Dhéanfadh Heather Humphreys ‘teanga oifigiúil eile’ den Ultais ar mhaithe le hÉirinn Aontaithe

Dúirt Heather Humphreys le Tuairisc nár cheart stádas bunreachtúil a bhaint den Ghaeilge ar mhaithe le hathaontú na tíre ach go bhféadfaí an stádas céanna a thabhairt don Ultais  

Dhéanfadh Heather Humphreys ‘teanga oifigiúil eile’ den Ultais ar mhaithe le hÉirinn Aontaithe

Dhéanfadh Heather Humphreys teanga oifigiúil eile den Ultais ar mhaithe le hÉirinn Aontaithe. Dúirt iarrthóir Fhine Gael don uachtaránacht go bhféadfaí “socruithe Chomhaontú Aoine an Chéasta” a úsáid agus stádas oifigiúil a thabhairt don Ultais “in éineacht leis an nGaeilge agus an Béarla” le hÉirinn Aontaithe a bhaint amach.  

“Is í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil agus is teanga oifigiúil é an Béarla freisin. Creidim inár n-iarrachtaí chun Éire Aontaithe a bhaint amach go bhféadfaimis socruithe Chomhaontú Aoine an Chéasta a úsáid maidir le cúrsaí teanga.  

“In Éirinn Aontaithe sílim go bhféadfadh Albainis Uladh a bheith ina teanga oifigiúil eile in éineacht leis an nGaeilge agus an Béarla,” a dúirt Humphreys le Tuairisc.  

Bhí Humphreys ag freagairt sraith ceisteanna faoin nGaeilge a chuir Tuairisc chomh maith ar Catherine Connolly, iarrthóir neamhspleách, agus Jim Gavin, iarrthóir Fhianna Fáil sular éirigh sé as an rás.

Dúirt Humphreys gur mhaith léi, dá dtoghfaí ina huachtarán an mhí seo í, “iarracht náisiúnta” a stiúradh a spreagfadh muintir na hÉireann an Ghaeilge a d’fhoghlaim siad ar scoil “a athaimsiú” agus feabhas a chur uirthi.  

“Mar Aire bhí mé i gceannas ar chur i bhfeidhm na Straitéise Fiche Bliain don Ghaeilge. Tacaím le hacmhainniú na straitéise seo agus le hathbhreithniú a dhéanamh uirthi chun féachaint céard atá ag obair agus cá bhfuil gá dúinn tuilleadh a dhéanamh.  

“Mar Uachtarán, ba mhaith liom iarracht náisiúnta a stiúradh dúinn ar fad chun an Ghaeilge a d’fhoghlaimíomar ar scoil a athaimsiú, ár nGaeilge a fheabhsú, agus í a úsáid níos mó inár saol laethúil,” a dúirt sí.  

Dúirt sí le Tuairisc gur féidir léi an Ghaeilge a labhairt agus go mbíodh “an cúpla focal [aici] i gcónaí” ina cuid óráidí agus í ina hAire rialtais. Dúirt sí gur chabhraigh tréimhse a chaith sí sa Ghaeltacht lena “cara maith” Dinny McGinley – iar-aire stáit Gaeltachta – léi agus go raibh an teanga “ag teacht ar ais [aici]” agus í ansin.  

“D’fhoghlaim mé Gaeilge nuair a bhí mé ar scoil agus d’éirigh liom i mo chuid scrúduithe ach nuair a d’fhág mé an scoil agus nuair a chuaigh mé isteach sa mhargadh saothair ní raibh an deis agam an teanga a úsáid agus faraor mura n-úsáideann tú í cailleann tú í.  

“Is féidir liom Gaeilge a labhairt agus nuair a bhí mé i m’Aire, bhíodh cúpla focal agam i gcónaí i mo chuid óráidí. Nuair a bhí mé i m’Aire Cultúir, chaith mé am sa Ghaeltacht le mo chara maith Donncha Mac Fhionnlaoich agus bhí sí ag teacht ar ais chugam,” a dúirt Humphreys.  

Thug sí le fios do Tuairisc gur bhronn a hEaglais [Preispitéireach] ‘Bíobla álainn’ Gaeilge uirthi nuair a ceapadh ina hAire í agus gur bhreá léi “go mór” a bheith in ann an leabhar a léamh.  

