Is fearr a bheith gonta ach amháin má tá ‘saraí’ ort, achrann mór leis na gadhair bheaga, AI agus daoine óga

Cuireann scríbhneoirí éagsúla scéalta beaga agus móra as Dialann Tuairisc ar fáil gach seachtain

Is fearr a bheith gonta ach amháin má tá ‘saraí’ ort, achrann mór leis na gadhair bheaga, AI agus daoine óga

Níos fearr ná saraí?

Is fearr i gcónaí a bheith gonta i do chuid cainte agus do chuid scríbhneoireachta ach amháin is cosúil, nuair atá leithscéal á ghabháil agat.

Tá taighde luaite sa British Journal of Psychology a léiríonn gur fearr an glacadh a bhíonn ag daoine le leithscéal fada agus focail mhóra ghalánta ann ná leithscéal beag gonta.

Faoi mar a dúradh i dtuairisc amháin faoin scéal níl aon mhaitheas i gcur chuige Basil Fawlty: “Duck’s off, sorry!”

Seans go mbraitheann sé ar mhéid an pheaca. De réir an taighde, bíonn cuma níos macánta ar leithscéal nuair a bhíonn focail mhóra fhada in úsáid ann.

Rinneadh an taighde seo bunaithe ar an mBéarla ach an mbeadh an rud céanna fíor sa nGaeilge? An bhfuil an bá céanna ag na Gaeil le focail mhóra ghalánta?

An fearr an glacadh a bheadh le leithéidí, ‘Cuireann sé an-aiféala agus doilíos croí orm gur ghoill mé ort agus is é guí agus achainí mo chroí ná go maithfidh tú dom é is go nglacfaidh tú le mo leithscéal ó chroí óir tá brón an domhain orm agus is mian liom mo mhíle leithscéal a dhéanamh leat agus iarraim míle pardún…’?

Nó an leor ‘saraí, a dheirfiúirín’?

***

Tá mé iontach buartha agus ba mhaith liom leithscéal ó chroí a ghabháil leat.

Ciúin a bhí sé…róchiúin

B’fhéidir go raibh an saol faighte róchiúin, nó b’fhéidir gurb é go raibh fuílleach misnigh againn agus oíche mhaith chodlata faighte, ach nuair a fuair muid an dara gadhar níos túisce i mbliana, cheap muid gur rud maith a bheadh ann. Is dóigh gur shamhlaigh muid saol ar nós The Little House on the Prairie agus na gadhair ag léim go ríméadach tríd an bhféar fada is an ghrian a’ lonrú anuas orthu. Cheap muid go mbeadh na gadhair ina gcomhluadar ag a chéile is go mbeadh suaimhneas is só sa teach.

Nach muid a bhí soineanta!

Ara, réitíonn siad lena chéile anois is arís, ach den chuid is mó is in iomaíocht lena chéile a bhíonn siad. An fhorbairt is deireanaí atá againn ná go bhfuil toircheas bréige ar Lilí Banríon an Tí. Tá a leithéid ann.

Shíl mé gur seafóid a bhí ann nuair a chuala mé ar dtús faoi. Thosaigh sí ag bailiú stocaí beaga agus á gcur i bhfolach ina cliabhán agus go bhfóire Dia ar aon duine nó gadhar a théann róghar don chliabhán. Tá an gadhar eile, Brownie bocht ag croitheadh agus cuma PTSD uirthi, ó thosaigh Banríon an Tí ar an gcaitheamh aimsire is deireanaí seo aici.

Cén fhad a sheasfaidh sé? Is deacair a rá.

***

AI agus páistí? Níl cliú againn…

Ghlac os cionn 9,000 páiste páirt i suirbhé a chuir CyberSafeKids ar bun le deireanas dá dtuairisc bhliantúil ‘Trends and Usage Report’ agus dúirt 75% acu sin go bhfuil fáil neamhshrianta acu ar an idirlíon ina seomraí codlata.

Ceann de na hábhair chainte a bhí ag CyberSafeKids ina dtuairisc ná an intleacht shaorga. Ní leor a bheith ag brath ar thuismitheoirí le bainistiú a dhéanamh ar úsáid na ngasúr ar ghutháin agus uirlisí idirlín eile. Níl cliú againn. Níl éinne ann dháiríre a thuigeann cén tionchar a bheidh ag AI orainn ar fad nó ar an tsochaí, fiú na daoine a chruthaigh é.

Tá beirt déagóirí sa teach againne anois agus tá guthán póca an duine acu. Déanann muid iarracht, iarracht, ach níl baol ann go mbeidh mé in ann coinneáil suas leo is cuma cén scagaire teaghlaigh a chuirim ar na huirlisí. Cloisim fóin na ngasúr, ping, ping, ping, ar feadh an lae agus amach san oíche. Cé atá in ann déileáil leis an méid sin teachtaireachtaí ag cur isteach ort de shíor? Tá Discord ann, tá SnapChat, tá WhatsApp, tá TikTok, Roblox, YouTube, Google… agus iad ar fad ag úsáid gnéithe AI anois agus is ar éigean go dtuigeann muid céard é féin.

***

 Ag breathnú air…

An tsraith nua de Only Murders in the Building a thosaigh ar Disney+ arís le cúpla seachtain anuas. Spraoi agus greann le Martin Short, Steve Martin agus Selena Gomez. Eagrán nua gach Dé Máirt.

Fág freagra ar 'Is fearr a bheith gonta ach amháin má tá ‘saraí’ ort, achrann mór leis na gadhair bheaga, AI agus daoine óga'