Tá meáin scríofa Ghaeilge nua á mbunú ach caithfear caighdeán ard a chinntiú

Tá sé níos deacra agus níos costasaí nuacht a sholáthar ná scríbhneoir éigin a fhostú chun altanna tuairimíochta a sholáthar

Tá meáin scríofa Ghaeilge nua á mbunú ach caithfear caighdeán ard a chinntiú

Tá a lán airgid bhreise ag teacht isteach sna meáin Ghaeilge mar gheall ar na dualgais atá leagtha ar eagraíochtaí stáit faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, a leasaíodh in 2021, 20% dá bhfógraíocht bhliantúil a dhéanamh i nGaeilge agus 5% dá mbuiséad bliantúil fógraíochta a chaitheamh ar fhógraíocht ar na meáin Ghaeilge.

Tá meáin scríofa bhreise á mbunú agus breis ábhar á soláthar sna meáin atá ann cheana féin. Ní hionann rogha níos mó agus caighdeán níos airde, áfach. Go deimhin d’fhéadfadh gur caighdeán níos ísle a bheadh mar thoradh ar iliomad meán ag iarraidh tarraingt ar an líon teoranta iriseoirí gairmiúla le taithí atá ar fáil chun obair go lánaimseartha nó go páirtaimseartha leis na meáin scríofa.

D’fhéadfadh go mbeadh an bhearna á líonadh le hamaitéaraigh agus le hábhar a bheadh ar chaighdeán níos ísle ó thaobh cruinnis agus bunphrionsabail na hiriseoireachta de.

Tá athbhreithniú ar siúl ag Coimisiún na Meán ar na meáin Ghaeilge faoi láthair agus é mar aidhm feabhas a chur ar cháilíocht agus éagsúlacht na meán Gaeilge trí chéile. Feictear dom go bhfuil deis ag an gCoimisiún agus ag Foras na Gaeilge an t-athbhreithniú sin a úsáid chun díriú ar chaighdeáin a ardú sna meáin scríofa Ghaeilge, go háirithe.

Tá iriseoirí agus daoine gairmiúla den scoth ag obair sna meáin scríofa Ghaeilge agus tá daoine eile b’fhéidir nach gcloíonn le bunchaighdeáin agus bunphrionsabail iriseoireachta áirithe. Fiú na heagarthóirí agus na hiriseoirí is cumasaí bíonn brú orthu uaireanta glacadh le hábhar nár chóir a chur  i gcló mar gheall ar fhadhbanna ar nós easpa iriseoirí agus scríbhneoirí, easpa acmhainní, brú chun spás a líonadh agus róualach oibre.

Níl an liosta fadhbanna seo ag tagairt d’aon mheán ar leith, agus ní bhaineann cuid acu le meáin scríofa áirithe, ach i measc na bhfadhbanna ó thaobh caighdeáin atá feicthe agam le tamall anuas bíonn rudaí á maíomh nó líomhaintí á ndéanamh in ailt gan aon fhianaise a bheith curtha ar fáil chun tacú leo agus ar léir i gcásanna áirithe nach bhfuil siad fíor, deacrachtaí ag ceartú an taifid nuair a chuirtear ábhar míchruinn i gcló, agus gan idirdhealú soiléir a bheith déanta idir tuairisceoireacht agus tuairimíocht.

Tá éacht á dhéanamh in áiteanna áirithe béim a leagan ar scéalta nuachta a bhriseadh seachas brath go hiomlán ar altanna tuairimíochta. Ach tá sé níos deacra agus níos costasaí nuacht a sholáthar ná scríbhneoir éigin a fhostú chun altanna tuairimíochta a sholáthar.

Agus níl aon spreagadh ann faoi láthair do scríbhneoirí agus iriseoirí altanna atá bunaithe ar thaighde cúramach a sholáthar, altanna a thógann dua agus am, mar go n-íoctar an táille céanna ar altanna tuairimíochta a bhíonn bunaithe uaireanta ar eolas míchruinn agus ar féidir iad a chur díot in 20 nóiméad.

