Tá Hector ar ais, ach an ar mhaithe le seó cainte Béarla a chraoladh atá TG4 ann?

Shílfeá ag féachaint ar 'Hector Anseo' ar TG4 nach bhfuil aon scéal le hinsint ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, ach is cinnte go raibh scéal maith le hinsint ag muintir Bhóthar Seoighe ar BBC 2

Tá Hector ar ais, ach an ar mhaithe le seó cainte Béarla a chraoladh atá TG4 ann?

Tá cad é éileamh ar sheideanna ar na saolta seo. Cé a déarfadh bliain ó shin go mbeadh, laistigh de chúpla seachtain, príomhchlár cúrsaí reatha RTÉ mar aon le cláir nua cainte ó Marty Morrissey agus clár le Hector Ó hEochagáin ar TG4 á gcraoladh ó bhotháin i ngairdíní na láithreoirí?

Bhí an chéad ghála de Hector Anseo againn ar TG4 aréir. Sraith sé chlár, uair an chloig an ceann atá anseo ina gcuirfidh Hector Ó hEochagáin caint ar aíonna difriúla agus iad faoi dhianghlasáil.  Taibhsíodh dom go mb’fhéidir go bhfuil an clár seo ag teacht ábhairín déanach agus an glas á bhaint de réir a chéile den dianghlasáil a tháinig i bhfeidhm nach mór dhá mhí ó shin.

Ach ní hé seo ach é siúd.

Más aon chomhartha é an chéad ghála beidh an Béarla i lár an aonaigh sa chlár seo agus an Ghaeilge in áit na leathphingine. As an 14 duine ar chuir fear na Mí agallamh ar líne orthu ba i mBéarla a labhair siad ar fad seachas beirt. D’fhág sin gur seó cainte Béarla a bhí anseo a bheag nó a mhór. Ar TG4.

An é nach bhfuil aon scéal le hinsint ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta nó an é go bhfuilid ar fad curtha faoi agallamh ag Máirtín Tom Sheáinín nó Molscéal? An é nach bhfuil sagart, tábhairneoir nó gruagaire le Gaeilge sa tír?

Maidir leis an gclár féin, cé go bhfuilimid taithíoch ar chomhráite ar líne faoin dtráth seo, tá sé coimhthíoch go fóill. Dá bharr deineadh an cinneadh stuama agallaimh ghiorraisc go maith a reáchtáil, cé gur dóigh liom gur fearr a d’oirfeadh clár leathuair an chloig mar thosaigh rudaí ag imeacht chun leadráin tar éis scaithimh.

Lena cheart a thabhairt do Hector is láithreoir mealltach é agus d’éirigh leis a aíonna – idir dhaoine cáiliúla agus Tadhg an mhargaidh – a chur ar a gcompord, caint a bhaint astu agus clár éadromchroíoch a sholáthar.

Ach an ar mhaithe le seó cainte Béarla a chraoladh atá TG4 ann? Is cuma cén straitéis lucht féachana atá ag an stáisiún, ba dheacair cás a dhéanamh gurb ea.

Táim ag cáiseamh le fada nach bhfuil a leithéid ag TG4, ach má shíltear gur i mBéarla a chaithfear é a dhéanamh b’fhearr a bheith dá uireasa.

Is cinnte go raibh scéal le hinsint ag muintir Bhóthar Seoighe The Irish Houses – Scéal Phobal Bhóthar Seoighe ar BBC Two Dé Luain. Seo an dream misniúil físeach úd a bhunaigh pobal Gaeilge uirbeach i mBéal Feirste i 1969.

Dream gnímh seachas dream briathra. Ba i 1967 a ceannaíodh an talamh ar Bhóthar Seoighe agus é i gceist ag dhá theaghlach de mhuintir Mhic Sheáin agus a gcomhghuaillithe fiche teach do Ghaeilgeoirí mar aon le scoil a thógaint ar an láthair.

Bogadh isteach sna chéad tithe tráth ar séideadh faoin bhforéigean ó thuaidh, ach níor bhain sin barrthuisle as an turgnamh dána sochtheangeolaíoch seo.

Cuireadh scoil lán-Ghaeilge ar bun go neamhoifigiúil i 1971, an chéad cheann sna sé chontae. Labhair daoine ó na teaghlaigh éagsúla linn go hionraic agus go maoithneach i gcaitheamh an chláir.

Ba as na síolta a cuireadh i mBóthar Seoighe sna seascaidí a d’fhás foraois Ghaeilge Iarthar Bhéal Feirste.

Deir Séamus Mac Seáin linn go rabhadar ag iarraidh rud éigin a bhí cruthaitheach, praiticiúil agus dearfach a dhéanamh.

Dá mbeadh tuilleadh den mheon sin i saol na Gaeilge inniu bheadh an teanga i bhfad níos bisiúla.

Fág freagra ar 'Tá Hector ar ais, ach an ar mhaithe le seó cainte Béarla a chraoladh atá TG4 ann?'

  • Orlaith Ruiséal

    Ana phíosa a Bhreandáin – ard mheas againn ar mhuintir Mhic Sheáin agus an méid a bhaineadar amach. Bhí Daid ana mhór leo fadó. N’fhaca Hector ach cuireann an cur chuige san soir mé!

  • Bríd

    Truflais de chlár a bhí @Hector. TG4 imithe ar strae…..

  • Cluain Sceach

    Chuir an clár fearg orm. An chuige sin TG4 dáiríre?

  • Maire Ui Shithigh

    Ní fhaca mé clár Hector ach bhios tógtha ar fad leis an gclár ar Phobal Bhóthar Seoighe agus Muintir Mhic Sheáin. I ndáiríre sheachnaios clár Hector nuair a chuala go mbeadh Michael Healy Rae aige mar aoi. Is Teachtaí Dála é féin agus a dheartháir do phobail Ghaeltachta?

  • Cluain Sceach

    Béarla ar fad beagnach ag Hector arís aréir. An chuige seo TG4, dáiríre?