71 duine fostaithe mar oifigigh pleanála teanga sa Ghaeltacht le seacht mbliana

Ó cuireadh tús le feidhmiú na bpleananna teanga in 2018 bhí 35 post ann d’oifigigh pleanála teanga, ach ba de réir a chéile a tháinig na poist sin chun cinn i gcaitheamh na seacht mbliana sin

71 duine fostaithe mar oifigigh pleanála teanga sa Ghaeltacht le seacht mbliana

71 duine a fostaíodh mar oifigigh pleanála Teanga (OPT) ó ceapadh an chéad oifigeach pleanála teanga sa Ghaeltacht i mí an Mheithimh 2018.

Ó cuireadh tús le feidhmiú na bpleananna teanga in 2018 bhí 35 post ann d’oifigigh pleanála teanga, ach ba de réir a chéile a tháinig na poist sin chun cinn i gcaitheamh na seacht mbliana sin. Ó cuireadh tús leis na pleananna teanga bhí triúr ann a d’oibrigh mar oifigigh i níos mó ná áit amháin.

Dúirt oifigigh pleanála teanga na Gaeltachta go neamhbhalbh ag cruinniú de chuid Choiste Oireachtais na Gaeilge anuraidh nach bhfuil an córas pleanála teanga ag obair mar gheall ar easpa acmhainní agus tacaíochta ón stát.

Dúirt siad gur fadhb mhór í an “éiginnteacht” a bhaineann lena gcuid oibre agus faoina bhfuil i ndán dóibh féin agus don chóras nuair a thagann deireadh leis na pleananna teanga atá á gcur i bhfeidhm acu. Mhaígh formhór na n-oifigeach nach bhfuil an córas mar atá ag obair, go bhfuil ródhualgas leagtha orthu féin agus an iomarca cúraimí éagsúla orthu chomh maith le doiléire faoina ról.

Dúirt urlabhraí de chuid Údarás na Gaeltachta le Tuairisc go n-aithníonn an eagraíocht forbartha Gaeltachta go bhfuil “roinnt mhaith” oifigeach pleanála teanga tar éis éirí as a bpoist ach go bhfuil an treocht sin ag teacht leis an treocht náisiúnta fostaíochta.

“Ón méid a chloiseann feidhmeannaigh an Údaráis, tá an mhórchuid díobh siúd a bhí fostaithe mar OPTanna roimhe seo fós fostaithe in earnáil na Gaeilge, in eagraíochtaí Gaeilge sa Ghaeltacht agus fiú san Údarás féin. Is léiriú é seo ar na deiseanna iontacha atá ag teacht chun cinn in earnáil na Gaeilge le tamall anuas.

“Mar atá le feiceáil ag an leibhéal náisiúnta, tá treochtaí ag dul i dtreo síorathrú mar a bhaineann sé le conarthaí fostaíochta. Ní haon ní éagsúil é seo don Ghaeilge, nó do na poist sa phleanáil teanga nó earnáil na Gaeilge,” a dúradh.

Tá 30 OPT i mbun oibre sna 26 limistéar pleanála teanga faoi láthair agus tá ceithre fholúntas ann. Tá na folúntais sin in Árainn Mhór agus i dToraigh i nDún na nGall, ar an gCeathrú Rua i gContae na Gaillimhe, agus i nDúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh ar an teorainn idir Gaillimh agus Maigh Eo. Líonadh folúntas a bhí i Maigh Cuilinn i nGaillimh le deireanas agus tosóidh an oifigeach pleanála teanga nua ansin an mhí seo chugainn.

Dúirt an t-urlabhraí ón Údarás go mbíonn na daoine a fostaíodh mar oifigigh pleanála teanga “sár-oilte, tiomanta agus díograiseach” agus gur “beag cúis iontais go bhfuil éileamh orthu ó fhostóirí eile” mar gheall ar an “taithí den scoth” a fuair siad agus iad ag obair sa chóras pleanála teanga.

Tá cead ag ceanneagraíochtaí pleanála teanga i gcúig Limistéar Pleanála Teanga beirt oifigeach pleanála teanga a fhostú – sin iad Gaoth Dobhair; Rann na Feirste, Anagaire, agus Loch na Iúir; Maigh Eo Thuaidh; Conamara Láir; Cois Fharraige; agus Ciarraí Thiar. Cuirtear buiséad €180,000 sa bhliain ar fáil do na ceanneagraíochtaí sin.

