Tá difríocht idir fuathchaint agus tuairim éagsúil a bheith ag duine

Bealach amháin nó bealach eile, beidh ar na páirtithe filleadh ar an reachtaíocht faoin bhfuathchaint agus dlí níos fearr agus níos beaichte a thabhairt isteach

Tá difríocht idir fuathchaint agus tuairim éagsúil a bheith ag duine

eoinIs gné ghránna de ré an idirlín é go mbíonn an díospóireacht faoi smacht rómhinic ag na guthanna is glóraí agus is gránna. Ach an leigheas ceart ar an scéal an cosc ar fhuathchaint atá beartaithe – b’fhéidir – ag an rialtas?

Ní bheadh duine deas ar bith compordach le fuath a bheith á scaipeadh ar mhionlaigh, nó le foréigean a chur chun cinn in aghaidh daoine a bhfuil tuairimí éagsúla acu ón gcuid eile.

Ach sé an deacracht atá ann ná cén sainmhíniú atá le bheith, de réir dlí, ar fhuath.

Mar shampla, tá sé le tabhairt faoi deara ar na meáin shóisialta go bhfuil nós ag a lán díobh siúd atá ag seasamh le sa choimhlint i nGaza frithSheimíteachas a chur i leith éinne a sheasann leis na Palaistínigh.

Deirtear go minic gur fuath do Ghiúdaigh atá taobh thiar d’Iosrael a cháineadh.

Is féidir leis an móramh idirdhealú a dhéanamh idir Iosrael agus an pobal Giúdach ar fud an domhain, is bíonn a lán Giúdach le feiceáil ar na mórshiúlta ar son na Palaistíne i Meiriceá agus i Sasana.

Ní hin le rá ar ndóigh nach dtapaíonn fíorfhrith-Sheimítigh an deis lena ndearcadh gránna a chur chun cinn, ach ní frith-Sheimíteachas é Iosrael a cháineadh.

Mar an gcéanna i gcás na hÚcráine nó coimhlint ar bith eile.  Tá mise ar an mbeagán daoine in Éirinn a deir go bhfuil an ceart ag an Rúis.  An fuathchaint í sin nó tuairim duine de mhionlach?

I gcás na hinimirce, deirtear a lán rudaí gránna, scaiptear a lán bréaga gránna faoi imircigh, ach an bhféadfaí ceist na hinimirce a phlé ar chor ar bith faoin dlí atá beartaithe ag an rialtas?

Cás eile é scéal an trasghnéasachais.  Ní aontaíonn JK Rowling, údar na leabhair Harry Potter, leo siúd a deir gur chóir oideachas (nó oiliúint) faoin trasghnéasachas a sholáthar i scoileanna.  An fuathchaint í sin, nó an é go bhfuil tuairim éagsúil aici?

Tá a lán tuairimí ann nach dtaitníonn liomsa, ach an cóir an dlí a úsáid le stop a chur leis na tuairimí céanna?

Sea, tá éiginnteacht ag baint leis an dlí atá molta, agus, go dtí seo, ní cosúil go raibh an rialtas sásta éisteacht le daoine nach raibh cinnte, ná sainmhíniú tuisceanach a thabhairt ar an scéal.

Sin é an fáth, mar shampla, gur athraigh Sinn Féin a seasamh i dtaobh an dlí. Ní fheicim gur géilleadh do lucht an fhuatha atá ann, ach a míshástacht féin faoin éiginnteacht a bhaineann leis an dlí.

Ar ndóigh bhí éiginnteacht taobh thiar de theip na reifreann. Ní raibh a fhios ag éinne céard ba bhrí le cuid den fhoclaíocht, agus, ar deireadh thiar, ní raibh daoine sásta dul sa seans.

Mar an gcéanna, ceapaim, atá cás na reachtaíochta seo.  Tá an-chuid daoine i bhfabhar stop a chur le maslaí ciníocha nó eile, ach tá siad amhrasach an mbainfear leas as an reachtaíocht ar bhealach eile nach dtuigtear go fóill.

Nílim cinnte an féidir leigheas a fháil air seo.  Tá saoirse cainte tábhachtach, fiú más caint nach dtaitníonn linn í, agus má tá srian le cur uirthi caithfidh muid a bheith cinnte céard faoi a bhfuil muid ag caint agus go bhfuil míniú ceart ar an dlí.

Ar an taobh eile níl aon amhras go bhfuil fórsaí de chuid na heite deise i bhfad amach, daoine ciníocha is gránna eile, ag baint leas as an díospóireacht iomrallach seo lena ndearcadh a chur chun cinn.

Ní botún eisceachtúil é seo.  Bíonn an rialtas arís is arís eile ag freastal ar éilimh agus ábhair bhuartha a bhfuil bunús ceart leo, ach gan smaoineamh faoin chaoi cheart le rudaí a chur i bhfeidhm.

Ansin nuair a theipeann ar a gcuid iarrachtaí, cuirtear an milleán ar chúlaigeantacht na ndaoine nár aontaigh leo.

Tá an Taoiseach nua (nó an té atá beagnach ina thaoiseach nua), Simon Harris ag rá go poiblí go bhfuil sé ag seasamh leis an reachtaíocht seo, ach ní chreideann éinne go ndéanfar iarracht an reachtaíocht a chur tríd roimh an olltoghchán.

Aithníonn Sinn Féin an chontráilteacht agus an mhíshástacht atá forleathan i measc an phobail maidir leis seo, ach tá wokeism an-láidir sna páirtithe beaga eile ar an eite chlé, agus b’fhéidir go spreagfadh an scéal easaontas idir Sinn Féin agus páirtithe eile a d’fhéadfadh dul isteach i rialtas leo.

Bealach amháin nó bealach eile, beidh ar na páirtithe filleadh ar an ábhar seo agus reachtaíocht níos fearr agus níos beaichte a thabhairt isteach.

Fág freagra ar 'Tá difríocht idir fuathchaint agus tuairim éagsúil a bheith ag duine'

  • Concubhar

    Maíonn Eoin go bhfuil sé i measc mionlach daoine sa tír seo a chreideann go bhfuil an cheart ag an Rúis ionradh a dhéanamh ar a chomharsain níos lú. Impiriúlaí é, dealraíonn sé, in éide chumanach. Mór an náire a leithéid de chaint uaidh. Tá An Rúis tar éis sléacht a dhéanamh in ionradh cinedhíothach ar a comharsain. Marú is éagnú, buamáil is scrios. Tuigimíd anois fíor mheoin Eoin – díreach mar a rinne Orwell a thuar in Animal Farm.