‘Ní labhraím le mo ghaolta sa Rúis mar gheall ar an gcogadh’

Rúiseach eitneach as cathair Kharkiv san Úcráin í Galina Golodnikova. Labhair sí linn faoi conas mar a d’athraigh an cogadh a saol

‘Ní labhraím le mo ghaolta sa Rúis mar gheall ar an gcogadh’

‘Faraor tá mo ghaolta sa Rúis ag tacú le Putin agus nílim i dteagmháil leo a thuilleadh,’ a deir Galina Golodnikova, liom. Rúiseach eitneach 60 bliain d’aois ó chathair Kharkiv í Galina. Tá Kharkiv in iarthuaisceart na hÚcráine, 30 ciliméadar ó theorainn na Rúise agus rinne fórsaí na Rúise iarracht í a ghabháil ar an gcéad lá den ionradh. Theip ar an iarracht ach tá an chathair faoi ionsaí ó shin i leith.

Deir Galina go raibh sí ‘an-ghar’ do chol ceathrar áirithe léi sa Rúis agus go raibh an col ceathrar sin an-bhuartha fúithi agus a muintir nuair a bhíodar sáinnithe in Kharkiv ag tús an ionraidh ‘ach faoin am ar shroicheamar Éire thosaigh sí ag rá ‘OK tá áthas orm go bhfuil sibh sábháilte ach is léir gurbh iad na hÚcránaigh a thosaigh an cogadh agus go bhfuil na ‘Naitsithe’ agus na hÚcránaigh Náisiúnacha ag marú a ndaoine féin mar ní mharaíonn Rúisigh sibhialtaigh’.

Tosaíonn Galina ag gol agus í ag rá liom nach labhraíonn sí leis an gcol ceathrar a thuilleadh agus go ngoilleann an scéal go mór uirthi. Tá an scéal mar an gcéanna lena ngaolta ar fad sa Rúis. ‘Níl a fhios agam cén fáth ar tharla sé seo – ceapaim gurb í an teilifís (stáit) is cúis leis.’

Rugadh Galina sa Rúis agus ba Rúisigh iad a tuismitheoirí agus a seantuismitheoirí. Bhog tuismitheoirí Galina go Kharkiv nuair a bhí sí trí bliana d’aois. Ba í an Rúisis teanga na cathrach agus ba Rúisigh eitneacha nach mór leath an daonra. Maraíodh athair a máthar ag troid ar son an Aontais Shóivéadaigh sa Dara Cogadh Domhanda agus níor aimsíodh a chorp riamh.

Dochar déanta ag diúracáin de chuid na Rúise in Kharkiv. Pictiúr: Vadim Belikov

Anois tá a máthair sáinnithe i limistéar cogaidh arís mar nach raibh sí sásta a baile a fhágáil, ach an uair seo is óna muintir fhéin atá sí faoi ionsaí.

Nuair a thosaigh an t-ionradh ar an 24 Feabhra 2022 bhí iníon Galina, Marina, agus a garmhac sé bliana d’aois, Emil, ar cuairt chuici as Éirinn, áit a raibh post ag Marina le Google.

‘Caithim plugaí cluaise san oíche mar tá cait agam agus chuala mé an fón ag bualadh ag a ceathair ar maidin agus is é mo dheartháir a bhí ann agus cheap mé go raibh rud éigin cearr le mo mháthair ach dúirt sé: ‘Tá an cogadh tosaithe.’ Agus ansin chuala mé na buamaí.’

Ghléas an teaghlach go tapaidh agus chuadar amach ag iarraidh bia a fháil. Tagann na deora i súile Galina arís agus í ag déanamh cur síos ar na cuimhní sceonmhara. ‘Bhí buamáil gach áit agus bhí gach duine san ollmhargadh ag iarraidh bia a cheannach.’ A lán de chairde Galina léim siad isteach ina ngluaisteáin ina pitseámaí ag a ceathair ar maidin nuair a chuala siad na pléascáin agus thosaigh siad ag tiomáint ach d’éirigh na bóithre plódaithe leis an méid sin daoine ag iarraidh éalú.

Ní raibh aon charr ag Galina, áfach. Rinneadar iarracht éalú ar thraein ach bhí an stáisiún traenach ‘an-phlódaithe’ agus ní raibh sé sábháilte. ‘Bhí daoine ag siúl i mullach a chéile ag iarraidh éalú.’

