Tost iomlán an freagra rómhinic ar chaint chinedhíothach na Rúise

Déantar neamhaird de na scórtha nó na céadta ráiteas cinedhíothach faoi mhuintir na hÚcráine ó dhaoine i réimeas na Rúise

Tost iomlán an freagra rómhinic ar chaint chinedhíothach na Rúise

Dmitry Medvedev agus Vladimir Putin

Agus é ag labhairt ag féile óige i Sochi sa Rúis Dé Luain seo caite, chuir Cathaoirleach Chomhairle Slándála na Rúise, Dmitry Medvedev léarscáil i láthair ag léiriú a phlean don Úcráin. Léiríodh an chuid is mó de thailte na hÚcráine mar chuid den Rúis, bhí cuid eile roinnte suas idir an Pholainn, an Rómáin agus an Ungáir, agus bhí stát beag thart ar Chív leis an ainm ‘Ukraine’. (Sea, spéisiúil go leor bhí an léarscáil i mBéarla cé gur i Rúisis a labhair sé). Agus é ag tagairt do leabhar a scríobh iar-uachtarán na hÚcráine, Leonid Kuchma, dar teideal ‘Ní hí an Úcráin an Rúis’ dúirt sé go gcaithfí ‘deireadh go deo a chur leis an gcoincheap sin’ agus gur ‘cinnte gurb ionann an Úcráin an Rúis’.

Is iar-uachtarán agus iarphríomh-aire ar an Rúis agus comhghuaillí dlúth le Vladamir Putin é Medvedev. Ní haon rud nua an cineál seo cainte uaidh siúd ná ó dhaoine sinsearacha eile sa réimeas le blianta beaga anuas. Go bunúsach tá sé ag rá ar shlí lom an rud céanna a dúirt Putin ar shlí níos fadálaí ina aiste ‘Maidir le hAontacht Stairiúil na Rúise agus na hÚcráine’ díreach roimh thús an mhór-ionraidh – go bhfuil ceart stairiúil ag an Rúis an Úcráin a bheith aici.

Tá go leor den reitric níos antoiscí fós ag teacht ó dhaoine i réimeas na Rúise le blianta beaga anuas mar a scríobh mé anseo go minic cheana. San áireamh ansin tá go leor samplaí de reitric ina ndéantar dídhaonnú ar mhuintir na hÚcráine mar ainmhithe, mar neamhdhaoine nó daoine atá i ngreim ag an diabhal. Bíonn reitric chinedhíothach ann leis maidir leis na milliúin Úcránach a mharú nó a chur i ngéibheann nó a dhíbirt má dhiúltaíonn siad a thuiscint gur Rúisigh iad i ndáiríre.

Is díol spéise a laghad airde a thugtar ar an rud atá á rá ag an Rúis fhéin sa ‘díospóireacht’ anseo san iarthar faoi na fáthanna a bhfuil ionradh á dhéanamh ar an Úcráin agus faoi cad atá ar intinn ag an Rúis a dhéanamh leis an Úcráin agus le muintir na tíre sin.

Fiú daoine a mhaíonn nach bhfuil ‘dearcadh na Rúise’ á chur i láthair ag na meáin, ní léiríonn siad spéis ar bith i ndáiríre sa rud a bhíonn á rá ag an Rúis.

Tá sé tugtha faoi deara agam go mbíonn na usual suspects a bhíonn ag gearán sna tráchtanna faoi m’altanna ina dtost faoi altanna atá bunaithe go hiomlán ar an méid a bhíonn á rá ag an Rúis. Ní hé go ndeirtear ‘Sea tuigim go ndeir an réimeas Rúiseach na rudaí sin ach ní chreidim go bhfuil siad i ndáiríre fúthu agus seo na fáthanna….’.

Nó ní hé go ndeirtear, ‘Sea tuigim gur sin atá ar intinn ag an Rúis agus tá sé uafásach ach beidh uafás níos measa fós ann – cogadh núicléach – má dhéanann muid iarracht í a stopadh.’

Bíonn daille iomlán, bodhaire iomlán, tost iomlán.

