Tá an ciste is mó riamh curtha ar leataobh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ag an Rialtas i mBuiséad 2025.
D’fhógair an tAire Caiteachais Phoiblí Jack Chambers sa Dáil ardú suntasach ar chiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na n-oileán i mBuiséad 2026.
€158.9 milliún a fógraíodh don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin in 2026, ardú €36 milliún.
€107 milliún a bhí i gciste na Gaeilge agus na Gaeltachta i mbliana agus €16 milliún an maoiniú a bhí ag na hoileáin.
Dúirt an tAire Jack Chambers gur chun leas na teanga agus na Gaeltachta a bheadh an maoiniú breise.
“Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaimis na réigiúin Ghaeltachta a fhorbairt agus a chosaint, lena chinntiú go mbeidh na moil teanga agus chultúir seo ábalta fás agus forbairt,” arsa Chambers.
D’fhógair an t-aire chomh maith ardú do TG4 ó chiste na Roinne Cumarsáide. Os cionn €65 milliún a bheidh ag TG4 an bhliain seo chugainn, ardú €5.376 milliún, nó beagnach 10%. Caithfear é seo, a dúradh, ar ábhar Gaeilge “ar ardchaighdeán”, ar chláir do pháistí agus ar “sheirbhísí nuachta níos leithne a chinntiú”.
Baineann cuid mhaith den mhaoiniú breise le cur chun cinn forbairtí infreastruchtúir atá geallta sa Phlean Forbartha Náisiúnta – forbairt ché Inis Oírr, an t-ionad nua Gaeilge agus cultúir atá beartaithe do cheannáras Chonradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair agus forbairt ionad oideachais agus óige ar shuíomh Choláiste Lurgan in Indreabhán i gConamara. Cuirfear na forbairtí seo i gcrích sna “blianta amach romhainn”.
Maoiniú breise, idir caiteachas caipitil agus reatha, €2.5 milliún a bheidh ann d’Údarás na Gaeltachta in 2026.
€2 milliún breise atá curtha ar leataobh don Fhoras Teanga – Foras na Gaeilge agus an Ghníomhaireacht Ultaise.
€6.5 milliún atá luaite le scéimeanna Roinn na Gaeltachta. San áireamh ansin tá €3 milliún breise do bheartais a bhaineann leis an bpleanáil teanga, €2 milliún breise do scéimeanna tacaíochta Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus €1.5 milliún breise do scéimeanna tacaíochta Gaeltachta.
€11.5 milliún san iomlán a bheidh ar fáil do sheirbhísí iompair agus eile na n-oileán in 2026.
Ní raibh an Ghaeltacht agus na hoileáin sa roinn chéanna anuraidh, ach tá ó aistríodh cúram na teanga go dtí an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta.
Dea-scéal a bheidh san ardú sa bhuiséad do lucht na Gaeilge a raibh dóchas acu gur i bhfeabhas a rachadh cúrsaí maoinithe ó tharla go bhfuil aire sinsearach, Dara Calleary, ag plé go sonrach leis an teanga den chéad uair ó 2011 agus go bhfuil iar-aire stáit Gaeltachta, Jack Chambers, sa roinn caiteachais phoiblí.
Údar díomá do lucht feachtais tithíochta a bheidh ann, áfach, nár fógraíodh aon bheartas ar leith chun dul i ngleic leis an ngéarchéim thithíochta sa Ghaeltacht.
Niall Ó Flaithbheartaigh
Bhéadh sé i bhfad Éireann níos fearr cuid des
airgead san a infheistiú i múineadh na Gaeilge do mhúinteoirí bunscoile, chun a gcaghdán cruinnnis agus líofachta a chinntiú .