Aistriúchán beo sna cluasáin is deireanaí ó Apple, Coinnle á lasadh do Bhertie, Físeáin #GRWM

Gach seachtain cuireann scríbhneoirí éagsúla ar fáil scéalta beaga agus móra as Dialann Tuairisc…

Aistriúchán beo sna cluasáin is deireanaí ó Apple, Coinnle á lasadh do Bhertie, Físeáin #GRWM

Fág againn an Ghaeilge, a Apple

D’fhéadfadh go mbeadh athrú mór ar chúrsaí taistil má éiríonn go maith le cluasáin nua atá in ann aistriúchán beo a dhéanamh ar an gcaint atá le cloisteáil mórthimpeall orainn. Seans nach mbeadh aon ghá ag daoine le teangacha iasachta a fhoghlaim níos mó. Ní bheidh le déanamh ach cluasáin a shá isteach i do chluas agus avae leat.

Tá an leagan is deireanaí den AirPod de chuid Apple, in ann aistriúchán a dhéanamh idir cúig theanga faoi láthair. Ceanglaíonn an AirPod Pro 4, le haip ar an nguthán a éisteann leis an gcaint agus a aistríonn láithreach í. Cuireann sé an t-aistriúchán ar fáil i leagan fuaime agus tras-scríofa ar an bhfón.

Oibríonn an teicneolaíocht go maith is cosúil, ach amháin, de réir staidéar CNET, sciorrann corrfhocal eascainí isteach anois is arís. B’fhéidir nach botún é sin ar chor ar bith, ach go bhfuil an t-anam dúisithe san AI aistriúcháin, is go bhfuil sé bréan de bheith ag aistriú cacamas cainte. Cá bhfios?

Faoi láthair tá Béarla, Fraincis, Gearmáinis, Portaingéilis agus Spáinnis acu. Tá pleananna ann leis an Mandairín, an tSeapáinis, an Chóiréis agus an Iodáilis a chur ar fáil go luath.

Buíochas mór le Dia, ní léir go bhfuil aon chaint acu an Ghaeilge a chur leis an liosta fós. Nil mé ag rá go mbíonn Gaeilgeoirí ag cúlchaint ar dhaoine agus iad ag taisteal, ná ag eascainí is ag cur mallachtaí ar dhaoine. Ach dá mbeadh an fonn sin orthu agus údar maith acu leis, is deas a chuimhneamh gur dóigh nach dtuigfeadh éinne céard a bheadh tú a rá, fós!

Óra Bertie bocht

Cinneadh Jim Gavin éirí as rás an Árais an chaint uilig ar an raidió maidin Dé Luain agus muid sa gcarr ag déanamh ar pháirc ghnó Chnoc Mhaoil Drise le breathnú ar thíleanna.

Tá muid ag an bpointe sin de thogra feabhsúcháin an tseomra folctha sa teach ina bhfuil tíleanna, daingneáin agus feistis le socrú. Buíochas mór le Dia, is gearr anois go mbeidh muid ag ceann scríbe agus an obair déanta.

Má éiríonn linn tíleadóir a aimsiú.

“Is deacair duine maith a fháil,” a deir fear an tsiopa linn nuair a chuir muid ceist air, “ach tá cúpla uimhir agam, fir mhaithe.”

Tharraing sé amach leabhar mór is thosaigh sé ag cartadh tríd ag cuartú uimhreacha gutháin, is á scríobh ar phost-it beag buí.

“Chuala sibh faoi Jim Gavin, an fear bocht,” a deir sé is é, is é ag méarú tríd an leabhar.

Ní mórán trua a bhí le feiceáil sna meáin shóisialta do Ghavin an mhaidin sin. Bhí na méimeanna á scaipeadh cheana féin. Ceann acu ná ‘Gaviscon’ agus éadan Jim Gavin curtha ar bhuidéal den leacht maolaithe dó croí.

An mbíonn na rudaí seo réitithe ag daoine roimh ré agus iad ag faire ar dheis le hiad a roinnt, nó an é go raibh daoine ina suí deireanach amach sna oíche ag iarraidh cuimhneamh orthu?

“Ara bheadh trua agat dhó dháiríre,” arsa fear an tsiopa, a raibh an chuma air gur duine lách tuisceanach a bhí ann agus bhí súil agam go leanfadh na tréithe sin leis agus é ag déanamh amach costas na dtíleanna.

“Trua?” a bhéic fear eile anall ón deasc fáilte. “Trua, muis,” agus d’fhill ar a chuid oibre ar an ríomhaire.

“Ní bheadh a fhios agat, b’fhéidir go ndéanfadh Bertie fós é,” arsa an chéad fhear agus dóchas ina ghlór, “dhéanfadh sé an-uachtarán! Ní raibh sé féaráilte nár tugadh an deis dhó.”

“Óra Bertie bocht,” arsa fear na deisce go drámatúil is a lámha ag damhsa thart aige. “Lasfaidh muid coinneal do Bhertie!”

***

Bí ag Réiteach Liom…

Feicim go leor físeán le deireanas agus an haischlib #GRWM (Get Ready With Me?) orthu. Cén Ghaeilge a bheadh air. Bí ag Réiteach Liom? #RL? Seans go mbeadh an dara brí leis sin.

Pé scéal é séard atá iontu ná daoine ag réiteach ar maidin sula dtugann siad aghaidh ar an lá. An rud is mó a chuireann iontas orm ná go mbíonn sé d’am acu ar maidin le bheith ag pramsáil thart ag déanamh aclaíochta, ag réiteach bricfeasta, ag machnamh…

An ndéanann siad na rudaí seo dháiríre, nó an bréaga uilig é?

Ceann de na maidineacha sin a bhí againn an tseachtain seo a chuireann an chuid eile den lá ar leathmhaing. Níl mé ag rá nár imigh an t-aláram, chuile sheans gur imigh, ach gur mhúch mé é i ngan fhios dom féin. Tá na maidineacha ag éirí níos dorcha agus é níos deacra a dhéanamh amach cén t-am é.

Bím ag brath ar na gadhair le deireanas ar aon chaoi, aláraim bheaga chlúmhacha iad a thosaíonn ar gheonaíl ifreanda le héirí na gréine. Níor éirigh na gadhair féin an mhaidin seo.

Bíonn nósanna againn ar fad a thugann cúnamh dúinn aghaidh a thabhairt ar an lá. Ar dtús, breathnaímse ar an gclog, feicim an t-am agus ansin déanaim caoineadh beag os íseal.

Éirím ansin, agus is maith liom beagáinín ama a chaitheamh ag déanamh aiféala nach ndeachaigh mé a chodladh níos luaithe an oíche roimhe. Ansin, mionnaím go ngabhfaidh mé a chodladh luath anocht agus tugann sé sin an misneach agus dóchas dom.

Tús maith leath na hoibre, ar ndóigh, ach céard faoin drochthús? Mura bhfuil sé d’am agat ar maidin ach boslach uisce a chaitheamh ar d’éadan agus Weetabix a chaitheamh siar, an bhfuil sé chomh maith agat an fheamainn a fhágáil aige, is filleadh ar an leaba?

***

Fág freagra ar 'Aistriúchán beo sna cluasáin is deireanaí ó Apple, Coinnle á lasadh do Bhertie, Físeáin #GRWM'