Tá droim na Sasanach le balla agus tá contúirt mhór ag baint leis sin…

Inniu, Lá’l Pádraig, beidh na Gaeil agus na mílte dá lucht leanta in Twickenham don chluiche ilchraoibhe i gcoinne na Sasanach

Tá droim na Sasanach le balla agus tá contúirt mhór ag baint leis sin…

Conor Murray, Johnny Sexton agus Rob Kearney. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Chinntigh bua na hÉireann ar Albain agus bua na bhFrancach ar Shasana an deireadh seachtaine seo caite gurb iad na Gaeil a bheas ag fáil greim ar chomórtas Sé Náisiún na bliana seo. Éacht ann féin é seo de bharr go bhfuil babhta iomlán fós le himirt sa gcomórtas.  Bhí cur chuige Joe Schmidt chomh snasta sin gur éirigh le foireann na hÉireann naoi bpointe dhéag den scór pointí a bhí ar fáil sa gceithre chluiche a aimsiú.

B’fhéidir go bhfuil comórtas na Sé Náisiún thart, ach ní chiallaíonn sin nach bhfuil dúshlán mór amháin eile fós le theacht agus duais mhór eile fós le buachan. Inniu, Lá’l Pádraig, beidh na Gaeil agus na mílte dá lucht leanta in Twickenham don chluiche i gcoinne na Sasanach i mBabhta 5 de Chomórtas na Sé Náisiún. ’Sea ní haon ghnáthchluiche idir na hÉireannaigh agus na Sasanaigh an cluiche seo.  Beidh gradam an ‘Grand Slam’, an ilchraobh, ag foireann Joe Schmidt má éiríonn leo an beart a dhéanamh. Is léir nach bhfuil tada éasca faoin sprioc sin a bhaint amach. Níor éirigh linn é a dhéanamh ach faoi dhó roimhe seo, sa mbliain 1948 agus sa mbliain 2009 nuair a bhí Brian O’Driscoll ina chaptaen ar an bhfoireann. Le cur leis na deacrachtaí atá ag baint leis an dúshlán seo, is fiú a mheabhrú go raibh na Sasanaigh sa mbád céanna anuraidh agus atá na hÉireannaigh i mbliana.

Bhí an comórtas Sé Náisiún sa mála acu agus ní raibh le déanamh acu ach na Gaeil a chloí i mBaile Átha Cliath agus bheadh an Grand Slam acu freisin. Mar atá fios ag an domhan mór, ní mar sin a thit cúrsaí amach!  Bhí an lá leis na Gaeil (13 – 9) agus d’fhág na Sasanaigh slán le Baile Átha Cliath d’uireasa  an Slam.

Tá deis anois ag na Sasanaigh an rud céanna a dhéanamh orainne an Satharn seo.

Ach an mbeidh siad in ann?  

Ba iad na Sasanaigh rogha na coitiantachta don chomórtas sular thosaigh sé.  Mar sin féin. tá dhá chluiche as cheithre cinn caillte acu agus bhí an t-ádh glan orthu an ceann is fearr a fháil ar an mBreatain Bheag, cluiche a imríodh i Londain. De bharr na ndrochthaispeántas sin tá na Sasanaigh agus Eddie Jones atá i gceannas orthu faoi bhrú damanta anois. Ní thabharfar aon chluas d’aon leithscéal maidir leis an drochimirt atá déanta acu sa gcomórtas go dtí seo. Tá géarghá anois le hathrú meoin agus le hathrú imeartha uathu agus má éiríonn le Jones é sin a dhéanamh is cinnte go bhfuil seans iontach acu deireadh a chur lenár gcuid brionglóidí.

Ní hamháin sin, is cinnte gur buntáiste é a bheith ag imirt sa mbaile. Ach má theipeann ar Jones sa tríú cluiche as a chéile, agus é á imirt in Twickenham  go háirithe, seas maith go mbeidh a rás féin rite freisin. Tá droim na Sasanach le balla anois agus tá contúirt ollmhór ag baint leis sin.

Maidir leis na hÉireannaigh, ní dóigh gur gá mórán spreagaidh a thabhairt dóibh. Níor bhlais ach beirt den fhoireann seo  de bhua Grand Slam roimhe seo, sin iad Rob Kearney agus Rory Best. Is cinnte go mbeidh siadsan, agus chuile imreoir eile atá ar an bpainéal agus lucht an rugbaí taobh amuigh de Shasana freisin, fíorthógtha le bua a fháil ar ais nó ar éigean. 

Seachas buntáiste an bhaile agus an géarghá atá ag na Sasanaigh le bua a fháil, níl cúis ar bith nach féidir leis na Gaeil an lá a thabhairt leo. Ach sin díreach mar a cheap na Sasanaigh sular náirigh muide iad anuraidh agus anois tá siadsan ar thóir díoltais orainne agus maithiúnas dá réir óna lucht leanta.

Bí ag súil le cluiche crua, fíochmhar agus fisiciúil inniu ba chóir go mbeadh an bua ag na Gaeil, an fhoireann is fearr sa gcomórtas i mbliana. Ach mar a chonaic muid anuraidh, ní mar sin a thiteann cúrsaí amach i gcónaí.

Fág freagra ar 'Tá droim na Sasanach le balla agus tá contúirt mhór ag baint leis sin…'