Bhí uafás agus alltacht mar ba chóir faoi chúpla ráiteas cinedhíothach faoi na Palaistínigh a rinne daoine i rialtas Iosrael le déanaí ach déantar neamhaird de na scórtha nó na céadta ráiteas cinedhíothach faoi mhuintir na hÚcráine ó dhaoine i réimeas na Rúise.

Má tá an Rúis i ndáiríre faoin méid atá á rá aici agus má éiríonn léi é a chur i gcrích, beidh sé mar ar an ollchoir i gcoinne na daonnachta is réamhfhógartha i stair an dlí idirnáisiúnta. Ní bheidh éinne ábalta a rá nár mhínigh an Rúis dúinn roimh ré go díreach cad é a bhí leagtha amach aici do mhuintir na hÚcráine.

Deir na dlíodóirí linn gurbh é an rud is deacra a chruthú de ghnáth i gcás cinedhíothaithe go raibh an rún ann cinedhíothú a dhéanamh. Ach má bhíonn cás cinedhíothaithe ann go deo i dtaca le gníomhartha na Rúise san Úcráin beidh sé sin ar an gcuid is éasca de chás an ionchúisitheora.

Cén fáth nach bhfuil fonn ar an oiread sin daoine, a bhíonn lán le caint agus tuairimí de ghnáth, caint faoi seo?

Fág freagra ar 'Tost iomlán an freagra rómhinic ar chaint chinedhíothach na Rúise'

  • Noel

    Tá dearcadh difriúl ar an gcineál seo cainte agus iompair sa Rúis agus san oirthear. Níl sé chomh taboo is atá anseo. Cultúr difriúl. Is cuid den Rúis í an Úcráin go stairiúil. Níl ansin ach fíric. Chuir an tIarthar na hÚcráinigh ar mhíthreoir. Ní hé daonlathas liobrálach an Iarthair an fit ceart don Rúis nó don Úcráin nó d’fhormhór an domhain agus tá sé ag teip san iarthar freisin. Níl ann ach lucht pc agus ngos agus na meáin liobrálacha i gceannas seachas ceannaire atá ar son na gnáthdhaoine ar nós Putin nó Orban. Dhiúltaigh muintir na HÉireann don chlár oibre woke ag an deireadh seachtaine. Tá an taoide ag casadh.

  • Séamus

    An fíor go raibh Zelenski agus Putin ar tí teacht ar chomhréiteach faoi chúinsí síochána in Aibreán 2022 ach go ndeachaigh Boris Johnson sall go Kyiv agus gur ordaigh sé deireadh a chur leis na cainteanna? Gur theastaigh ón Iarthar an deis a thapú chun an Rúis a “dhíghrádú”? An marú fuilteach a choimeád ar siúl? Tost iomlán faoin gceist thábhachtach sin freisin!

  • Seathrún

    An ceart agat — Grma as seo

  • Déaglán

    Tá sé deacair easaontú leis an bpointe gur chóir aird a thabhairt ar na rudaí atá á rá ag an Rúis agus gur chóir don dream a deir go bhfuil an locht ar NATO nó gur chóir stopadh ag tacú leis an Úcráin aghaidh a thabhairt ar na himpleachtaí de seo dá n-argóintí. Ní sin le rá nach bhféadfaí go bhfuil baint ag NATO leis an scéal nó gurbh é leanúint ar aghaidh leis an gcogadh an rogha is fearr. Díreach gur chóir gach rud a chur san áireamh go hionraic agus gur cinnte gur cuid de sin is ea an méid a tharraingíonn an túdar aird ar san alt seo. Bíonn an-iomarca den phlé ró-shimplí – gur rud amháin nó rud eile a chaithfidh a bheith i gceist – Impiriúlachais Mheiriceá atá ann! Ní hea is impiriúlachas na Rúise atá ann! A leithéid sin….

  • Déaglán

    ps. Fiú nuair a bhíomar san mhéanscoil bhíomar ábalta aiste a scríbh faoi na CUISEANNA a bhí leis an gCéad Chogadh Domhanda nó an Dara Chogadh Domhanda. Is ábhar iontais dom mar a chailleann an oiread sin daoine an cumas sin raon éagsúla factóirí a phlé nuair a fhásann siad suas!