Tá sé fógartha ag Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, go bhfuil an chéad chuid de mhargadh síochána in Gaza aontaithe idir Iosrael agus an grúpa Palaistíneach, Hamas.
Bua ‘stairiúil’ a thabharfadh síocháin go dtí an Meánoirthear, a thug an tUachtarán Trump ar an socrú is déanaí seo, socrú ina ndearna sé féin idirghabháil.
Tá dóchas á léiriú ag oibrithe fóirithinte go mbeidh deis acu anois soláthairtí a thabhairt isteach go scafánta go Gaza.
Cé nach bhfuil an socrú seo buan, táthar ag súil go gcuirfear deireadh leis an gcinedhíothú a tharraing tubaiste dhaonnúil ar phobal Ghaza agus a d’fhág ar an anchaoi iad agus iad i mbéal an bháis leis an ocras.
Bhí an dá phobal a d’fhulaing le dhá bhliain anuas ag ceiliúradh nuair a fógraíodh an socrú is déanaí, na Palaistínigh in Gaza agus teaghlaigh na ngialla Iosraelacha atá fós i ngéibheann nó marbh. Thángthas ar an gcomhréiteach seo tar éis idirbheartaíocht dhian chasta san Éigipt.
Beidh cruinniú ag rialtas Iosrael inniu chun vótáil ar an margadh seo agus má ghlactar leis cuirfear tús láithreach leis an sos comhraic.
Tá geallta ag Iosrael go ligfear 400 leoraí soláthairtí fóirithinte isteach go Gaza sna chéad chúig lé den sos comhraic.
Sa gcéad chéim den socrú seo ní mór d’Iosrael a chuid trúpaí a tharraingt siar go dtí líne ar leith in Gaza, líne a bhfuil an dá thaobh aontaithe fúithi.
Deir na Stáit Aontaithe nach dóigh go dtógfadh sé níos mó ná 24 uair an chloig ar Iosrael na trúpaí a tharraingt siar.
I ráiteas ó oifig Benjamin Netanyahu, Príomh-Aire Iosrael, dúradh gur ag an tráth sin a chuirfear tús leis na trí lá, 72 uair an chloig, atá ag Hamas leis an gialla atá acu a ligean abhaile.
Faoin socrú nua seo, déanfar na gialla atá fós ina mbeatha agus taisí na ngialla atá básaithe a mhalartú ar 250 príosúnach Palaistíneach atá ag cur isteach príosún saoil agus 1700 duine eile as Gaza a cuireadh i bpríosún gan triail ó thosaigh an cogadh.
Níl Iosrael agus Hamas ar aon fhocal faoi na príosúnaigh ar fad a gheobhadh cead a gcos.
Ní bréag a rá gurb é an socrú seo an seans is mó atá ann le deireadh a chur leis an gcogadh atá ag scrios le dhá bhliain, ach is cinnte go bhfuil deacrachtaí móra fós le sárú sula mbeidh aon tsíocháin bhuan ann. Ar na hábhair is dúshlánaí atá le socrú tá, éileamh Iosrael go ndéanfaí dí-armáil iomlán ar Hamas, aistarraingt Iosrael as Gaza agus plean rialaithe Gaza amach anseo.
Dúirt an tUachtarán Donald Trump go gcuideodh na Stáit Aontaithe le Gaza a atógáil agus go dtabharfaí “comhairle síochána” le chéile a bheadh “an-chumhachtach”.
Aonghus Mac an tSaoir
Cé a chreidfeadh go bhféadfadh Hamas deireadh a chur leis an slad trí na gialla a thabhairt ar láimh agus teacht ar chomhréiteach? Más fíor go bhfuil Iosrael ag iarraidh cinedhíothú a dhéanamh ar na Palaistínigh, cén fáth a mbeidís sásta sos cogaidh a chomhaontú agus gach cineál cúnaimh dhaonnachtúil a ligean isteach chuig stráice Gaza?
Tá an-trua agam do leithéidí ‘Gaeil ar son Gaza’ – cad a dhéanfaidh siad lena gcuid ama feasta nuair nach féidir leo léirsiú i gcoinne Iosrael as ‘cinedhíothú’ a dhéanamh? Tá súil agam go ndíríonn siad a gcuid airde ar na pobail eile atá faoi chois ar fud an domhain. Is féidir leo tús a chur leis sin trí aird a tharraingt ar an milliún Uigiúrach atá curtha i gcampaí géibhinn ag rialtas na Síne ó 2014 i leith gan triail a thabhairt dóibh. Faraor, tuigim gur beag an tsuim atá ag leithéidí ‘Gaeil ar son Gaza’ (ná ag Tuairisc.ie) i gcoimhlintí nach bhfuil Giúdaigh páirteach iontu.