Is ón Eastóin ó dhúchas mé agus tá beagán Gaeilge foghlamtha agam ó tháinig mé anseo go hÉirinn nuair a bhí mé sé bliana d’aois.
Ach cé gur ón Eastóin mé níl Eastóinis ar bith agam ná ag éinne de mo mhuintir. Is cainteoirí Rúisise muid.
Mar gheall ar an gcúlra sin ba mhaith liom labhairt faoin alt faoin Eastóin a bhí ag Mairéad Ní Nuadháin ar Tuairisc le déanaí.
Ba mhaith liom rudaí san alt faoi shaol na gcainteoirí Rúisise faoin réimeas nua a chur ina gceart, mar ní dóigh liom go dtugann Mairéad pictiúr cruinn dúinn den chás mar atá.
Tá cainteoirí Rúisise lonnaithe sna réigiún Baltacha, an Eastóin ina measc, leis na céadta bliain. Ní inimirceoirí muid. Freisin ní raibh stát neamhspleách Eastónach ar bith ann roimh Réabhlóid na mBoilséiveach i 1917.
Tháinig náisiúnachas eitneach Eastónach chun tosaigh ansin, ag tógáil ar an ‘athmhúscailt’ náisiúnach a thosaigh timpeall 1853. Ach ba iad an mheánaicme Eastónach a bhí i mbun na gluaiseachta sin, agus chruthaigh siad rialtas in aghaidh na Réabhlóide, le cabhair ón nGearmáin.
D’fhás dearcadh frithchumannach faoin réimeas nua, agus chruthaigh an rialtas agus an junta míleata a bhí i gceannas caidreamh leis an nGearmáin Naitsíoch ar bhonn frithchumannachais. Cuireadh daoine a bhí i gcoinne an rialtais i bpríosún, cainteoirí Eastóinise agus cainteoirí Rúisise in éineacht.
Chuir an rialtas smacht ar na ceardchumainn agus, mar thoradh air sin, ghlac comhghuaillithe Eastónacha páirt ghníomhach san Uileloscadh, faoi cheannas is faoi stiúir na Naitsíoch.
Tá an t-eitneachas Eastónach inniu, cosúil le heitneachais eile atá ag tíortha eile i ndiaidh dheireadh an Aontais Shóivéadaigh, bunaithe ar an dearbhú bréagach gur chuir an tAontas Sóivéadach srian ar chearta teanga na ndaoine dúchasacha Eastónacha i bhfabhar na Rúiseach.
Léiríonn fianaise ó na cartlanna agus ó dhaoine a d’fhás suas san Eastóin Shóisialach go bhfuil cúrsaí go hiomlán difriúil. Cosúil leis an Úcráin, caomhnaíodh cultúr agus teanga náisiúnta na hEastóine agus stádas náisiúnta na tíre, agus ligeadh don teanga fás agus forbairt go hoscailte in éineacht le teanga an Aontais ar fad, an Rúisis.
Taispeánann íomhánna ón tréimhse go ndéanadh daoine ceiliúradh ar na nósanna dúchasacha agus iad gléasta i bhfeisteas náisiúnta na nEastónach, agus go mbíodh ainmneacha óstáin, sráideanna, agus fiú imeachtaí an Pháirtí Chumannaigh á bhfógair in Eastóinis agus i Rúisis araon.
In ainneoin gur mhair an dá phobal go síochánta le chéile, tá an stát agus rialtas na hEastóine i ndiaidh bréagscéal a chur chun cinn, agus tá rath air mar insint, go raibh a dteanga agus a gcearta cultúrtha faoi bhagairt, agus dá bharr sin, go raibh an ceart acusan idirdhealú a dhéanamh in aghaidh lucht labhartha na Rúisise san Eastóin.
Mar sin, ó 1991, thug an stát Eastónach tástálacha teanga agus ‘pasanna eachtrannach’ isteach chun daoine a labhraíonn an Rúisis a scaradh ó lucht na hEastóinise. D’fhág an t-idirdhealú lucht labhartha na Rúisise i bpurgadóir dlí, gan an stádas céanna acu leosan a raibh pas Eastónach acu.
Ba ghnáthoibrithe mo thuismitheoirí ach de bharr an t-idirdhealú sin, ní raibh aon dul as acu ach imeacht ón Eastóin agus saol nua a chruthú anseo in Éirinn, an tír inar tógadh mise.
