Ná slogtar bolscaireacht na Rúise faoin gcogadh sa Donbas

Dar le muintir na hÚcráine is í an Úcráin a bhí faoi ionsaí ag an Rúis idir 2014-2021 agus is amhlaidh go raibh siad ag iarraidh cuid dá dtír féin a athghabháil

Ná slogtar bolscaireacht na Rúise faoin gcogadh sa Donbas

Cuireann sé ionadh orm an méid daoine i saol na Gaeilge a deir rudaí ar nós ‘bhí an Donbas faoi ionsaí ag an Úcráin idir 2014 agus 2021’, rud nach bhfuil i bhfad ó bholscaireacht na Rúise go raibh ‘cinedhíothú’ á dhéanamh ar an bpobal sa Donbas ag an Úcráin sna blianta sin.

Ní hé nach bhfuil sé fíor go raibh fórsaí na hÚcráine freagrach as marú sibhialtach sa Donbas sna blianta sin, mar a bhí na Rúisigh. Ach tuige nach ndeirtear go raibh cogadh ar siúl agus gur maraíodh daoine ar an dá thaobh?

Ní hé gur dhúisigh na hÚcránaigh maidin amháin agus gur chinn siad tosú ar ionsaithe a dhéanamh ar chuid shíochánta dá dtír féin. Dar le muintir na hÚcráine is í an Úcráin a bhí faoi ionsaí ag an Rúis sna blianta sin agus is amhlaidh go raibh siad ag iarraidh cuid dá dtír féin a athghabháil.

Tá an comhthéacs anseo an-tábhachtach chun an scéal a thuiscint ina iomláine. I dtús báire vótáil tromlach ollmhór de mhuintir an Donbas – 84% – ar son neamhspleáchas na hÚcráine ón Rúis i 1991. Idir 1991 agus 2014 ní raibh aon ghluaiseacht scarúnaíoch – síochánta nó foréigneach – gur fiú trácht uirthi sa Donbas. Cé go raibh a lán lochtanna ar dhaonlathas na hÚcráine, dhearbhaigh breathnóirí idirnáisiúnta ón OSCE gur comhaireadh na vótaí go féaráilte i ngach toghchán seachas nuair a d’éirigh leis an ‘Réabhlóid Oráiste’ stop a chur le hiarracht Viktor Yanukovych an toghchán uachtaránachta a ghoid in 2004.

Ina ainneoin sin níor tháinig leithéidí Pháirtí Náisiúnach na hAlban nó an Bloc Québécois chun cinn sa Donbas ag éileamh scaradh ón Úcráin. Nó más fearr leat níor tháinig páirtí ar nós an DUP, an UUP nó an TUV chun cinn a bhí i bhfabhar ‘aontú’ leis an Rúis. An t-aon pháirtí a bhí ag éileamh a leithéid agus a chuir iarrthóirí chun tosaigh san olltoghchán deireanach roimh thús na coimhlinte in 2014 – an Bloc Rúiseach – theip orthu suíochán ar bith a bhaint amach. Mar sin ní hé gur chuir an Úcráin bac ar mhórghluaiseacht dhaonlathach éigin ag éileamh go scarfaí an réigiún ón gcuid eile den tír. Agus ní raibh aon IRA nó ETA sa Donbas ach an oiread. Níor maraíodh oiread is duine amháin i gcogaíocht sa réigiún idir 1991 agus 2014.

Ansin go tobann in 2014 bhí airm sa cheantar le tancanna agus córais diúracáin a bhí ábalta eitleáin a leagan go talamh, mar a tharla le heitilt Aerlíne na Malaeisia MH17, agus a bhí ábalta gnáthchogadh a throid i gcoinne arm na hÚcráine agus seilbh iomlán a ghlacadh ar chuid mhór den réigiún – rud nár tháinig an tIRA i dTuaisceart na hÉireann nó ETA i dtír na mBascach i ngiorracht scread asail dó riamh. De réir an bhreithiúnais sa chás cúirte san Ísiltír faoi leagan eitilt MH17, is ón Rúis a tháinig an córas diúracáin a úsáideadh chun é a leagan agus tugadh ar ais chun na Rúise é tar éis na heachtra. Ba shaoránaigh de chuid na Rúise beirt den triúr a ciontaíodh. De réir an bhreithiúnais bhí na scarúnaithe in Donetsk ag glacadh treoracha ón Rúis. Na daoine a bhí i gceannas ar an ‘éirí amach’ seo ba mheascán iad de shaoránaigh Rúiseacha a thrasnaigh an teorainn ón Rúis fhéin agus gníomhaithe áitiúla a bhí chomh himeallach roimhe sin is atá an Páirtí Cumannach in Éirinn.

Sampla díobh sin is ea Pavel Yuryevich Gubarev, a d’fhógair é féin mar ‘gobharnóir’ réigiún Donetsk tar éis do ‘scarúnaithe’ foirgneamh an tionóil réigiúnaigh a ghabháil ar an 3 Márta 2014. Níos luaithe ina shaol bhí sé ina bhall den ghrúpa paraimíleata Nua-Naitsíoch, Aontacht Náisiúnta na Rúise. In 2014 bhí sé ina bhall de Pháirtí Forásach Sóisialach na hÚcráine, páirtí nach raibh ionadaí tofa de chineál ar bith aige áit ar bith sa Donbas. Ní raibh acu san Úcráin ar fad ach triúr ionadaithe tofa ar chomhairle áitiúil in Sevastapol sa Chrimé. Ní dheachaigh siad san iomaíocht fiú in olltoghchán 2014.

Dhearbhaigh an Chúirt san Ísiltír i gcás MH17 freisin go raibh fórsaí oifigiúla na Rúise ar an láthair sa Donbas ar feadh cuid den tréimhse sin ag tacú leis na ‘scarúnaithe’.