Tá prionsabal ginearálta a nglactar leis maidir leis na meáin chraolta ar fud na hEorpa agus sé sin go gcinntíonn an margadh go pointe go mbíonn rogha seirbhísí ar fáil don phobal agus ansin go dtagann an stát isteach le maoiniú poiblí le féachaint chuige go gcuirtear seirbhísí ar fáil nach gcuireann an margadh ar fáil. Is féidir an maoiniú poiblí a thabhairt do chraoltóir ar leith nó is féidir é a dháileadh ar chraoltóirí éagsúla i gcomhair ábhar seirbhíse poiblí, nó meascán den dá chur chuige.

Go dtí seo bhí gá le maoiniú poiblí do mheáin chlóite na Gaeilge le féachaint chuige go mbeadh siad ann ar chor ar bith, agus níor díríodh an oiread sin ar chaighdeáin a ardú. Anois go bhfuil margadh fógraíochta Gaeilge ann agus an seans ann go dtiocfaidh meáin Ghaeilge chun cinn a bheidh ábalta maireachtáil go príomha nó go hiomlán ar an bhfógraíocht, tá deis ann féachaint ar conas maoiniú poiblí a úsáid chun ábhar seirbhíse poiblí níos fearr a sholáthar don phobal sna meáin scríofa Ghaeilge.

Arís d’fhéadfaí é seo a dhéanamh trí mhaoiniú a chur ar fáil d’ardán nó d’ardáin ar leith chun ábhar d’ardchaighdeán de chineál áirithe a chur ar fáil, nó d’fhéadfaí ligint do mheán ar bith cur isteach ar mhaoiniú chun cineálacha áirithe iriseoireachta a fhorbairt, nó meascán den dá chur chuige.

I gcás maoiniú poiblí teoranta bheadh claonadh agam fhéin an chéad chur chuige a roghnú chun leanúnachas agus cinnteacht fostaíochta a chruthú d’iriseoirí agus chun iad a mhealladh isteach san earnáil. Bheifí ag súil áfach go mbeidh Coimisiún na Meán ag moladh maoiniú poiblí níos mó do na meáin scríofa Ghaeilge, atá fágtha in áit na leathphingine i gcomparáid leis na meáin chraolta. (Dar ndóigh tá na meáin chraolta Ghaeilge fágtha in áit na leathphingine i gcomparáid leis na meáin chraolta Bhéarla, ach sin scéal eile).

Creidim fhéin gur chóir go mbeadh sé ar a laghad mar choinníoll d’aon mhaoiniú poiblí go mbeadh ardán cláraithe le Comhairle Preasa na hÉireann. Chiallódh sé sin go mbeadh dualgas ar an ardán cloí le cód cleachtais na Comhairle. Bheadh dualgas ann ráiteas nó tuairisc a bheadh míchruinn nó míthreorach a cheartú go pras agus ar shlí fheiceálach, idirdhealú soiléir a dhéanamh idir tuairisceoireacht agus tuairimíocht, agus bheadh córas neamhspleách gearáin ann a bhféadfadh an pobal leas a bhaint as i gcás míshásaimh.

Feidhmíonn na meáin chraolta Ghaeilge faoi chóras dá leithéid cheana féin. Ach tá deis ann dul níos faide ná sin agus féachaint ar bhealaí le maoiniú poiblí a úsáid chun spreagadh a thabhairt d’iriseoireacht scríofa i nGaeilge atá bunaithe ar thaighde agus ar fhiosrúchán ar bhealaí nach sáraíonn neamhspleáchas eagarthóireachta na meán.

Más féidir an deis seo a úsáid chun tógáil ar na cleachtais agus na traidisiúin is fearr in iriseoireacht scríofa na Gaeilge, seachas ar na cinn is measa, d’fhéadfadh ré órga nua a bheidh i ndán d’iriseoireacht scríofa na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Tá meáin scríofa Ghaeilge nua á mbunú ach caithfear caighdeán ard a chinntiú'

  • Colm

    Táim 99.9% cinnte go bhfuil aithne agam ar an bhfoilseachán a bhfuil Fachtna ag scríobh faoi. Sa bhfoilseachán seo ní féidir idirdhealú a dhéanamh idir a gcuid “nuacht” agus a dtuaraimíocht.

    Ar leathnach amháin le déanaí bhí “alt nuachta” ag cáineadh an Úcráin agus NATO, ag maíomh go bhfuil an Rúis na híospartaigh srl. Níl ainm an scríbhneoir le feiceál leis an alt seo, ach ar an gcéad leathanach eile tá píosa tuaraimíochta ó scríbhneoir a bhfuil aithne bainte amach aige mar chuid de lucht tacaíochta na Rúise. Meas tú ar scríobh sé an t-alt “nuachta” chomh maith….?