Ghlan an stát Eastónach amach ón saol poiblí oifigigh a labhair an Rúisis nó a tháinig ó ré an Aontais Shóivéadaigh. Fuarthas réidh le daoine i saol na polaitíochta, nó i bpostanna sa chóras poiblí, riaracháin, dlí agus póilíneachta agus cuireadh dúchasaigh Eastónacha ina n-áit.
Is eol go coitianta, go dtí lár na 1990idí féin, go raibh tréimhse ann ina dtarlaíodh tubaistí go síoraí toisc go raibh an córas póilíneachta scriosta ar mhaithe le glúin nua d’Eastónaigh dhílse a thraenáil.
Sa lá atá inniu ann tá an cineál céanna deighilte fós á cothú ag an reitric leanúnach fhrith-Rúiseach. Cuid mhór de na bearta sin, ní chun leas aon duine iad. Mar shampla, tá iallach curtha ar mhúinteoirí nach múineann teanga na hEastóinise scrúduithe teanga san Eastóinis a dhéanamh. Tuairiscíodh i mí Iúil gur theip ar 72% de na múinteoirí sna scrúduithe sin go hiomlán.
Fógraíodh i mí Feabhra an sprioc “deireadh a chur” leis an Rúisis. Is é an toradh glan air seo ná an imirce agus 1,500 múinteoir, ar an meán, ag imeacht gach bliain, daoine oilte ag fágáil agus sochaí na hEastóine fágtha dá n-uireasa.
Is é fírinne an scéil gur cainteoirí Rúisise iad go leor daoine san Eastóin. Tóg Narva, an baile teorann in aice leis an Rúis, is cainteoirí Rúisise breis is 95% den phobal sa bhaile sin ach tá siad ag iarraidh fanacht san Aontas Eorpach. B’fhéidir nach bhfuil cuid acu tógtha leis an treo atá an tAE ag dul ar ábhair éagsúla, ach ní leor é sin mar údar lena gcearta sibhialta a theorannú.
An mbeadh éinne in Éirinn sásta leithcheal den chineál seo a imirt in aghaidh Phrotastúnaigh an Tuaiscirt nuair a thiocfaidh Éire aontaithe?
Peter Logan
Go h-ana suimiúil: go raibh maith agat. Tá breis cleachtanna le foghlaim ag Éireannaigh ón alt ná an ceann a léiriodh faoi dheireadh.
Eoghan Ó Néill
An-suimiúil an píosa sin faoi dhaoine san Estóin agus nach sin an buntáiste nuachtán mar Tuairisc a bheith againn a thugann léargas níos iomláine dúinn ar chúrsaí an tsaoil!
Donncha Ó hÉallaithe
“Léiríonn fianaise ó na cartlanna agus ó dhaoine a d’fhás suas san Eastóin Shóisialach go bhfuil cúrsaí go hiomlán difriúil. Cosúil leis an Úcráin, caomhnaíodh cultúr agus teanga náisiúnta na hEastóine agus stádas náisiúnta na tíre, agus ligeadh don teanga fás agus forbairt go hoscailte in éineacht le teanga an Aontais ar fad, an Rúisis.”
Ní cruinn ar chor ar bith an ráiteas sin thuas, Alex, faoin stádas na hUcráinis faoi réimeas an USSR.
Dr Piarda Mór
Tagraíonn an t-údar don Úcráin –
“cosúil leis an Úcráin”.
Bheadh sé suimiúil a thuairimí a fháil faoin tír sin freisin. Tugann sé le fios nach ndearnadh aon leithcheal ar an Rúisis sa tír sin ach oiread ach ní hin adeir Putin!