Chaithfeá a bheith an-soineanta nó chaithfeadh daille idé-eolaíoch a bheith ort a chreidiúint gur ón mbun aníos a d’eascair an t-éirí amach dea-armtha tobann seo sa Donbas in 2014. Tá seo fíor go háirithe nuair a chuirtear san áireamh cad eile a tharla san Úcráin níos luaithe an bhliain sin.

  1. Ghabh fórsaí na Rúise an Chrimé. 2. Chaill Putin an streachailt leis an Iarthar ar mhaithe le tionchar a bheith aige ar an Úcráin nuair a thit rialtas Yanukovitch de bharr na n-eachtraí a dtugann muintir na hÚcráine Réabhlóid na Dínite nó Éirí Amach an Euromaidan orthu ach go dtugann lucht tacaíochta na Rúise coup orthu.

Ní hionann aon chuid de seo agus a rá nár thaobhaigh sciar suntasach de dhaoine sa Donbas leis an Rúis i ndiaidh 2014. Tá sé deacair aon fhigiúr cruinn a chur air mar nach féidir brath ar thorthaí toghcháin a reáchtáiltear faoi réimeas na Rúise. De réir fhigiúirí na Náisiún Aontaithe, níl aon amhras áfach ach gur maraíodh breis agus 3,000 sibhialtach sa chogaíocht idir 2014 agus 2021. Ní deir na Náisiúin Aontaithe cé mhéad de na básanna a raibh gach taobh freagrach astu ach níl aon amhras ach gur mharaigh ionsaithe fhórsaí na hÚcráine céatadán mór de líon na marbh agus go gcothódh sin fuath don Úcráin i measc an phobail sin. Níl aon amhras faoi ach gur thuairiscigh Coimisiún um Chearta an Duine na Náisiún Aontaithe go raibh fórsaí na hÚcráine agus fórsaí na Rúise araon freagrach as sáruithe ar chearta daonna sna blianta sin. Dealraíonn sé ó thuairisciú na Náisiún Aontaithe go raibh feabhas ag teacht de réir a chéile ar chúrsaí cearta daonna sna ceantair a bhí faoi smacht na hÚcráine, agus go raibh an chuid is mó de na moltaí a bhí déanta ag na Náisiúin Aontaithe curtha i bhfeidhm, rud nár tharla sna ceantair a bhí faoi smacht na Rúise. Níor tharla tada sa Donbas sna blianta sin, áfach, atá inchurtha le barbarthacht fhórsaí na Rúise in Bucha agus i gceantair ghafa eile ó thús an mhór-ionraidh anuraidh, de réir thuairiscí na Náisiún Aontaithe agus eagraíochtaí cearta daonna neamhspleácha eile.

Mar sin nuair a deirtear go raibh muintir an Donbas ‘faoi ionsaí’ ag an Úcráin ar feadh ocht mbliana, ní cur síos neamhchlaonta é sin ar an gcoimhlint a bhí ar siúl sa tréimhse sin.

Is cur síos é atá ag teacht leis an leagan den scéal ar mian leis an Rúis go gcreidfí é, bíodh an leagan sin slogtha go comhfhiosach nó go neamh-chomhfhiosach ag daoine.

Fág freagra ar 'Ná slogtar bolscaireacht na Rúise faoin gcogadh sa Donbas'

  • Gabriel Rosenstock

    ‘Ná slogtar bolscaireacht na Rúise’ a deirtear san alt seo. Dea-chomhairle! Ach an ceart an bholscaireacht ón dtaobh eile a shlogadh? Ceist: an bhfuil bolscaireacht á cumadh ag an dá thaobh nó nach bhfuil? An bolscaireacht atá ar thaobh amháin againn agus fíricí ar an dtaobh eile?
    I gCaibidil 4 dá leabhar ‘Looking Back on the Spanish War, scríobh George Orwell: ‘Thugas faoi deara go luath i mo shaol nach mbíonn tuairisc chruinn ar imeacht ar bith sna nuachtáin, ach sa Spáinn, den chéad uair riamh, chonaic mé tuairiscí nuachtáin nach raibh baint dá laghad acu leis na fíricí . . . Léigh mé faoi chathanna móra nuair nach raibh troid ar bith ann agus tost iomlán nuair a maraíodh na céadta. . . Chonaic mé na bréaga sin á ndíol ag nuachtáin Londan
    . . .’
    Mheas Orwell go raibh an stair á scríobh beag beann ar na fíricí, díreach chun seasamh le páirtí amháin nó le páirtí eile. Sílim go raibh an ceart aige.
    https://www.bookdepository.com/Looking-Back-on-Spanish-War-George-Orwell/9786257120982?ref=grid-view&qid=1680248715965&sr=1-1

  • donncha ó hÉallaithe

    Alt spéisiúil.

  • Antóin

    Ná slogtar bolscaireacht na Rúise ach ná slogtar bolscaireacht na hÚcráine ná bolscaireacht ECAT ná bolscaireacht Mheiriceá ach an oiread.

  • Indrek Ois

    An-alt ar fad! Cinnte, d’fhéadfá a rá gur bolscaireacht aon fhocal a thagann amach ó bhéal duine. Ach le bhur dtoil, bíodh ciall oraibh, ní féidir ráitis cheannairí na hUcráine a chur i gcomparáid leis na deargbhréaga a bhíonn á gcraobhscaoileadh ag an Rúis … má bhí aon sampla ag Orwell agus a chuid saothair á scríobh aige, b’in Rúis é – an tír chéanna atá ag maíodh nach cogadh atá ar siúl san Ucráin faoi láthair, ach ‘obráid speisialta mhíleata’.