Tá cinedhíothú ar intinn ag an Rúis agus níl aon cheilt acu air

Beidh le feiceáil an mbreathnóidh staraithe ar ionradh na Rúise go príomha mar chogadh cinedhíothach 

Tá cinedhíothú ar intinn ag an Rúis agus níl aon cheilt acu air

‘Maróimid an méid agaibh is gá dúinn.  Maróimid milliún, nó cúig mhilliún.  Is féidir linn sibh ar fad a dhíothú go dtí go dtuigeann sibh go bhfuil an diabhal istigh ionaibh agus go gcaithfear sibh a leigheas.’ 

Pavel Gubarev, ceannaire de chuid ‘Daonphoblacht Donetsk’ ar theilifís stáit na Rúise, Deireadh Fómhair 2022.

‘Táimid ag troid le smaoineamh agus caithfear gach éinne a bhfuil an smaoineamh seo acu a mharú……..’

Sliocht as óráid leis an ngallóglach Rúiseach Igor Mangushev, aistrithe go Béarla ag an iriseoir Danys Kazanski, Lúnasa 2022.

‘… is bagairt eiseach í an Úcráin do phobal, stair, teanga agus sibhialtacht na Rúise.  Theip ar ár seanaithreacha deireadh a chur leo faraor ach mura gcuireann muidne deireadh leo, beidh orainn bás a fháil… Mar sin cuirimis deireadh leis seo faoi dheireadh is faoi dheoidh.’

Dmitry Rogozin, Ard-Stiúrthóir Roskosmos, áisíneacht spáis stát na Rúise, iarLeas-Príomh-Aire na Rúise, ráiteas ar a chuntais Twitter agus Telegram, Meitheamh, 2022. (Tá an tvuít bainte anuas de bharr gur sháraigh sí rialacha Twitter.)

De réir oifig na Náisiún Aontaithe um Cosc ar Chinedhíothú is é an rud is deacra le cruthú i gcás an chinedhíothaithe ná go raibh rún ag an dream atá faoi amhras cinedhíothú a chur i gcrích.  ‘To constitute genocide, there must be a proven intent on the part of perpetrators to physically destroy a national, ethnical, racial or religious group,” a deir Oifig na Náisiún Aontaithe Um Cinedhíothú a Chosc agus um Fhreagracht Cosanta.  Nó sin mar a bhíonn an scéal de ghnáth.  Ní nós le lucht cinedhíothaithe a fhógairt roimh ré don domhan go léir gurb é sin atá ar intinn acu a dhéanamh.

Ceann de na tréithe sainiúla faoi ionradh na Rúise ar an Úcráin ná a neamhcheilte is atá a nádúr cinedhíothach.  Tá an teachtaireacht chinedhíothach seo á craobhscaoileadh do mhuintir na Rúise lá i ndiaidh lae ag daoine sa rialtas, sa chóras polaitiúil, sna fórsaí armtha agus sna meáin stáit.  Agus tá samplaí cosúil leis na cinn ag tús an ailt seo á n-aistriú agus á gcur ar fáil i mBéarla in áiteanna éagsúla dá leithéidí seo agus seo.

De réir an Choinbhinsiúin maidir le Cinedhíothú 1948 is é is brí le cinedhíothú ná aon cheann de na beartais seo a leanas a chuirtear i gcrích d’aon ghnó chun grúpa náisiúnta, eitneach, cine nó creidimh a scriosadh go hiomlán nó go pointe áirithe.

  1. Baill den ghrúpa a mharú
  2. Dochar tromchúiseach fisiciúil nó meabhrach a dhéanamh do bhaill den ghrúpa
  3. Dochar a dhéanamh do chúinsí maireachtála an ghrúpa ar mhaithe leis an ngrúpa a scriosadh go fisiciúil go hiomlán nó go pointe áirithe
  4. A bheith ag cur beartais i bhfeidhm chun cosc a chur ar shaolú páistí laistigh den ghrúpa
  5. Ag aistriú páistí gan comhthoil ón ngrúpa go grúpa eile

Tá sé soiléir go bhfuil critéir (1) i gceist san Úcráin.  Tá breis agus 6,000 bás sibhialtach deimhnithe ag na Náisiúin Aontaithe ach deir siad go bhfuil an fíor-líon básanna i bhfad níos airde ná sin.

Níl tuairim dá laghad ag na Náisiúin Aontaithe, mar shampla, cé mhéad sibhialtach a maraíodh i Mariuopol, ach deir siad nár tháinig ach 10% d’fhoirgnimh na cathrach slán ón scrios. Ní fios cé mhéad corpán atá fós sa smionagar.  I bhfíseán de reilig amháin ón gcathair feictear uaigheanna nua marcáilte le huimhreacha seachas ainmneacha agus tá os cionn 6,000 duine curtha sa reilig sin.  Creideann rialtas na hÚcráine gur maraíodh suas le 100,000 in Mariupol.  Tá sé dearbhaithe ag na Náisiún Aontaithe agus ag eagraíochtaí Cearta Daonna Idirnáisiúnta eile gur tharla sléachtanna i gcoinne sibhialtach i mBucha agus in áiteanna eile i gcríocha a bhí faoina smacht ag na Rúisigh ach a fuasclaíodh ina dhiaidh sin.

Tá sé soiléir freisin go bhfuil (2) ‘Dochar tromchúiseach fisiciúil nó meabhrach’ á dhéanamh do bhaill den ghrúpa i gcás na hÚcráine. Is ar éigean gur gá a rá go mbíonn a leithéid de thoradh ar an marú, an bascadh, an céasadh, an t-éigniú agus an díbirt fhorleathan atá deimhnithe ag eagraíochtaí cearta daonna idirnáisiúnta.

