Ní bhíonn aird na meán cumarsáide chomh mór sin ar thoghcháin na hEorpa, i gcomparáid le toghcháin eile, de ghnáth. Tríd is tríd, ní vótálann ach leath de na saoránaigh sa toghchán sin – bhí na figiúirí mar sin in Éirinn in 2019 agus i bhfad níos lú fós i dtíortha ar leith i lár na hEorpa, 28% i bPoblacht na Seice agus 23%, fiú, sa tSlóvaic.
Ach tá cúiseanna ar leith gur fiú an vóta a chaitheamh i Meitheamh na bliana seo – ar a laghad do dhaoine ar mo nós féin a chreideann gur mór an tairbhe é an tAontas agus gur fearr an daonlathas liobrálach ná na córais níos údarásaí atá i réim anois in áiteanna mar an Ungáir nó an Tuirc.
Sa mhéid sin, b’fhaoiseamh mór é an t-olltoghchán sa Pholainn anuraidh nuair a fuair páirtithe liobrálacha an bua i ndiaidh tréimhse fhada aighnis idir an tír agus an tAontas mar gheall ar an gcóras dlíthiúil go háirithe. Ach ní mar sin a tharla sa tSlóvaic, áit ar cruthaíodh comhrialtas anuraidh as páirtithe pobalacha náisiúnacha a bhfuil go leor dá gceannairí báúil le mianta impiriúla na Rúise. I bPoblacht na Seice, tá an rialtas an-lag sna pobalbhreitheanna agus tá gach cosúlacht ann go mbeidh na pobalóirí ar ais le tuilleadh fórsa tar éis an toghcháin in 2025.
Agus fiú i seantíortha an AE, tá an eite i bhfad amach ar dheis ag bailiú nirt – bhuaigh Geert Wilders an t-olltoghchán san Ísiltír anuraidh, rud a bhain geit as go leor daoine, agus tá tacaíocht 22% ag an bpáirtí AfD sna pobalbhreitheanna sa Ghearmáin. Dúirt ceannaire an pháirtí phobalaigh seo go neamhbhalbh gur cheart don Ghearmáin an tAE a fhágáil mura ndéantar cumhachtaí an Choimisiúin a shrianadh.
Níos measa fós, ghlac baill thábhachtacha den AfD páirt i gcruinniú na n-antoisceach in Potsdam i mí na Samhna 2023, áit ar pléadh beart chun inimircigh agus fiú saoránaigh na Gearmáine “nach ngéilleann don chultúr ceannais” a bhogadh as an tír, rud a chuireann ré an Naitsíochais i gcuimhne. Is fíor gur eagraíodh léirsithe móra ar fud na tíre nuair a fuarthas amach faoin gcruinniú rúnda sin, ach tá an-imní ann go mbeidh cumhacht i bhfad níos mó ag an dream sin tar éis an chéad olltoghcháin eile.
Tá chuile chúis ann gur cheart don Eoraip a bheith aontaithe agus láidir na laethanta seo.
Tá an t-athrú aeráide ag bagairt orainn ar fad, mar a léirigh an adhaimsir ar fud an domhain anuraidh, agus bheadh na pobalóirí mar bhac mór ar pé réiteach is féidir a fháil ar an bhfadhb go fóill. Ach tá baol ann atá níos práinní fós. Níl ag éirí leis an Úcráin faoi láthair an t-ionróir a dhíbirt as an tír – agus go pointe, tá an locht ar an Iarthar nach bhfuil sé in ann an tacaíocht mhíleata atá ag teastáil a sholáthar tapa go leor. Thar aon rud eile, níl airgead ag rialtas na Stát Aontaithe chun cabhrú leis an Úcráin faoi láthair mar gheall ar choimhlint inmheánach pholaitiúil agus dá bharr sin, is géire fós a theastaíonn an tacaíocht ón Eoraip.
Don té a thugann aird ar ráitis cheannairí na Rúise, níl aon amhras faoi mhianta na tíre sin – is é sin, an impireacht a bhí acu le linn an chogaidh fhuair a athnuachan. Má éiríonn le Putin san Úcráin, tá cosúlacht láidir ann go rachaidh sé níos faide agus go n-ionsóidh sé na tíortha Baltacha a bhí mar chuid den Aontas Sóivéadach sa chéad seo caite – ar a laghad, sin a deir saineolaithe ar chúrsaí slándála agus míleata linn. Ní bheadh de mhisneach ag an Rúis cur isteach ar bhallstát NATO, a déarfá, ach an féidir a bheith cinnte faoi éifeacht NATO féin má ghnóthaíonn Donald Trump an toghchán uachtaránachta i Meiriceá i mí na Samhna? An mbeidh an Eoraip ábalta seasamh i gcoinne bhrú na Rúise ina haonar má thagann an crú ar an tairne i ndáiríre?
Tá an chuma ar an scéal, mar sin, go bhfuil tréimhse chinniúnach ag teannadh leis an Eoraip. Tá an Rúis ag déanamh a díchill aontacht an AE a bhriseadh agus is deis chomh maith le haon cheann eile dóibh toghcháin Eorpacha na bliana seo. Tharla sé go minic le déanaí gur thug siad tacaíocht airgid do pháirtithe pobalacha agus antoisceacha ar fud na hEorpa, an AfD ina measc, agus bíodh geall go mbeidh inneall na bolscaireachta Rúisí faoi lánseol chun cabhrú leis na fórsaí sin.
Sin ceann de na fáthanna go bhfuil tábhacht ar leith leis an toghchán atá ag teacht (agus toghcháin eile ina dhiaidh). Tá stoirmeacha sa chiall litriúil agus mheafarach araon ag bagairt orainn, ach is féidir leis an Eoraip, mar is eol dúinne í, maireachtáil tríd mura dtéann sí ar strae, agus má sheasaimid ar fad le chéile.
Fág freagra ar 'Tá cúiseanna ar leith gur fiú vóta a chaitheamh i Meitheamh na bliana seo'