Oifigeach pleanála teanga amháin agus buiséad €120,000 sa bhliain atá ceadaithe do na limistéir eile pleanála teanga. Tá triúr fostaithe in Oileáin Árann – duine amháin sna trí oileán, cé go n-aithnítear Oileáin Árann mar aon LPT amháin.

Tá athbhreithniú neamhspleách atá déanta ar an an gcóras pleanála teanga sa Ghaeltacht ag Roinn na Gaeltachta le cúig mhí ach níl siad sásta a rá cén chúis atá leis an moill mhór ar a fhoilsiú ná cathain a fhoilseofar é.

Cuireadh tús leis an athbhreithniú trí bliana ó shin agus tá gach sprioc a luadh ó shin sáraithe.

Is é Údarás na Gaeltachta a chuireann maoiniú ar fáil do na ceanneagraíochtaí pleanála teanga lena bpleananna seacht mbliana a chur i bhfeidhm.

Bhí drogall ar Údarás na Gaeltachta eolas faoi líon na n-oifigeach pleanála teanga a bhí ann ón tús a scaoileadh le Tuairisc. Iarradh ar an eagraíocht forbartha Gaeltachta an t-eolas a thabhairt den chéad uair ag tús mhí Eanáir 2025. Tugadh le fios nach raibh a fhios ag Údarás na Gaeltachta cé mhéad duine a fostaíodh mar oifigeach pleanála teanga ó cuireadh tús leis an bpróiseas pleanála teanga.

Nuair a theip ar an iarratas sin ar eolas, rinne Tuairisc iarratas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Diúltaíodh don iarratas sin mar gheall go “gcuirfeadh [an] t-iarratas isteach go mór agus go míréasúnta ar an obair”.

Luaigh Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail, agus Pleanála Teanga an Údaráis, Rónán Mac Con Iomaire an ráta athraithe foirne i measc na n-oifigeach pleanála teanga in agallamh ar Nuacht TG4 ag tús mhí Feabhra.

Dúirt sé go raibh an “churn-rate” sna earnáil pleanála teanga mórán mar a chéile leis an ráta ginearálta ó thaobh cúrsaí fostaíochta i ndiaidh na paindéime Covid.

D’fhiafraigh Tuairisc den Údarás cén rátaí imeachta a bhí a rabhthas ag tagairt dó san agallamh. Níor freagraíodh an cheist agus arís tugadh le fios nach raibh an t-eolas ag an Údarás féin.

Dúirt urlabhraí de chuid an Údaráis gur fearr “plé díreach a dhéanamh leis na ceanneagraíochtaí pleanála teanga” le figiúirí fostaíochta na n-oifigeach pleanála teanga a fháil.

Dúradh an uair sin gur tugadh le fios ag cruinniú boird de chuid Údarás na Gaeltachta gurb í an mheántréimhse fostaíochta d’fhostaithe idir 25-34 bliain ná 3.2 bliain, agus go raibh “athruithe i dtreochtaí fostaíochta” tar éis na paindéime Covid-19.

Tháinig an t-eolas ón Údarás, a mhaígh siad nach raibh acu, ar deireadh i mí Aibreáin.

Fág freagra ar '71 duine fostaithe mar oifigigh pleanála teanga sa Ghaeltacht le seacht mbliana'

  • Siún

    Leisce ar Ú na G líon na bhfostaithe sna OPTanna a insint. Cad atá á gceilt acu?
    Tá nod don eolach taobh thiar den scéal sin. Eagla atá Ú na G mar go dtuigeann siad gur sop in áit na scuaibe atá sa phleanáil teanga.
    Is mór an trua nach bhfuil brúghrúpa Gaeltachta ann chun cur in aghiadh an cur i gcéill seo atá ar siúl ag an Stát faoin “phleanáil teanga”.
    Tá na céadta mílte Euro á gcaitheamh ag Ú na G ar monarchain agus ionaid oibre lán le Béarlóirí agus níl éinne ag cur in aghaidh an scannail sin.

  • MC

    Tá sé in am brú a chuir ar an tÚdarás. Ceapann siad nach bhfuil gá dóibh ceisteanna a fhreagairt.