Tá formhór na ndaoine atá á léamh seo ag iarraidh go mbeadh sos cogaidh agus síocháin san Úcráin. Mar dhuine a chaith a lán ama ag foghlaim faoin scéal seo ó thús, ba mhaith liom a bheith ábalta a rá libh go bhfuil muid gar don tsíocháin agus go n-éireoidh le hiarrachtaí Donald Trump. Ach léiríonn an fhianaise atá os mo chomhair a mhalairt dom.
Tá díospóireacht ann ó thús an chogaidh idir an dream a mhaíonn go ndearna Putin ionradh ar an Úcráin mar gheall ar NATO agus chun stop a chur le cos ar bolg a maíodh a bheith á dhéanamh ar Rúisigh eitneacha sa Donbas, agus an dream a deir gur fiontar impiriúil nó faisisteach nó fiú cinedhíothach a bhí san ionradh.
An phríomhfhadhb a chonaic mé féin leis an gcéad argóint i gcónaí ná gur thacaigh an méid a bhí á rá ag na Rúisigh féin leis an dara hargóint. Ó thús an mhórionraidh tá sé ráite gan stad gan staonadh ag raon leathan polaiteoirí, tráchtairí agus craoltóirí a bhfuil cead cainte acu san Rúis gurb í an aidhm atá ag leis mórionradh ná deireadh a chur leis an Úcráin agus leis an Úcránachas agus Rúisigh a dhéanamh de na hÚcránaigh.
Deir fiú cuid acu, os ard, nach bhféadfaí seo a dhéanamh gan na milliúin Úcránach a mharú nó a dhíbirt nó a chur i ngéibheann. Níl aon easpa fianaise ann faoi seo, thug mé samplaí den reitric chinedhíothach anseo agus anseo agus anseo agus anseo agus anseo.
Ní deas an rud é a chreidiúint gurb é seo i ndáiríre an rún daingean atá ag an Rúis, lena mhacallaí den Naitsíochas agus an ‘réiteach deireanach ar cheist na nGiúdach’. Níor theastaigh uaim féin é a chreidiúint.
Mar sin seachas a rá go cinnte gurb é sin a dhéanfadh na Rúisigh dá bhféadfaidís, is amhlaidh gur chuir mé an cheist, cén fáth nár chóir dúinn iad a chreidiúint nuair a deir siad linn gurb é sin atá ar intinn acu? Bhíos leath ag súil go bhféadfadh duine éigin freagra sásúil ar an gceist sin a thabhairt dom, ach ní hamháin nach bhfuair mé freagra míshásúil, ní bhfuair mé freagra ar bith.
Ach b’fhéidir go bhfuil fianaise éigin ann anois ó thosaigh Donald Trump ag iarraidh deireadh a chur leis an gcogadh go bhfuil an reitric seo maolaithe agus pobal na Rúise á ullmhú i gcomhair comhréiteach agus chun maireachtáil taobh le taobh le stát neamhspleách saor Úcránach? Ba bhreá liom a bheith ábalta a thuairisciú gur mar sin atá. Ach seo cúpla ceann den iliomad sampla a léiríonn a mhalairt:
Ar an 28 Feabhra 2025 scríobh an t-eolaí polaitiúil agus an tráchtaire aitheanta ar mheáin cheadaithe na Rúise, Rostislav Ishchenko, nach ‘féidir leis an Úcráin a bheith ann go neamhspleách, agus tá sé thar a bheith deacair í a leachtú, ach tá sé riachtanach sin a dhéanamh, nó beimid i gcónaí ag déileáil le stát zombaí – ní marbh, ní beo, ag caitheamh acmhainní gan chiall agus ag nimhiú gach rud timpeall air’.
Ar an 28 Aibreán scríobh an t-iriseoir míleata Rúiseach, Alexandear Sladkov: ‘Má fhágann muid an cogadh i gcoinne na hÚcráine leathchríochnaithe gan dímhíleatú, dínáisiúnú, ansin cinnteoidh muid go mbeidh orainn cogadh eile a throid leis an Úcráin chéanna.’
Agus ar an 3 Bealtaine scríobh Sergey Mironov, ceannaire sa Duma ar an bpáirtí ‘Rúis Chóir – Ar son na Fírinne’ agus iarchathaoirleach ar Chomhairle na Cónaidhme: ‘Lig dom béim a leagan air seo: gan an réimeas Naitsíoch a dhíothú, ní bhainfear spriocanna na hoibríochta speisialta míleata amach. Thuig ár n-aithreacha agus ár seanaithreacha é sin go maith. Sin an fáth go ndeachaigh siad go Beirlín. Ba chóir dúinne déanamh amhlaidh.’