Is léir go bhfuil na hionsaithe ar infreastruchtúr fuinnimh agus uisce na hÚcráine (3) ag déanamh ‘dochar do chúinsí maireachtála an ghrúpa’ agus gurb é scrios fisiciúil an ghrúpa go pointe áirithe an toradh air na hionsaithe sin.

Fágann na hionsaithe go mbíonn sé deacair do dhaoine a saol a chaitheamh, slí bheatha a bhaint amach, páistí a thógáil agus chomh maith leis sin cuirtear iachall orthu teitheadh óna dtír féin.

Seans go mbeadh sé níos deacra a chruthú go bhfuil critéir (4) i gceist, is é sin beartais a bheith á gcur i bhfeidhm chun cosc a chur ar bhreith páistí laistigh den ghrúpa.  Ach déanann an staraí Timothy Snyder an argóint gur sin cuid den aidhm a bhíonn le húsáid fhorleathan an éignithe mar uirlis chogaidh – go dtuigtear go laghdaíonn sé an seans go mbeidh na híospartaigh ag iarraidh páistí a thabhairt ar an saol amach anseo.  Tá léirithe agam cheana go bhfuil patrún foréigin gnéis agus éignithe i gcoinne sibhialtach Úcránach dearbhaithe ag eagraíochtaí cearta daonna idirnáisiúnta.

Níl aon amhras áfach ach go bhfuil (5) i gceist san Úcráin. Tá páistí á n-aistriú gan comhthoil ón Úcráin agus ó Úcránaigh go dtí an Rúis agus Rúisigh.  Admhaíonn an Rúis go lán-oscailte go bhfuil seo á dhéanamh acu.  Maíonn an Úcráin go bhfuil 240,000 páiste Úcránach tugtha chuig an Rúis sa tslí seo.  Deir an Rúis go bhfuil 448,000 páiste tagtha chuig an Rúis.  Is cinnte gur le comhthoil na gcaomhnóirí a aistríodh roinnt de na páistí sin, ach tá neart fianaise bailithe ag eagraíochtaí cearta daonna idirnáisiúnta go bhfuil páistí á bhfuadach ón Úcráin ar scála mór, agus fiú go mbíonn páistí á scaradh óna dtuismitheoirí go fórsúil ag na Rúisigh i gcásanna áirithe.

Scaiptear na páistí go teaghlaigh i réigiúin ar fud na Rúise, iad scaipthe na céadta míle ón Úcráin agus óna chéile ar mhaithe lena gcomhshamhlú le sochaí na Rúise agus fáil réidh lena bhféiniúlacht Úcránach.  Arís tá an Rúis lán-oscailte faoi seo.

Dúirt Ombudsman Cearta Daonna na Rúise Maria Lvova-Belova gur chan na páistí amhrán náisiúnta na hÚcráine ar dtús, go raibh fuath acu don Uachtarán Vladimir Putin agus gur bhéic siad ‘Glóir don Úcráin’. Ach tar éis dóibh roinnt míonna a chaitheamh sa Rúis chonaic Maria Lvova-Belova “lena súile féin” go bhfuil “an comhshamhlú leis an bpobal Rúiseach ag tarlú”. Chuir Lvova-Belova i leith tuismitheoirí na bpáistí fuadaithe gur thréig siad a bpáistí.  ‘Agus anois, ar chúis éigin, tá siad ag iarraidh iad a fháil ar ais,’ a dúirt sí.

Nuair a chuimhnítear nach gá a chruthú go bhfuil gach ceann de na critéir seo á gcomhlíonadh lena léiriú go bhfuil cinedhíothú ag tarlú, ach gur leor aon cheann amháin acu a chruthú, is léir go bhfuil cás láidir le déanamh go bhfuil a rún oscailte á chur i bhfeidhm ag an Rúis agus cinedhíothú a dhéanamh acu san Úcráin.

Shamhlófá dá mbeadh dream éigin ag fógairt a rúin cinedhíothú a dhéanamh agus an rún sin á chur i bhfeidhm i gcogadh atá ag tarlú lenár linn féin gurbh é sin an príomhfhócas a bheadh i ngach díospóireacht faoin gcogadh áirithe sin. Nach é Uileloscadh na nGiúdach an ghné is mó a dhírítear air agus réimeas na Naitsíoch agus an Dara Cogadh Domhanda faoi chaibidil againn?  Ach dar ndóigh ní mar sin a bhí nuair a bhí na Naitsithe ag teacht i gcumhacht ná le linn an chogaidh féin. Is níos déanaí agus de réir a chéile a tosaíodh ag breathnú ar réimeas Hitler go príomha trí lionsa an uileloiscthe agus an chinedhíothaithe.

Beidh le feiceáil in imeacht aimsire an mbreathnóidh staraithe ar ionradh na Rúise, go príomha, mar chogadh cinedhíothach.

Ach ní bheimid ábalta a rá lenár bpáistí nár inis na Rúisigh dúinne cad é a bhí ar intinn acu.

Fág freagra ar 'Tá cinedhíothú ar intinn ag an Rúis agus níl aon cheilt acu air'

  • Síle

    Alt thar a bheith tábhachtach. Tuigim anois cén fáth go bhfuil na Rúisigh ag buamáil ospidéil máithreachais. Scéal an uafáis san Úcráin.