Lucht na teanga ag súil le tacaíocht níos mó don Ghaeilge sa bhuiséad

Tá aire sinsearach, Dara Calleary, ag plé le cás na Gaeilge agus na Gaeltachta den chéad uair ó 2011

Lucht na teanga ag súil le tacaíocht níos mó don Ghaeilge sa bhuiséad

Tá lucht feachtais na teanga, polaiteoirí de chuid an fhreasúra agus eagraíochtaí éagsúla ag súil go mbeidh ardú suntasach i gciste na Gaeilge agus na Gaeltachta i mBuiséad 2026 a fhógrófar inniu.

In ainneoin buiséad níos déine agus níos gortaí ná mar a bhí againn le cúpla bliain a bheith á thuar, údar dóchais ag lucht teanga é go bhfuil aire sinsearach, Dara Calleary, ag plé le cás na teanga den chéad uair ó 2011 agus údar dóchais freisin é ag lucht stocaireachta go bhfuil iar-aire stáit Gaeltachta, Jack Chambers, ina aire caiteachais phoiblí.

D’fhoilsigh an páirtí is mó sa bhfreasúra, Sinn Féin, a bhuiséad malartach an tseachtain seo caite agus ardú mór molta sa gcaiteachas ar earnáil na teanga.

Tá Sinn Féin ag iarraidh go gcaithfí beagnach €74 milliún breise ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta i mBuiséad 2025.

€43 milliún breise don Ghaeilge agus don Ghaeltacht atá geallta ag Páirtí an Lucht Oibre agus €35 milliún atá ag na Daonlathaithe Sóisialta ina mbuiséad malartach.

Níl tagairt ar bith déanta don Ghaeilge ná don Ghaeltacht i mbuiséad malartach an Chomhaontais Ghlais.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, go bhfuil éileamh Chonradh na Gaeilge ar €55 milliún sa bhreis don Ghaeilge agus don Ghaeltacht bunaithe ar na héilimh atá leagtha amach i bplean infheistíochta na heagraíochta.

“Coicís ó shin, chuaigh 25,000 duine amach ar na sráideanna i mBaile Átha Cliath do mhórshiúl Cearta, ag éileamh maoiniú cothrom don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Tá sé in am don rialtas gníomhú anois,” a dúirt Julian De Spáinn.

Deir Bláthnaid Ní Ghréacháin, Príomhfheidhmeannach Gaeloideachas, go bhfuil “struchtúr maoinithe leordhóthanach” ag teastáil ó Roinn na Gaeilge chun go bhféadfadh Foras na Gaeilge “maoiniú ceart” a chur ar fáil d’earnáil an oideachais lán-Ghaeilge agus don eagraíocht Gaeloideachas.

“Ní mór a éileamh go mbeidh an maoiniú cuí ar fáil d’fheidhmiú an Pholasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge, a mbeidh mar bhunsprioc aige gníomhú ar an éileamh ollmhór ó thuismitheoirí ar oideachas lán-Ghaeilge ag an dá leibhéal,” a dúirt sí.

Deir Sinn Féin go gcuirfeadh siadsan beagnach €26 milliún ar fáil don ghaeloideachais chun cur le líon na bpáistí agus na ndaoine óga a fhaigheann oideachas trí mheán na Gaeilge.

Ardú €9 milliún a fógraíodh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i mbuiséad 2025 – €6 milliún do Roinn na Gaeltachta, ardú 6% ar a gciste go dtí €107 milliún. €3 mhilliún breise a cuireadh ar fáil do TG4.

Dúirt Sinn Féin agus Conradh na Gaeilge ag an am nach raibh an t-ardú €9 milliún a fógraíodh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht anuraidh fiú “cóngarach” don mhéid a bhí de dhíth.

Mhaígh Sinn Féin dá mbeidís sa rialtas, go gcuirfí €29 milliún breise i gciste Roinn na Gaeltachta. Rachadh €11.1 milliún de sin chuig Údarás na Gaeltachta chun tacú le cúrsaí tithíochta agus bheadh €18.6 milliún breise do na meáin Ghaeilge mar chuid de phlean Shinn Féin chomh maith.

Bheadh “ardú suntasach” ar an maoiniú do TG4 san áireamh freisin, chomh maith le hairgead chun stáisiún raidió lán-Ghaeilge do dhaoine óga a bhunú.

Tá TG4 ag iarraidh €10 milliún breise i mbuiséad 2026 agus fás an lucht féachana óig i measc na bpríomhspriocanna acu.

Chomh maith leis sin, tá sé mar sprioc ag an stáisiún seirbhís nuachta TG4 a scaradh ó RTÉ chun go mbeadh “ceannas neamhspleách eagarthóireachta” ag TG4 ar a sholáthar nuachta.

Fág freagra ar 'Lucht na teanga ag súil le tacaíocht níos mó don Ghaeilge sa bhuiséad'