Arís, ní maith liom a chreidiúint gurb é sin a d’fhéadfadh a bheith i ndán do mhuintir na hÚcráine. Agus arís fiafraím an féidir le duine ar bith a mhíniú cén fáth nár chóir dúinn aos polaitiúil agus meáin na Rúise a chreidiúint nuair a deir siad linn go soiléir gur seo atá ar intinn acu?
An méid atá tarlaithe ó thosaigh Donald Trump ag iarraidh síocháin a bhaint amach san Úcráin lagaíonn sé tuilleadh an argóint go raibh an cogadh faoi NATO nó faoi chearta Rúisigh eitneacha sa Donbas, agus neartaíonn sé an argóint go mbaineann an cogadh seo leis na rudaí a deir na Rúisigh fhéin go mbaineann sé leo – ceart na hÚcráine agus an Úcránachais a bheith ann in aon chor.
Thairg Trump margadh do Putin dá n-aontódh sé le sos cogaidh, go gcuirfí ballraíocht NATO don Úcráin as an áireamh agus go mbeadh an chuid is mó den Donbas, agus críocha gafa fairsinge eile ina bhfuil tromlach mór pro-Úcránach, ar fad ag an Rúis. Dá dteastódh ón Rúis an chuid bheag eile den Donbas a fháil bheadh sé deacair don Úcráin diúltú dá n-ofráladh siad na réigiúin ina bhfuil tromlach mór pro-Úcránach a thabhairt ar ais mar mhalartú.
Ach níor ghlac an Rúis le tairiscint Trump. Leanann an Rúis uirthi ag rá mar fhreagra ar gach moladh do shos chogaidh nach féidir leo aontú go dtí go dtugtar aghaidh ar ‘bunchúiseanna na coimhlinte’. Agus mar a deir siad linn arís agus arís agus arís eile is í bunchúis na coimhlinte an seachmall atá ar na hÚcránaigh go gcreideann siad nach Rúisigh iad.
Glacann formhór tráchtairí neamhspleácha leis go bhfuil tromlach sa Chrimé ar son a bheith aontaithe leis an Rúis, tá conspóid ann faoi cé acu an raibh nó nach raibh tromlach ar son aontú leis an Rúis sa Donbas roimh thús an chogaidh in 2014. Ach ní raibh aon amhras riamh bunaithe ar thorthaí toghcháin, reifrinn agus suirbhéanna go bhfuil tromlach mór pro-Úcránach sa dá chúige eile a bhfuil cuid díobh gafa ag an Rúis agus a bhfuil sí ag éileamh go dtabharfaí di iad ina n-iomlán mar réamhchoinníoll do shos cogaidh – is iad sin Kherson agus Zaporizhia.
Fiú an Rúiseach eitneach as oirthear na hÚcráine Galina Golodnikova a labhair liom i gcomhair ailt agus a bhí cáinteach faoi iarrachtaí na hÚcráine an Donbas a athghabháil tar éis 2014, dúirt sí maidir le Kherson agus Zaporizhia: ‘Níor theastaigh uathu riamh filleadh ar an Rúis seachas b’fhéidir corrdhuine anseo is ansiúd.’ Ach tá an Rúis ag iarraidh na hÚcránaigh seo a choimeád faoina cois agus de réir tuairisciú eagraíochtaí chearta daonna, tá an Rúisiú éigeantach agus an dí-Úcránú faoi lán seoil anois sna críocha gafa.
Agus dar ndóigh tá ceist na mílte páiste as an Úcráin atá fuadaithe ag an Rúis agus atá á Rúisiú acu agus gan aon nod tugtha ag an Rúis go mbeadh siad sásta iadsan a thabhairt ar ais mar chuid d’aon socrú síochána.
An bhfuilim cinnte go bhfuilim ceart nach féidir teacht ar chomhréiteach leis an Rúis maidir leis an Úcráin? Nílim. Is iomaí duine i stair na tráchtaireachta le níos mó saineolais ná mise ar ábhair éagsúla a rinne tairngreachtaí nár fíoraíodh, agus tá súil agam go bhfuilim mícheart.