    Anois, nílim ag raibh go bhfuil cinsearacht nó aon rud den sort sin de dhíth againn; is tír shaor muid agus tá saoirse cainte ag gach saoránach agus foilseachán. Ach ar an lámh eile caithfidh siad a bheidh ionraic leis na léitheoirí agus gan “nuacht neamhchlaonta” a thabhairt ar thuairim an údar.

  • Eoin Ó Murchú

    Is trua nár luaigh Fahctna na foilseacháin nó na hiriseoirí nach sroicheann a chaighdeán ard. Ta ceist agam mar sin. An é nach é caighdeán an scríbhinn nó na hiriseoireachta atá ag cur as dó ach tuairmí nach n-aontaíonn sé fein leo? Rud amháin atá cinnte: ní leigheas ar bith ar scéal ar bith cinsireacht a dhéanamh ar thuairmí nach dtaitníonn leis an té a dhéanann an cinneadh faoi ‘caighdeán’ na hiriseoireachta.

  • sderóiste

    Tá súil agam nach bhfuil Fachtna ag moladh cinsireacht ar thuairimí nach dtaitníonn leis ar an mbréag-chúis nach bhfuil a ard-chaighdeán sroichte ag scribhneoiri. Bunphrionsabal na hiriseoireacht is ea an dá thaobh de gach scéal a chur in iúl don léitheoir.

  • Aonghus Mac an tSaoir

    Alt maith ó Fhachtna, mar is dual dó. Tá an ceart aige – bíonn an iomarca tuairimíochta gan bhunús ann sna meáin Ghaeilge, go háirithe ar chúrsaí idirnáisiúnta. Tugtar an iomarca airde ar choimhlint áirithe amháin sa Mheánoirthear (tuigimid go léir cén ceann) agus is beag a chloisimid faoin gcuid eile den domhan. Sílim gur léiriú é sin ar chlaontaí na n-eagarthóirí. Bheadh sin go breá dá mba iris nó nuachtán neamhspleách a bheadh i gceist. Ach is irisí/nuachtáin stát-mhaoinithe atá ann sa Ghaeilge, rud a fhágann gur cheart cothrom na Féinne a thabhairt don dá thaobh ar cheist at bith.

  • Ciarán Ô hAgáin

    Ar an 21 Nollaig 2024, mhaígh An Páipéar go raibh, san Úcráin, “taighde ar siúl … chun oibreán bitheolaíoch a chruthú dírithe ar dhíothú a dhéanamh ar dhaoine a bhfuil cód géiniteach Rúiseach”

  • Léitheoir

    “tá daoine eile b’fhéidir nach gcloíonn le bunchaighdeáin agus bunphrionsabail iriseoireachta áirithe.”

    “ach i measc na bhfadhbanna ó thaobh caighdeáin atá feicthe agam le tamall anuas bíonn rudaí á maíomh nó líomhaintí á ndéanamh in ailt gan aon fhianaise a bheith curtha ar fáil chun tacú leo”

    Lol

  • Seosamh Ó Beirgin

    Alt an-mhaith agus an-tráthúil ó Fachtna Ó Drisceoil faoi chúiseanna na heaspa proifisiúntachta atá le brath i gcuid de na meáin scríofa Ghaeilge le déanaí.

  • Fachtna Ó Drisceoil

    Gabh mo leithscéal. Ní raibh a fhios agam go raibh an oiread seo spéise léirithe san alt seo a foilsíodh aimsir na Nollag.
    Tá pointe maith ag Eoin Ó Murchú lena cheart a thabhairt dó gur trua nár thug mé samplaí. Seo an fáth atá leis sin. Tá ráite ag eagarthóir Tuairisc liom nach féidir liom colúnaithe eile le Tuairisc a cháineadh i mo chuid altanna. Mar sin shíl mé go mbeadh sé éagóireach a bheith ag tabhairt samplaí ó fhoilseacháín eile nuair nárbh fhéidir liom samplaí a thabhairt ó Thuairisc. Ach tá sin déanta agam in áiteanna eile.