Tá deireadh le hImpireacht na Breataine agus ní fearr ann í…

Ba cheart dúinne Éireannaigh é a bheith ina ábhar bróid againn i gcónaí gurbh iad Óglaigh na hÉireann a chuir an chéad bhearna in Impireacht na Breataine

Tá deireadh le hImpireacht na Breataine agus ní fearr ann í…

Ba mhór an t-ardú do mo sheanchroí Poblachtach a bheith ag breathnú an lá faoi dheireadh ar thuairisc teilifíse faoin bpáirt as bhí ag an bPrionsa Séarlas as an mBreatain sa gcomóradh a bhí ag muintir Bharbadós an lá ar scar siad scun scan le ceannas na Breataine ar a dtír.

Tá deireadh le hImpireacht na Breataine agus ní fearr ann í. Is cuimhin linn ar fad an léarscáil úd a raibh an réimse mór dearg uirthi ag léiriú na hImpireachta. D’imigh sin agus tháinig seo.

Ba cheart dúinne Éireannaigh é a bheith ina ábhar bróid againn i gcónaí gurbh iad Óglaigh na hÉireann a chuir an chéad bhearna in Impireacht na Breataine.

Oileán i Muir Chairb is ea Barbadós. 287,000 duine atá ina gcónaí sa tír.

Ghabh na Spáinnigh an t-oileán sa gcúigiú céad déag. Tháinig na Portaingéalaigh ina n-áit idir 1532 agus 1536 ach d’imigh siad aríst i 1620.

Shroich long as Sasana, an Olive Blossom, Barbadós sa mbliain 1625 agus ghlac na Sasanaigh seilbh ar an oileán in ainm an Rí Séamas 1.

Ar feadh beagnach dhá chéad bliain forbraíodh plandálacha siúcra agus tae ansin. Tugadh sclábhaithe isteach as an Afraic leis an obair mhaslach a dhéanamh orthu.

Labhair an Prionsa Séarlas go láidir in aghaidh na trádála a rinneadh ar na sclábhaithe. Ba cheart go labhródh agus go ngabhfadh sé a leithscéal go deimhin mar go raibh lucht ceannais na Breataine lánpháirteach i dtrádáil na sclábhaithe iad féin.

Chuir an Bhanríon Eilís teachtaireacht chuig lucht na Poblachta nua agus iad ag comóradh. Dúirt sí go raibh súil aici go bhfuil rath, séan agus sonas i ndán dóibh.

Dhearbhaigh sí freisin go raibh áit ina croí do Bharbadós mar náisiún ina bhfuil cultúr bríomhar, sárlúthchleasaithe agus radharcanna tíre ar mór an áilleacht  iad.

Rinne Príomh-Aire na Breataine, Boris Johnson, cinnte gur chuir sé féin cúpla focal molta go Barbadós.

Cairde dílse agus comhghuaillithe a thug seisean ar mhuintir na Poblachta nua.

Níl dream níos fearr ar domhan ná lucht ceannais na Breataine le focla milse mar seo a chur amach chuig náisiún a bhíonn ag scaradh leo.

Cuimhnigh ar an searmanas oifigiúil a bhí acu i Hong Cong nuair a bhí siad ag fágáil na háite sin.

Go deimhin agus go dearfa ba bhreá an rud a bheith in ann a dhéanamh amach cé na smaointe dháiríre a bhí ag rith trí chloigeann an Phrionsa Séarlas agus é ag breathnú ar Dame Sandra Mason ag dul faoi mhionn na huachtaránachta i bpríomhchathair Bharbadós, Bridgetown. Ise agus ní hí an Bhanríon Éilís a bheas i gceannas feasta.

Is é an trua nár labhair an Prionsa Séarlas faoin slua Éireannach a dhíbir údaráis na Breataine go Barbadós. Bhí lámh mhór ag Cromail sa dobheart gránna sin.  Bhí sagairt i measc na ndaoine a dhíbir sé.

Thógadh sé trí mhí ar bhád a dhul chomh fada le Barbadós. An chuid de na hÉireannaigh nár bhásaigh ar an turas siar bhí saol crua, cráite, céasta i ndán dóibh ar na plandálacha.

Tá dream i mBarbadós inniu a dtugtar na Redlegs orthu. Deirtear gurb iad sliocht na nGael iad a ndearnadh searbhóntaí díobh. Daoine iad atá beo bocht.

Bhí Micheál D. Ó hUiginn páirteach i gclár teilifíse uair amháin faoi na hÉireannaigh a díbríodh go Montsarat. B’fhéidir gur cheart dhó teachtaireacht comhghairdis a chur anois chuig ceannairí Phoblacht Bharbadós.

Fág freagra ar 'Tá deireadh le hImpireacht na Breataine agus ní fearr ann í…'

  • Seán Fennell

    Brostaigh oraibh agus fág na Sé Chontae fosta, beidh oileán s’againne féin faoi rath, shéan agus shonas!

  • micheál de Roiste

    Ní hionann imeacht na Breataine agus imeacht na hImpire. tá go leor de nósanna, béasa agus cultúr na hImpire beo beathach in éirinn fós ,an Béarla go háirid.