Ach ní féidir liom ligint orm nach ann don fhianaise a fheiceann mo shúile agus a chloiseann mo chluasa go bhfuil idé-eolaíocht mharfach impiriúlach chinedhíothach i réim sa Rúis. Idé-eolaíocht nach ngéillfidh go dtí go mbeidh an Réiteach Deireanach faighte aici ar Cheist na nÚcránach.
Art
Dúradh linn in alt eile i Tuairisc inné go bhfuil Kherson agus Zapororizhia mar chuid den Donbas – ‘an Chrimé agus na ceithre oblast sa Donbas’ a dúradh – agus seo anois iad go míorúilteach an lá ina dhiaidh sin agus gan iad mar chuid den Donbas a thuilleadh. Ní féidir leis an dá rud a bheith fíor – an féidir?
Seán Mag Leannáin
‘Tá díospóireacht ann ó thús an chogaidh idir an dream a mhaíonn go ndearna Putin ionradh ar an Úcráin mar gheall ar NATO agus chun stop a chur le cos ar bolg a maíodh a bheith á dhéanamh ar Rúisigh eitneacha sa Donbas, agus an dream a deir gur fiontar impiriúil nó faisisteach nó fiú cinedhíothach a bhí san ionradh.’ N’fheadar an gá go bhfuil an ceart go hiomlán ag ceann amháin den dá argóint seo agus nach bhfuil bunús ar bith leis an argóint eile? B’fhéidir go bhfuil cuid den fhírinne ag an dá thaobh? Is cinnte go bhfuil realpolitik taobh thiar den chogadh. Is cinnte freisin gur deachtóir gan scrupall gan trócaire é Putin. Deirtear go bhfuil thart ar 20 faoin gcéad den Úcráin faoi smacht na Rúise faoin am seo. An bhfuil fianaise ar an talamh go bhfuil cinedhíothú á chur i bhfeidhm sna críocha gafa seo cheana féin? Ní áirím daoine ag teitheadh ón réimeas nua. Cé nach bhfuil sé ráite go hoscailte ag Netanyahu go bhfuil cinedhíothú á chur i bhfeidhm i nGaza is léir ón bhfianaise ar an talamh gurb amhlaidh atá sé. Is léir go bhfuil an t-ocras éigeantach á úsáid ag rialtas Netanyahu mar uirlis troda. Cé gur deachtóir brúidiúil gan scrupall é Putin fós féin is cúiseamh an-tromchúiseach é a chur ina leith go bhfuil sé mar aidhm chogaidh aige an Réiteach Deireanach a chur i bhfeidhm san Úcráin. Cad é an fhianaise ar an talamh go bhfuil sé seo ag tarlú sna críocha atá gafa cheana féin?
sderóiste
Deir polaiteoir.i imeallacha agusc raoltóiri is iriseoiri a lá, seachas an Chrimé agus na chei9thre oblast sa Dponbas.n rudaí – ar nós na ndaoine a deir gur Naitsithe iad na Rúisigh in ainneoin go ndamndaíonn an Rúis an Naitsíochas gan stad (i gcuimhne an chogaidh ar ndóigh) – ach sé an rud is tabhachtai ná a ndeir an Rúis oifigiuil: Putin, Lavrov, Dmitri Peskov, urlabhrai an stáit.
Ní labhraíonn aon duine diobh, daoine oifigiúla atá i gceannas, sa gcaoi go dtugann Fachtna le fios. Faoinláthair féin tá an Rúis go hoifigiúil ag moladh socrú síochána le Ucráin neodrach – gan an Chrimé is na cheithre oblast sa Donbas ach leis na gcuid eile den tir neamhspleách is neodrach, agus saor le conradh a dh.éanamh leis an AE seachas conradh míleata.
Is trua nach bhfuil s sin a rá, in ionad a bheith ag iarraidh argóint a chur chun cinn gur chóir leanacht leis an gcogadh fuilteach seo, cogadh nach bhfuil seans dá laghad ag an Úcráin go mbeadh an bua acu ann.
