20% de dhaltaí na Sraithe Sóisearaí nach ndearna scrúdú Gaeilge i mbliana

Don cheathrú bliain as a chéile rinne níos mó daltaí scrúdú i gceann d’ábhair roghnacha na Sraithe Sóisearaí ná mar a rinne scrúdú sa Ghaeilge, atá ina hábhar riachtanach

20% de dhaltaí na Sraithe Sóisearaí nach ndearna scrúdú Gaeilge i mbliana

Ní dhearna 20% de dhaltaí na Sraithe Sóisearaí aon scrúdú Gaeilge i mbliana. As an 73,336 dalta a thug faoi scrúduithe na Sraithe Sóisearaí an samhradh seo, ní dhearna breis agus 14,469 acu aon scrúdú Gaeilge.

Méadú a bhí ansin ar an 18% de dhaltaí nach ndearna aon scrúdú Gaeilge anuraidh.

80% de dhaltaí a rinne scrúdú Gaeilge, i gcomparáid le 99% a rinne scrúdú Béarla, 98% a rinne scrúdú matamaitice agus 97% a rinne scrúdú staire.

Don cheathrú bliain as a chéile rinne níos mó daltaí scrúdú i gceann d’ábhair roghnacha na Sraithe Sóisearaí – an Tíreolaíocht – ná mar a rinne scrúdú sa Ghaeilge, atá ina hábhar riachtanach.

60,492, 82% de dhaltaí, a rinne an scrúdú tíreolaíochta, i gcomparáid le 58,867 a rinne scrúdú Gaeilge.

57,748 dalta a rinne scrúdú i dteanga Eorpach eile – Fraincis, Gearmáinis, Spáinnis agus Iodáilis. D’fhág sin nach ndearna 21% de dhaltaí aon scrúdú sna teangacha sin i mbliana.

Deir an Roinn Oideachais go mbíonn cúiseanna éagsúla ag daltaí gan scrúduithe stáit a dhéanamh, ach meastar go mbíonn díolúine ag timpeall 60% de na daltaí nach ndéanann scrúdú Gaeilge.

Tá méadú mór tagtha ar líon na ndaltaí ar éirigh leo pas le gradam a bhaint amach i scrúdú Gaeilge T2 na Sraithe Sóisearaí i mbliana i gcomparáid le torthaí na mblianta 2024 agus 2023.

Rinne 32,293 dalta an scrúdú ardleibhéal i Gaeilge T2 don tSraith Shóisearach i mbliana. Astu sin, fuair 8.3% (3,095) duine ‘pas le gradam’, an grád is airde atá ar fáil. Ní bhfuair ach 3.4% de na daltaí a rinne an scrúdú anuraidh an grád sin agus b’ísle fós an céatadán an bhliain roimhe sin, 3.1%.

Fuair 26.2% de dhaltaí an ardleibhéil i nGaeilge T2 an grád ‘pas le hardtuillteanas’ i mbliana, ardú ar an 22.4% a fuair an grád sin anuraidh. Fuair 22% an grád céanna in 2023. Bhí titim ar líon na ndaltaí a fuair ‘pas le tuillteanas’ i mbliana, 38.7% anuas ó 46.9% in 2024 agus 45.8% in 2023.

Titim a bhí i gceist i gcás an ghrád ‘gnóthaithe’ freisin, 20.5% i mbliana anuas ó 21.5% anuraidh agus 23% in 2023. Ní raibh mórán idir an méid daltaí a fuair an grád ‘páirt-ghnóthaithe’ i mbliana le hais na mblianta eile – 5.6% i mbliana, 5.2% anuraidh, agus 5.6% in 2023. Is beag difear a bhí ann idir na trí bliana i gcás na scrúduithe nach ndearnadh aon ghrádú orthu, 0.6%, 0.4%, agus 0.6% faoi seach.

Rinne 2,581 dalta an scrúdú ‘Gaeilge T1’ ag an ardleibhéal i mbliana agus fuair 8.8% acu sin ‘pas le gradam’, méadú ar an 4.1% a fuair an grád céanna anuraidh. Bhí méadú ar an ngrád ‘pas le hardtuillteanas’ freisin, mar a bhí i gcás Gaeilge T2, agus titim i gcás na ngrádanna ‘pas le tuillteanas’ agus ‘gnóthaithe’. Fuair 29.3% ‘pas le tuillteanas’, fuair 19.4% ‘gnóthaithe’, agus fuair 8.2% ‘páirt-ghnóthaithe’, méadú ar an 6% a fuair an grád sin anuraidh.

Bhí titim ar an líon daltaí a rinne an scrúdú Gaeilge T1 ag an ngnáthleibhéal i mbliana, 95 anuas ó 119 anuraidh. Fuair céatadán níos ísle acu sin na hardghrádanna i mbliana i gcomparáid le daltaí an ardleibhéil, ach mar sin féin bhí méadú i gceist i gcomparáid le blianta eile. Fuair 6.3% de dhaltaí Gaeilge T1 ag an ngnáthleibhéal ‘pas le gradam’ i gcomparáid leis an 3.4% a fuair an grád sin anuraidh.

Fág freagra ar '20% de dhaltaí na Sraithe Sóisearaí nach ndearna scrúdú Gaeilge i mbliana'

  • SdeB

    Éacht eile do Roinn an Éadóchais i gcur chun cinn an aonteangachais sa Stáit.