Nuair a fiafraíodh di ar ghlac sí leis go raibh géarchéim teanga sa Ghaeltacht, níor thug an t-iarAire Gaeltachta freagra díreach ar an gceist ach dúirt go raibh an Ghaeltacht “faoi bhrú”.  

“Léiríonn torthaí an Daonáirimh go bhfuil líon na gcainteoirí Gaeilge i gceantair Ghaeltachta tar éis laghdú go leanúnach, ó 69% in 2011 go 66% in 2022. Tá imní orm faoi seo agus ceapaim go gcaithfimid gníomhú chun deireadh a chur leis an laghdú agus a chinntiú go leanfaidh an Ghaeilge ar aghaidh mar theanga bheo i bpobail Ghaeltachta.  

“Nuair a bhí mé i m’Aire, seoladh an chéad pholasaí riamh ar Oideachas sa Ghaeltacht a léiríonn gur féidir linn an taoide a iompú,” a dúirt sí.  

Agus í ag trácht a thuilleadh ar chúrsaí oideachais, dúirt Humphreys go dtacaíonn sí le “bunú agus fás Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí” agus go gcuireann an t-oideachas lán-Ghaeilge le “neart na teanga”.  

“Tacaím le bunú agus fás Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí. Cuirfidh méadú ar líon na ndaltaí a mhúintear trí Ghaeilge le neart na teanga agus cabhróidh sé linn líon iomlán na gcainteoirí a mhéadú. D’fhéadfadh sprioc mar atá acu sa Bhreatain Bheag do chéatadán na ndaltaí atá sa tumoideachas, a chuirfeadh san áireamh rogha na dtuismitheoirí agus na ndaltaí, cabhrú linn agus ba chóir é a scrúdú,” a dúirt sí.  

Tá tús áite ag an leagan Gaeilge de Bhunreacht na hÉireann sa chás go mbíonn neamhréir idir an leagan Gaeilge agus an leagan Béarla. Dúirt Humphreys go bhfaigheann an tUachtarán “tacaíocht ó oifigigh in Oifig an Uachtaráin” agus ón gComhairle Stáit maidir le “saincheisteanna bunreachtúla ar leith”. Dúirt sí go mbeadh “feidhm” ag an tacaíocht seo a bheadh ar fáil di mar uachtarán “i gcásanna ina bhfuil easnaimh idir leagan Gaeilge an Bhunreachta agus an leagan Béarla.  

Beidh triúr iarrthóirí ar an bpáipéar ballóide ar an 24 Deireadh Fómhair: Catherine Connolly, Heather Humphreys, agus Jim Gavin a d’fhógair an tseachtain seo nach mbeidh sé ag seasamh don uachtaránacht níos mó. D’fhreagair Connolly an tsraith ceisteanna faoi chúrsaí Gaeilge a chuir Tuairisc uirthi cheana féin. Níor fhreagair Gavin sular tharraing sé siar ón bhfeachtas.  

Fág freagra ar 'Dhéanfadh Heather Humphreys ‘teanga oifigiúil eile’ den Ultais ar mhaithe le hÉirinn Aontaithe'

  • Dónall Ó h

    Níl mé ag scríobh é seo ar mhaithe le beidh drochbhéasach, tuigim go bhfuil tábhacht ag baint leis an tUltais i measc pobail ar leith in Éirinn, agus go bhfuil stádas bainte amach aici faoin Acht um Teangacha agus Féiniúlacht i dTÉ, ach caithfear deireadh a chur leis an díospóireacht gur dhá thaobh den bhonn céanna iad an mionteanga agus an teanga mionlaithe sna 6 Chontae. Is é an rud is fiúntaí gur féidir a dhéanamh don Ultais, i mo thuairim féin cibé, ná caitheadh léi mar a gcaithfear leis an Béarla Hiberneach, agus ar sin, tá níos mó meas le léiriú ar theanga an lucht siúil mar aon leo.
    Mar fhocal scoir, tá meas tuillte ar gach teanga, ní ionann sin agus an tacaíocht céanna a chur ar fáil do gach teanga.

  • Beircheart

    Ba cheart go mbeadh aitheantas ag gach teanga, go háirithe, an Ultais. Is teanga í ‘gus ba cheart meas a bheith air