‘Ní raibh aon slí amach againn – aon charr, nó aon chóras iompair agus ní raibh éinne againn go bhféadfadh muid cabhair a lorg orthu.’

Tá árasán Galina cúig chiliméadar ó chuarbhóthar mór ar nós an M50 i mBaile Átha Cliath agus bhí tuairiscí ó dhaoine cheana féin go raibh tancanna de chuid na Rúise ar an mbóthar sin. Deir Galina nach raibh fórsaí na hÚcráine le feiceáil sa chathair ach go bhfuair na fir ar fad gunnaí agus go ndeachaigh siad ar fad ag troid go deonach ‘chun a gcomharsanachtaí agus a dteaghlaigh a chosaint’.

Deir sí gur cheap na Rúisigh ‘go mbeadh áthas ar dhaoine in Kharkiv iad a fheiceáil agus nach mbeadh aon freasúra acu’. Tharla cathanna sráide gar do chomharsanacht Galina.

Diúracán de chuid na Rúise le feiceáil ó Kharkiv. Pictiur: Vadim Belikov

I ndeireadh na dála chabhraigh cairde a hiníne leo slí éalaithe amach as an gcathair a eagrú. D’íoc siad airgead mór chun go dtiocfadh duine i gcarr ó Chív chun iad a thiomáint amach as Kharkiv agus ansin amach as an tír. Tháinig sí go hÉirinn chun fanacht lena hiníon ansin. Is mian léi go gcuirfinn in iúl go bhfuil sí an-bhuíoch de mhuintir na hÉireann as ucht na cabhrach ar fad atá faighte aici anseo.

Ní raibh cead ag deartháir Galina an Úcráin a fhágáil agus dhiúltaigh a máthair atá sna hochtóidí fágáil. Ní dhearnadh coinscríobh ar a deartháir fós ach rinneadh coinscríobh ar chomharsa a bhí 53 bliain d’aois agus maraíodh sa chogadh é. Cara eile léi maraíodh a fear céile agus a hiarfhear céile sa chogadh. Tá Galina colscartha agus fuair a hiarfhear céile bás blianta ó shin.

Deir Galina go bhfuil ‘alltacht’ uirthi ‘faoin rud atá déanta ag mo mháthairthír den áit inar fhás mé aníos’.

Roimh thús an chogaidh ba chainteoirí Rúisise 30% de dhaonra na hÚcráine agus ba Rúisigh eitneacha tuairim is leath acu siúd. In Kharkiv áfach labhair nach mór gach éinne Rúisis agus ba Rúisigh eitneacha nach mór leath an daonra. Deir Galina nach labhraíonn a lán daoine Rúisis in Kharkiv anois ‘ar bhonn prionsabail’. Deir sí go dtuigeann sí dóibh ach go labhraíonn sí fhéin Rúisis i gcónaí ‘mar is as sin dom agus is as sin do mo theaghlach agus cé go labhraíonn Putin Rúisis ní dóigh liom gur chóir dom stopadh á labhairt mar níl an locht ar an teanga.’

Níor mhothaigh Galina féin ‘go ndearnadh aon leithcheal’ uirthi mar chainteoir Rúisise in Kharkiv, ach deir sí gur cinnte go raibh cainteoirí Rúisise míshásta le polasaithe teanga san Úcráin le blianta beaga anuas. Deir sí áfach nach raibh siad ag iarraidh ar éinne iad a ‘tharrtháil’:

‘Bheadh muid tar éis ár gcúrsaí fhéin a oibriú amach. Bhíomar ag déileáil leis.’

Deir sí gurbh iad ‘na daoine is mó a raibh luí acu le cultúr na Rúise agus leis an Rúis’ na daoine is mó s ndearnadh scrios orthu san ionradh agus mar sin is cinnte nach bhfuil ‘aon bhuíochas agamsa nó ag mo leithéidse do Putin’.

Tugaim a tagairt don Úcráin mar a tír féin faoi deara agus cuirim ceist uirthi faoi sin.

‘Is í an Rúis mo mháthairthír ach is í an Úcráin mo thír, mo bhaile…’ a freagra.