Seán Mag Leannáin
“Tá díospóireacht ann ó thús an chogaidh idir an dream a mhaíonn go ndearna Putin ionradh ar an Úcráin mar gheall ar NATO agus chun stop a chur le cos ar bolg a maíodh a bheith á dhéanamh ar Rúisigh eitneacha sa Donbas, agus an dream a deir gur fiontar impiriúil nó faisisteach nó fiú cinedhíothach a bhí san ionradh.” N’fheadar an gá go bhfuil an ceart go hiomlán ag ceann amháin den dá argóint seo agus nach bhfuil bunús ar bith leis an argóint eile? B’fhéidir go bhfuil cuid den fhírinne ag an dá thaobh? Is cinnte go bhfuil realpolitik taobh thiar den chogadh seo. Is cinnte freisin gur deachtóir gan scrupall gan trócaire é Putin. Deirtear go bhfuil thart ar fiche faoin gcéad den Úcráin faoi smacht na Rúise faoin am seo. An bhfuil fianaise ar an talamh go bhfuil cinedhíothú á chur i bhfeidhm cheana féin sna críocha gafa seo? Ní áirím daoine ag teitheadh ón réimeas nua.
Cé nach bhfuil sé ráite go hoscailte ag Netanyahu go bhfuil cinedhíothú á chur i bhfeidhm i nGaza is léir ón bhfianaise ar an talamh gurb amhlaidh atá sé. Is léir go bhfuil an t-ocras éigeantach á úsáid ag rialtas Netanyahu mar uirlis troda in aghaidh ghnáth-shiabhialtaigh. Cé gur deachtóir brúidiúil gan scrupall é Putin, fós féin is cúiseamh an-tromchúiseach é a chur ina leith go bhfuil sé mar aidhm chogaidh aige an Réiteach Deireanach a chur i bhfeidhm san Úcráin. Cad é an fhianaise ar an talamh go bhfuil sé seo ag tarlú sna críocha atá gafa ag an Rúis cheana féin?
Fachtna Ó Drisceoil
Art – tá an ceart agat, ní fhéadfadh an méid a sríobh Eoin Ó Murchú faoin Donbas agus an méid a scríobh mise faoi a bheith fíor ag an am céanna.
Is é freagra an BBC ar an gceist ‘What is Ukraine’s Donbas?’ ná ‘two big eastern regions, Luhansk and Donetsk, which run from outside Mariupol in the south all the way to the northern border with Russia.’ https://www.bbc.com/news/world-europe-60938544. Aimseofear an sainmhíniú céanna i go leor foinsí eile ar nós ‘The Gates of Europe – A History of Ukraine’ le Serhii Plokhy nó fiú ar Goolge Maps nó Wikipedia. Níl a fhios agam an comhtharlúint é go bhfuil an botún céanna is a bhí in alt Eoin Uí Mhurchú ag sderóiste thuas is é ag tagairt do ‘na cheithre oblast sa Donbas’ ach más amhlaidh gur phioc sé suas ó alt Uí Mhurchú é ní fhéadfaí teachta ar shampla níos fearr chun tábhacht an chruinnis a léiriú, agus an tábhacht go gceartófaí botúin nuair a dhéantar iad. Rinne mé fhéin moltaí in alt cheana in Tuairisc a bhain lena leithéid seo. https://tuairisc.ie/ta-meain-scriofa-ghaeilge-nua-a-mbunu-ach-caithfear-caighdean-ard-a-chinntiu/ Ar a laghad faoi gcóras seo bheadh sé níos soiléire do na léitheoirí cé hiad na ciontóirí is rialta.
Fachtna Ó Drisceoil
‘Níl gá againn leis an Úcráín. Tá gá againn le Rúis mór mór.’
Dmitry Medvedev, Leas Chathaoirleach Comhairle Slándala na Rúise, Iar-Uachtarán agus Iar-Phríomh Aire na Rúise 4 Aibreán 2023
‘Níl aon bunús stairiúl don smaoineamh gur náisiún ar leith ó na Rúisigh iad na hÚcráinigh.’ Vladamir Putin, 12 Iúil 2021.
‘Is é a bheidh i mbua do-stoptha na Rúise san oibríocht míleata speisialta ná cliseadh millteanach sa seachchogadh don Úcráineach deireannach.” Cathaoirleach Choiste an Duma ar Ghnóthaí Idirnáisiúnta Leonid Slutsky ceann de sraith teachtaireachtaí ar an dul céanna ar na meáin shóisialta idir 24 Feabhra 2022 agus 30 Aibreán 2025
Fachtna Ó Drisceoil
Trácht iontach agus ceisteanna iontacha ó Sheán Mag Leannáín. An ceart aige nach gá go mbeadh an dá rud ag teacht salach ar a chéile. Bheadh orm alt eile a scríobh chun dul i nlgeic leis na ceisteanna agus na pointí ar fad agus seans go ndéanfaidh mé é sin!