Indrek Ois
A Alex chóir, cuireann sé ríméad orm go bhfuil teanga na nGael tugtha leat agat, ach is mór an truaí nach ndearna tú iarracht ariamh an Eastóinis, teanga na tíre inar rugadh thú, a fhoghlaim. Dá ndéanfadh, chuile sheans go mbeadh tuiscint níos fearr agat ar mhuintir na hEastóine agus ar stair na tíre. Ní lia duine ná tuairim, mar a deirtear. Ach tá an cur síos atá ag déanta agat ar mo thír dhúchais chomh fada ón bhfírinne go gcuirfreadh sé cat ag gáirí. An té a bhfuil spéis agat sa scéal, is féidir leis dul i muinín na vicipéide nó aon fhoinse eile. Ní luaifidh mé ach rúd amháin. Deir tusa go bhfuil cónaí ar an bpobal Rúiseach san Eastóin leis na gceádta bliain. Agus tá, mar shampla na ‘seanchreidmhigh’ a theigh ón Rúis sa 17ú haois le héalú ón ngéarleanúint. Ach is pobal é sin a bhí teanga na tíre ar a dtoil acu ón tús agus iad ina ndlúthchuid den tsochaí Eastónach. Anuas air sin, ba níos lú ná 10% den daonra iad na Rúisigh sula ndearna an tAontas Sóivéadach seilbh a ghlacadh ar an Eastóin in 1940. Is tar éis an dara cogadh domhanda a tosaíodh ar lucht oibre Rúiseach a thabhairt isteach leis an tionscadal throm a chur ar bun agus leis an réimeas nua a dhaingniú. Cuid mhór de na himircigh sin, ní raibh mórán spéise acu i gcultúr agus i dteanga na háite agus iad ar nós cuma leo faoi na hEastónaigh nó ag caitheamh anuas orthu. Nuair a bhain an Eastóin neamhspleáchas amach aríst in 1991, d’fhill cuid den phobal Rúiseach ar a ndúchas. Bheartaigh formhór acu fanacht, áfach. Cé go bhfuil fadhbanna ann fós, tá Eastóinis bhreá ag cuid mhór den aos óg Rúiseach agus postanna sinsireacha ag muintir de shliocht na Rúise i ngach réimse, idir an pholaitíocht, an gnó, an spórt agus na healaíona. Tá brón orm go raibh drochthaithí agatsa, ach ní hionann sin a rá go mbeadh an pobal Rúiseach uilig san Eastóin ná an tromlach acu ar aon fhocal leat.
Gerry Sóna
B’as an Eastóin do m’athair, Agus bhí Eastóinis aige nuair a bhí air shocrú síos in Éirinn tar éis an dara cogadh domhanda. Thit an cuirtín iarann ar an tír agus cuid d’a chomraidí a chuaigh ar ais go dtí an Eastóin tar éis an cogadh, níor chualthas scéal ar bit uathú indiadh dul abhaile doibh. Chuaigh cuid mhaith mhaith acu go Ceanada ,áit a bhí postanna curtha ar fail doibh. Ach ní raibh cead ag m’athair agus an bhean a phos sé, mo mhathair, dul go Ceanada mar bhí an eitinn uirthí agus í ina paiste beag.Buíochas le Dia,, tá an cuirtín iarann ar shiúl le fada anois.
Agus Sin Sin
Bíonn dhá léamh ar scéal. 😅
Máire
An-spéisiúil. Ba bhreá liom alt cuimsitheach ó Indrek faoi na cúrsai seo a léamh freisin. Nach iontach an plé seo a fheiceáil sna meáin Ghaeilge?
Alex Homits
Tugaim faoi ndear nach gceistíonn Indrek mo phointe faoi leatrom reatha orthu siúd nach bhfuil Eastóinis acu maidir le pasanna srianta, cearta srianta seasamh i dtoghcháin agus mar sin.
Tugaim faoi ndear freisin cé go séanann sé go raibh cónaí san Eastóin mar atá inniu ag Rúisigh leis na céadta go n-admhaíonn sé go raibh 10% den daonra i 1940 ina Rúisigh. Chuaigh líon na Rúisigh in airde de réir mar a chruthaigh an tAPSS an tír a thionscalú. Ach ní thugann sé sin aon cheart leatrom a imirt.
Má tá brí ar bith leis an bhfocal ‘daonlathas’ ba choir go mbeadh cainteoirí teangacha éagsúla in ann maireachtáil go síochánta le chéile gan leatrom.
Ní shéanann Indrek ach an oiread gur chuir an rialtas neamhspleách ceardchumannaigh i bpríosún, cainteoirí Eastóinise agus cainteoirí Ruísise le chéile, ná gur chomhoibrigh an rialtas sin leis an Uileloscadh a rinne na Naitsigh.
Mar fhocal scoir, agus mé i mo chainteoir Rúisise a bhfuil cónaí ar mo chuid gaolta san Eastóin i gcónaí, ceapaim go bhfuil níos mó eolas agamsa faoina ndearcadh siúd ar na cúrsaí seo ná mar atá ag Indrek.