tá sé idir lámha acu le dhá bhliain,” arsa Ó Siochrú.
Dúirt Ó Siochrú go raibh an-tacaíocht faighte aige ó Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, an cheanneagraíocht atá freagrach as plean teanga Chiarraí Thiar a chur i bhfeidhm ach go raibh easpa eolais ann ón Roinn.
Dúirt sé gur cheart go mbeadh athbhreithniú neamhspleách á dhéanamh ar chur i bhfeidhm na bpleananna teanga go leanúnach seachas a bheith ag brath ar choistí deonacha agus ar na hoifigigh féin chun an obair sin a dhéanamh.
“Is léir go bhfuil an tÚdarás ag ullmhú [do na pleananna nua] ach níl an treoir ag teacht ón Roinn. Tá imní orm maidir le cad a tharlóidh. Cá bhfuil ár dtriall? Tá imní orm go gcaillfimid an móiminteam atá againn. An próiseas [pleanála teanga] mar rud – an bhfuil an meas ceart á léiriú ag an Rialtas air?”
Tá an t-athbhreithniú a rinne an comhlacht comhairleoireachta Barr Feabhais Teo ar na chéad deich bplean teanga curtha faoi bhráid na Roinne ó 2024 ach níl sé foilsithe go fóill agus theip ar Aire na Gaeltachta a rá cén uair a chuirfear os comhair an phobail é.
Agus é ag labhairt sa Dáil, dúirt an tAire Dara Calleary go dtuigeann sé an frustrachas atá ann faoin moill ar obair a roinne maidir leis an bpróiseas pleanála teanga ach go bhfuil “an t-uafás oibre” ar bun chun tacú leis an earnáil.
Dúirt an tAire go raibh €3 milliún breise ceadaithe don phróiseas pleanála teanga in 2026 faoin mBuiséad.
Dúirt an Teachta Dála Conor D. McGuinness, a bhí ina oifigeach pleanála teanga i nGaeltacht na nDéise tráth, gur ghlac sé leis go raibh obair mhaith ar siúl sa Roinn i dtaca leis an earnáil ach go raibh “fadhb le héiginnteacht”.
Dúirt McGuinness, urlabhraí Gaeltachta Shinn Féin, go raibh riachtanais na gceantar Gaeltachta athraithe ó cuireadh roinnt de na pleananna teanga i bhfeidhm an chéad lá riamh.
Thagair sé freisin do na deacrachtaí a bhíonn ann oifigigh pleanála teanga a earcú agus a choinneáil. Dúirt an tAire Calleary gur thuig sé go raibh deacrachtaí ar leith i dtaobh chúrsaí earcaíochta agus go raibh súil aige go mbeadh ceachtanna le foghlaim ón athbhreithniú.
Dúirt Dónall Ó Cnáimhsí, oifigeach pleanála teanga d’iarthuaisceart Dhún na nGall, go bhfuil plean an cheantair i measc na gcinn a bhfuil síneadh curtha leo ach gur gá an t-athbhreithniú a fhoilsiú chun gur féidir foghlaim uaidh.
“Beidh an t-athbhreithniú ina thúsphointe. Na moltaí a thiocfaidh as sin beidh siad ina mbunús do na moltaí a bheidh sna pleananna úra. Tá muid ag súil le treoir agus moltaí. Dúradh [ag cruinniú na n-oifigeach] go mbeadh soiléireacht i dtaca leis an treoir agus an tacaíocht agus muid ag dul chun tosaigh.
“Dúradh go mbeadh cúrsaí níos fearr ná mar a bhí agus go mbeadh cúrsaí cumarsáide níos fearr idir na hoifigigh pleanála teanga, an tÚdarás agus an Roinn.
“Gealladh dúinn go mbeadh an t-athbhreithniú againn faoin am seo, ach níl iomrá ar bith air.”
Chomh maith leis na naoi bplean a bheidh imithe in éag faoi dheireadh 2025, beidh deireadh ag teacht le sé phlean teanga eile an bhliain seo chugainn.
Donncha Ó hÉallaithe
Is mór an náire an scéal seo. An tuarascáil tábhachtach seo leis an Roinn le bliain go leith agus an Roinn á choinneáil óna ceanneagraíochtaí pleanála teanga ? Tá an cuma ar an scéal go mbíonn moill le gach rud a thagann faoi bhráid Roinn na Gaeltachta: Bille an Údaráis curtha ar an méar fhada arist; níor ullmhaíodh na Treoirlínte Pleanála don Ghaeltacht in am sula a aisghairmíodh Mír 28 den Acht Pleanála 2000 ar an 2 Deireadh Fómhair 2025, a chuir deireadh ag teacht le Treoirlínte Pleanála agus an cuma ar an scéal nach raibh an tAire ar an eolas ar an 17 Samhain, agus é faoi agallamh ar RnaG, go raibh deireadh tagtha leis na Treoirlínte céanna!
An bhfuil sé in am fiosrúchán a chur ar bun faoi Roinn na Gaeltachta le fáil amach céard is cúis leis an mí-éifeacht agus leis an moilleadóireacht?
Lillis Ó Laoire
Ba mhaith an mhaise don Aire brú a chur ar an Roinn cúrsaí a bhrú ar aghaidh. Is próiseas forbartha atá sa phleanáil teanga, do na hoifigigh agus don phobal i bpáirt le chéile. Ní thig an fhorbairt sin a chur ar aghaidh go sásúil mura dtuigeann na coistí éagsúla go soiléir go bhfuil todhchaí rompu agus go dtacófar lena bhfuil bainte amach i bhfad na haimsire, ionas gur féidir feabhas a chur ar na pleananna agus straitéisí éifeachtacha eile a chur chun tosaigh.