Dochar déanta ag diúracáin de chuid na Rúise in Kharkiv. Pictiúr: Vadim Belikov

Deir sí go bhfuil foirgnimh scriosta in Kharkiv ina comharsanacht féin agus go bhfuil a lán tionscal imithe ón gcathair go dtí iarthar na hÚcráine. Scriosadh ionaid soláthair cumhachta nach bhfuil deisithe fós agus sin dúshlán mór agus an geimhreadh ag teacht. Is grianghrafadóir a deartháir Vadym Bielikov agus glacann sé grianghrafanna den scrios agus d’ionsaithe diúracáin na Rúise ar an gcathair.

Deir Galina go bhfuil tacaíocht mhór don Uachtarán Zelensky i measc an phobail ach níl sí fhéin i measc lucht a mholta. Vótáil sí do Zelensky sa toghchán in 2019 ach tá aiféala uirthi faoi anois. ‘Tá an rialtas cam agus an t-aon chúis go bhfuil a chuid tacaíochta méadaithe go mór ná an cogadh ach níor chomhlíon sé aon gheallúint agus ní raibh sé ábalta stop a chur leis an gcogadh.’

Maidir leis an gCrimé ceapann Galina ‘go mb’fhéidir gur chóir don Úcráin an áit a thabhairt suas mar gur mian le formhór na ndaoine ann a bheith ‘sa Rúis’.

Síleann sí gur botún a bhí ann iarracht a dhéanamh an chuid den Donbas a bhí i seilbh na Rúise ó 2014 a athghabháil trí chogaíocht mar gur mhéadaigh sin an tacaíocht don Rúis agus an doicheall roimh an Úcráin sa réigiún. ‘Ní féidir leat iachall a chur ar dhuine grá a bheith acu do thír nó do chultúr trí buamáil a dhéanamh orthu.’

Ag an bpointe seo, cuireann an t-aistritheoir a ladar isteach sa scéal – níl Béarla ar a toil ag Galina. Deir an t-aistritheoir – nach mian léi a hainm a bheith luaite – go bhfuil gaolta aici fhéin sa Donbas atá míshásta leis an dá thaobh.

Marina agus Emil in Kharkiv roimh an gcogadh

Deir sí gur cheap a gaolta gur gníomh tapaidh a bheadh ann díreach leis an Donbas a ghabháil ach nár cheap siad go rachadh na Rúisigh isteach sa chuid eile den Úcráin agus go dtarraingeofaí isteach i mórchogadh iad.

Maidir leis na críocha gafa i Zaporizhzhia agus Kherson, deir Galina nach raibh aon cheist riamh ann ach gur ceantair a bhí ar son na hÚcráine iadsan.

‘Níor theastaigh uathu riamh filleadh ar an Rúis seachas b’fhéidir corrdhuine anseo is ansiúd.’ Maíonn an Rúis gur vótáil 87% de mhuintir Kherson gafa agus 93% de mhuintir Zaporizhzhia gafa ar son aontú leis an Rúis sna ‘reifrinn’ a d’eagraigh na fórsaí forghabhála i Meán Fómhair 2022.

Maidir le cad tá le tarlú anois, deir sí gur mhaith léi ‘go stopfadh an marú’ ach níl sí dóchasach. Síleann sí go mb’fhéidir go bhféadfadh stop a bheith curtha leis le cainteanna síochána sna chéad laethanta den chogadh ach go bhfuil sé ródhéanach anois mar go bhfuil an iomarca daoine maraithe. ‘Ní rachaidh sé riamh ar ais go dtí an tslí a raibh sé,’ a deir sí.

In ainneoin an cháineadh a rinne sí níos luaithe ar Zelensky nuair a fhiafraím di cé ar a bhfuil an milleán, tugann sí freagra soiléir.

‘Tá an milleán ar an ionsaitheoir. Mar in ainneoin pé fadhbanna a bhí againn ní raibh sé de cheart ag éinne teacht isteach agus a ladar a chur isteach sa scéal agus mar sin tá an milleán ar Putin.’

Fág freagra ar '‘Ní labhraím le mo ghaolta sa Rúis mar gheall ar an gcogadh’'

  • Eoghan Ó Néill

    Matalang atá sa chogadh ar phobail bhochta na hÚcráine agus ( ag leibhéal níos ísle) ar phobal na Rúise ach is breá an dóigh a bhfuil cúrsaí ó thaobh máistrí nato de

  • Máire

    Bean bhocht.